YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 46

46
Aisling ó Dhia ag Israel, agus imthigheann sé leis, é féin agus a theaglach, síos go tír na h-Éighphte.
1Agus d'imthigh Israel ar a aisdir, agus thug gach uile sheort leis, 's shrois sé tobar na mionna, agus mharbhuigh sé ammhidhe mar íodhbairt do Dhia a athar, Isaac annsin. 2Chuala sé Dia, in-aisling san oidhche, ag glaodhach air, a rádh: “A Iacoib, a Iacoib!” Agus d'fhreagair seisean: “Féach, tá mé annso.” 3Deir Dia leis: “Is mise Dia mhór uile-chumhachtach d'athar. Ná bíodh aon eagla ort, bí ar do thriall síos chun na h-Éighphte, óir dheanfaidh mé cine (náisiun) mhór diot ann. 4Rachad síos in-éineacht leat, agus bhearfad ar ais arís thú, agus leagfaidh Seosamh a lámha ar do shúilibh, freisin.”
5Agus d'eirigh Iacob ó thobar na mionna, (.i. Bersabí), agus d'árduigh a chuid mac é féin agus na páisdí, agus a gcuid ban ar na carbadaí a chuir Pharao leo leis an tsean duine a iomchur. 6Agus gach a raibh leis as crích Chanaáin. Agus tháinig sé fhéin 's a ghaoltaí uilig isteach san Éighphte. 7A chlann mhac, agus a gclann mhac-san, nínghneacha, agus a n-oighrí go léir thré chéile.
8Agus seo ainmneacha cloinne Israeil, a tháinig isteach san Éighphte, é féin agus a chlann. A chead mhac, Rúben.
9Mic Rúbein: .i. Hernoch agus Phallu, agus Hesrom, agus Charm.
10Mic Símeoin: .i. Jamuel agus Jamín, agus Ahoa, agus Jachin agus Sohar agus Sál—mac mná i gCanaán.
11Mic Levi: .i. Gerson, Caoth agus Merar.
12Mic Iuda: .i. Her agus Ónan agus Sela agus Phares agus Zara, agus d'éag Her agus Ónam i gcrích Chanaáin. Agus do rugadh mic do Phares .i. Hesrom agus Hamul.
13Mic Issachair: .i. Thola agus Phua agus Jób agus Semrón.
14Mic Zhabuloin: .i. Sared agus Elon agus Jahelel.
15Iad seo clann mhac Lia, a rug sí i Mesapotaámia i Syria, agus Dina, a h-inghean, triocha a trí duine san iomlán, i dir mic agus níngheacha.
16Mic Ghaid: .i. Sephíon agus Haggí, agus Suní agus Esebon, agus Herí agus Aródí agus Arélí.
17Mic Aseir: .i. Jamne agus Jesua agus Jessurí agus eria, agus Sara, a ndeirbhshiuir.
Mic Beria: éber agus Melchiel.
18Seo iad mic Zhelpha, a thug Labán d'á h-ínghin Lia. Agus rug sí iad so do Iacób—seisear duine déag.
19Mic Racheil, bean Iacoib: .i. Seosamh agus Benjamín.
20Agus rugadh mic doSeosamh i dtír na h-Éighphte, a rug Asenezh, nínghean Phutiphare, sagart Helíopolis, dó: .i. Manásses agus Éphraim.
21Mic BHenjamín: Bela, Bechor, Asbel, Gera, Naaman, Echí, Ross, Móphim, Óphim, agus Ared.
22Iad seo mic Rachel, a rug sí do Iacob: ceathrar duine déag san iomlán.
23Mic Dhomhnaill (Dan): Husim.
24Mic Nephtalí: Jaziel, Guni, Jesar agus Sallen.
25Is iad seo mic BHala, a thug Labán do Rachel, a rug sí do Iacob: seachtar ar fad.
26B'é líon a n tsluaigh a chhuaidh isteach le Iacob i dtír na h-Éighphte, a tháinig as a fhordhronn (a bhleana) féin, agus gan mná a chuid mac d'áireamh—seisear duine agus trí seór. 27Agus mic Seosamh, a rugadh dó i dtír na h-Éighphte—, beirt. B'é iomlán d'á ndeachaidh isteach san Éighphte de theaglach Iacoib, deicheanbhar 's trí scór duine.
28Agus chuir sé Iuda roimhe leis chuig Seosamh sin a chur i n-iul dó; agus go gcasfaidhe air i nGessen. 29Agus nuair tháinig sé chun na h-áite sin [d ] ghleas Seosamh a charbad, agus chuaidh i n-air[ch] a athar san áit chéadna (sin). Agus nuair chonnaic sé (a é athair) rug sé barróg ar mhuinéal air, d'fhaisc le n-a chroidhe é, agus rinne gol athais. 30Agus ars an t-athair le Seosamh: “Anois, tá mé sásta an bás fhagháil go h-athasach, chionn 's go bhfaca mé thú, 's go bhfuil tú beo.”
31Agus arsa Seosamh le n-a dh'reathracha, agus le gach á raibh ann de theaglach a athar: “Imtheóchad suas agus inneósad do Pharao, agus deirfead leis, ‘Tá mo dh'reathracha, agus teaghlach mo athar, a bhí i grích Chanaáin, tar éis teacht chugam. 32Agus is aodhuirí na fir, agus 'sé an chéird atá aca,—eallaigh do bhiadhtú: thugadar leo (annso) a gcuid tréad uilig, agus gach a rabh aca.’ 33Agus nuair ghlaodhann se oraibh, agus ceistigheann sibh: ‘Caidé an chéird atá agaibh?’ 34Tabhairigidh an freagra: ‘Is aodhairí shinne, do sheirbhísigh, ó tháinig ann dúinn, go dtí an lá indiu, dhálta ár n-atharacha féin,’ agus sin an rud a deirfeas sibh, ionnus go leigfear díbh cómhnuidhe i dtír Ghessin, óir is fuath leis na h-Éighphtínigh gach aon aodhaire.”

Currently Selected:

Geinis 46: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in