1 Croinicí 18
18
Cogaí
1Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad. Ghabh sé Gat agus na bailte máguaird ó lámha na bhFilistíneach. 2Bhris sé freisin ar Mhóáb, agus thug Móáb géillsine do Dháiví agus dʼíoc cáin leis. 3Chloígh Dáiví Hadad Eizir rí Zóbá agus é ar an mbealach chun a chumhacht a leathnú thar abhainn an Eofrataes. 4Ghabh Dáiví míle carbad, seacht míle carbadóir, agus fiche míle troitheach uaidh. Ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh a choimeád sé.
5Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh. 6Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Arám na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus dʼíocadar cáin leis. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé. 7Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n‑iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim. 8Thug Dáiví dlús mór cré-umha ó Thibeat agus ó Chún, cathracha le Hadad Eizir; de sin a rinne Solamh an mhuir chré-umha, agus na colúin chré-umha, agus na soithí cré-umha.
9Nuair a chuala Tóú rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir rí Zóbá go léir, 10chuir sé a mhac Hadórám go Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air, mar gur mhinic é Hadad Eizir ag troid le Tóú. Chuir sé gréithe óir, airgid agus cré-umha de gach sórt chuige. 11Rinne Dáiví rí iadsan go léir a choisreacan don Tiarna mar aon leis an airgead agus leis an ór a rinne sé a thobhach ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige: Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic. 12Chloígh Aibísí mac Zarúá na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, ocht míle dhéag díobh. 13Chuir sé garastúin in Eadóm agus tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
14Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir. 15Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm, agus Iahóiseáfát mac Aichíliúd ina sheanchaí. 16Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Seavsea ina rúnaí. 17Bhí Banáiá mac Iachóiádá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví sa chéad áit lena thaobh.
Currently Selected:
1 Croinicí 18: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: