Geinis 43
43
Tugann mic Iacoib Benjamín leo go tír na h-Éighphte. Fleadh Sheosaimh.
1Fa'n am seo bhí an gorta go cruaidh géar ar fud na tíre uile. 2Agus tráth bhí an t-arbhar go léir ídighthe, a thug siad leo as an Éighphte, arsa Iacob le n-a chlann-mhac: “Gabhaigidh ann arís agus ceannuigidh beagán éigin bídh dúinn.” 3D'fhreagair Iuda: “Do ghlac an fear (úd) mionn agus móid, a rádh, ‘Ní fheicfidh sibh m'aghaidh-se mura dtugann sibh an d'reathair is óige libh.’ 4Mar sin de, má leigeann tú dó teacht linn, rachamuid ann in-éinfeacht, agus ceannóchamuid na riachtanasaí duit. 5Acht mura leigeann, a dtéighimid ann, óir dubhairt an fear (sin), fé mar chuir muid in-iul cheana, ‘Ní fheicfidh sibh m'aghaidh-se gan bhur nd'reathair óg.’” 6Arsa Israel leo: “Rinne sibh é seo chun mé a chrádhú, nuair d'innis sibh dó go raibh d'reathair eile agaibh.” 7Acht d'fhreagair siad-san: “Cheistnigh an fear go macánta shinn i dtaobh ár ngaoltaí, ‘An raibh ár n-athair beo, an rabh d'reathair (eile) againn?’ agus d'fhreagair sinne go fíor a chuid cheistiucháin. Cé chaoi bheadh 'fhios againn go n-abróchadh seisean. ‘Tabhairigidh chugam annseo bhur nd'reathair?’”
8Agus arsa Iuda le n-a athair: “Leig an buachaill liom-sa, no go n-imthighmd, agus go nach bhfuighmid bás: ar eagla go gcaillfear shinn féin, agus ár gclanna chomh maith. 9Glacfaidh mise cúram an bhuachalla orm féin, mise a bhéas freagartha duit: mura dtugaim ar ais arís é, agus é a thabhairt duit, orm-sa an peaca go bráth i d'aghaidh. 10Acht a b'é an mholl, thiocfadh linn bheith ar ais annseo an dara h-uair.”
11Annsin do labhair Israel leo: “Má's éigin é, bíodh agaibh: Tabhairigidh libh roinnt de na tórthaí is fearr atá san chrích, in bhur gcuid sóitheach, aus beirigidh libh pronntanasaí chuig an fhear, beagán de'n bhalsam, agus de'n mhil, agus de'n stórax, myhrr, turpentín agus de na cnó-annai (almondaí). 12Agus tabhairigidh libh a dhá oiread airgid, agus beirigidh ar ais (chuige) an t-airgead fuair sibh ins na sacaibh, ar eagla gur tré dhearmad rinneadh é. 13Agus tabhairighidh libh, fosta, bhur nd'reathair, 's bígidh ar mbur dtriall go dtí an fear. 14Agus go dtugaidh an Dia uile-chumhachta agam-sa, é bheith faobhrach díbh, agus go leigidh sé ar ais libh bhur ndreathair atá faoi ghlas aige, agus Benjamín annseo. Agus maidir liom fhéin, beidh mé tréigthe gan chloinn páisdí.”
15Agus thug na fir leo—pronntasaí, agus a dhá oiread airgid, agus Benjamín. Agus siud ar shiubhal iad síos go dtí an Éighphte, nó gur sheasadar i láthair Sheosaimh. 16Agus nuair chonnaic Seosamh iad, agus go raibh Benjamín leobhtha, thug sé órdú do mhaor a thoigh, a rádh: “Tabhair isteach na fir, agus marbhuigh (ainmhidhe) agus ullmhuigh fleadh, óir iosaidh siad i gcuideachta liom um neoin.” 17Rinne sé (an maor) mar h-órduigheadh dó, agus thug na fir isteach ins an toigh. 18Bhí eagla mhór ortha-san, agus arsa duine aca la duine eile: “Is mar gheall ar an airgead a d'iomchuir muid ar ais ins na sacaibh, an chead thuras, gur tugadh isteach sh[] (annseo) anois, ionnus go gcuirfidh sé coir bréagach 'n-ár leith, agus sclábhaidhthe (daoir) a dheanamh dínn-ne agus d'ár n-asail, le láimh láidir.”
19Leis am smaoiteadh sin aca, chuaidh siad suas chuig maor an tighe a bhí ag an doras. 20Agus ars iad: “A dhuine uasail, badh mhaith linn go n-éisteóchthá linn. Tháinigeamar anuas annseo cheana le biadh a cheannach. 21Agus nuair bhí sé ceannuighthe againn, agus sinn tagtha fhad leis an óst, d'fhoscaileamar ár gcuid sac, agus fuaireamar ár gcuid airgid i mbéala na sac, agus tá sé sin againn annseo ar ais, an meádhchán céadna. 22Agus thugamar breis airgid linn chomh maith, le rudái atá a dhith orainn a che[arr]ach. Níl fhios againn cé chuir in ár málaí é.” 23Acht d'fhreagair seisean: “Síothcháin díbh! Ná bíodh aon eagla oraibh. Thug Dia 's agaibh-se, agus Dia mbur n-athar, saidhbhreas díbh in bhur gcuid sac. An t-airgead a thug sibh domh-sa tá sé agam go fóill.” Agus thug sé Símeon amach chuca.
24Agus nuair thug sé isteach san toigh iad, fuair sé uisce (dóibh), agus nigh siad a gcosa, agus thug sé deoch agus biadh do na h-asail. 25Acht réitigh siad na pronntasaí le iad a thabhairt do Sheosamh ag neoin, óir dubhradh leo go mbeadh biadh (arán) á chaitheamh aca annsin. 26Annsin tháinig Seosamh isteach in a thoigh, agus thairg siad a gcuid pronntasaí dó, a bhí in a lámha aca, agus shléacht siad go talamh (roimhe). 27Acht bheannuigh sé go cáirdeamhail dóibh arís, agus d'fhiafruigh díobhtha: “'Bhfuil an tsláinte go maith ag an tsean duine—bhur n-athair—, gur innis sibh domh cheana mar gheall air? An bhfuil se beo go fóill?” 28Agus d'fhreagair sias-san: “Tá do sheibhíseach, ár n-athair, go maith. Sé beo bríoghmhar.” Agus 'ghá gcromú féin síos d'úmhluigh siad dó.
29Agus ar árdú na súl do Sheosamh, chonnaic sé Benjamín, a dh'reathair leis an mháthair chéadna, agus ars eisean: “An é seo an d'reathair óg agaibh, ar a rabh sibh a' trácht liom?” Agus ars é: “Go ingnothuighidh Dia duit, a mhic.” 30Agus bhrostuigh sé leis, ópir bhog an croidhe ann d'á dh'reathair, agus bhris na deora amach air. Agus d'imthigh isteach n-a sheomra 's ghol sé. 31Agus nuair nigh sé a éadán, tháinig amach arís, 's a mhothú 'á smachtú aige, agus ars é: “Cuirtear biadh (arán) ar an tábla.” 32Agus nuair leagadh síos é (sin), do Sheosamh ar leith, agus d'a dh'reathracha ar leith, agus do na h-Éighphtínigh ar leitha bhí ag an bhfleidh—(óir níl sé ceaduighthe ag na h-Éighphtínigh bheith i gcuideachta na neabhrach le linn biadh do chaitheamh, agus is dia-mhaslú leo é).
33Shuidh siad os a chómhair, an chead-mhac d'réir a cheart-bhreithe, agus an té a b'óige d'réir a aoise, agus bhí iongantas mór ortha. 34Agus ghlac siad na míasaí bidh a thug sé dóibh, agus fuair Bejamín an mhias ba mhó, 'chúig airead ní bá mhó (ná an chuid eile aca). Agus d'ól siad, 's bhí go meidhreach (súgach) 'n-a chuideachta.
Currently Selected:
Geinis 43: ABNPOD
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.

: