Geinis 42
42
Cuireann Iacob a dheicheanbhar mac chun na h-Éighphte a cheannach arbhair. Seosamh agus iad-san.
1Nuair chualaidh Iacob go rabh biadh há dhíol san Éighphte, ars eisean le n-a chlann-mhac: “Cad chuige díbh bheith neamh-suimeamhail?” 2“Cluinim go bhfuil cruithneachta 'á díol ins an Éighphte. Síos libh annsin agus ceannuighidh na riachtanasaí dúinn, ionnus go mairimid beo, 's nach bhfuighmid bás leis an ocras.” 3Agus siud ar shiubhal an deicheanbhar d'reathair do Seosamh le arbhar a cheannach san Éighphte. 4Acht do chomnigh Iacob a mhac Benjamin sa mbaile, 's dubhairt sé le n-a dh'reathracha: “Ar eagla go dtárlóchadh taisme san aistear dó.”
5Agus bhain siad tír na h-Éighphte amach, i gcuideachta le ceannuightheóirí eile a bhí ag dul ann ag ceannach, óir bhí ganntanas i gcrích Chanaáin (fosta). 6Agus b'é Seosamh árd-thaoiseach i dtír na h-Éighphte, agus thug sé cead an t-arbhar a dhíol leis na daoiní. Agus nuair d'umhluigh a dh'reathracha síos dó. 7Agus d'aithnigh sé iad, acht labhair sé mar bheadh sé ag caint le stráinséirí—go garbh—, a' fiafruighe díobhtha: “Ca h-as a dtáinig sibh?” D'fhreagair sias-san: “Ó chrích Chanaáin, chun biadh 's riachtanasaí a cheannach.”
8Agus gidh gur aithnigh sé iad—a bhraithreacha—, níor aithnigh siad-san eisean. 9Chuimhnigh sé ar na brionglóidí a bhí aige roimhe le sin, ars eisean leo: “Is spíodóirí sibh. Tháinig sibh chun brathadórachta ar na teoranna namh-chosanta sa tír.” 10Acht dubhairt siad: “Ní tháinig le biadh a cheannach. 11D'aon-chloinn an fhir amháin shinne. Mar fheara síothchánta 'seadh tháinigeamar. Agus ní sámhailtear aon uisce-fé-thalamh le do chuid sheirbhíseach.” 12D'fhreagair sé iad: “Chan mar sin atá. Tháinig sibh le breathnú ar na ranna tíre atá gan cosaint.” 13Acht ars iad-san: “Is sinne do sheirbhísigh, an dá'r-dhéag d'reathair againn, clann-mhac an aon fhir i gcrích Chanaáin. Tá an duine is óige le n-ár n-athair, níl an duine eile beo.”
14Ars eisean: “'Sé deirim-se: gur spíodóirí sibh! 15Gheobhaidh mé amach ar ball cé sibh: Dar sláinte Pharao, ní imtheóchaidh sibh as seo no go dtaraidh an d'reathair is óige agaibh. 16Cuirigidh duine agaibh le é a thabhairt annseo. Agus fanfaidh sibh-se i bpríosún go dtí go gcrutháchar bhur scéal, cé aca fíor no bréagach é: É sin, no, dar sláinte Pharao! Is spíodóirí sibh!” 17Le sin chuir sé i bpríosún iad go cionn trí lá.
18Agus ar an tríomhú lá thug sé amach as an phríosún iad, agus ars é leo: “Deanaigidh an rud a dubhairt mé libh agus beidh bhur n-anma agaibh, óir is eagal liom Dia. 19Má's fir síothchánta sibh, ceangailtear duine de mbur nd'reathracha i bpríosún: agus leanaigidh sibh-se ar mbur dtriall, 's tabhairigidh an t-arbhar a cheannuigh sibh, go dtí bhur dtoighthe. 20Agus tabhairigidh chugam-sa ar ais an d'reathair is óige agaibh, go bhfeicidh mé an fíor an scéal agaibh, agus nach gcuirfear chun báis sibh.” Rinne siad mar d'iarr sé ortha.
21Agus labhair siad eatorra féin (le n-a chéile): “Tá seo tuillte againn, óir tá éagcóir deanta againn ar ár nd'reathair, féachaint an géar-chrádh anma a bhí air nuair d'iarr sé rud orainn agus nár éist muid leis: mar sin a tháinig an leathtrom seo orainn.” 22Agus arsa Ruben, fear aca: “Nár dhubhairt mise libh, ‘Ná deanaigidh (peacuighidh) éagcóir ar an bhuachaill,’ agus ní éisteóchadh sibh liom? Féach go ngladhann a chuid fola orainn.” 23Agus ní raibh fhios aca gur thuig Seosamh, óir is tré fear teangtha labhair sé leo. 24Agus thionntuigh sé uatha tamaillín, agus rinne a ghol, agus ar philleadh dó, labhair sé leobhtha. 25Agus gabh sé ar Shímeon agus chuir ceangail air, in a bhfiadhnuise, 's d'órduigh sé a chuid seirbhíseach a gcuid sac a líonú le cruithneacht, agus airgead gach fir aca a chur isteach ins na sacaibh, agus chomh maith le sin, lon i gcóir an aisdir a thabhairt dóibh. Agus rinne siad amhlaidh.
26Agus (acht) nuair a bhí na h-ualacha arbhair ar na h-asail aca d'imthigh siad. 27Agus an uair thárla gur fhoscail fear aca a shac chun greim le n-ithe a thabhairt d'á asal, ag an óst, chonnaic sé an t-airgead i mbéol an tsaic. 28Agus ars é le n-a dh'reathracha: Tá mo chuid airgid agam ar ais: “Féach, san tsac annso é!” Agus leath na súile ortha, agus bhí buadhradh ortha, agus ars iad le n-a chéile: “Caidé seo atá deanta ag Dia orainn?”
29Agus tháinig siad fhad le Iacob, a n-athair, i gcrích Chanaáin, agus d'innis dó gach a thárluigh dóbhtha, a rádh: 30“Do labhair tighearna na críche go géar linn, agus thug sé ‘spíodóirí’-ar-an-tír’ orainn. 31Agus d'fhreagair muid é, ‘Is fir síothchúnta shinne, agus níl aon droch-fhuadar fúinn. 32Dhá-fhear-dhéag d'reathair shinn, a rugadh d'aon fhear amháin. Tá duine aca marbh, tá an duine is óige le n-ár náthair i grích Chanaáin.’ 33Agus dubhairt sé linn, ‘Seo mar bhéas fios agam má's fir síothchánta sibh: Fágaigidh duine de mbur ndreathracha agam annso. Agus tógaidh libh-se lón go leor i gcóir mbur dtoighthe, agus imthigidh libh. 34Agus tabhairidh chugam-sa ar ais an d'reathair is óige agaibh, ionnus go mbéidh a chrúthadh agam nach spíodóirí sibh: agus go bhféadann sibh an fear so atá i bpríosún fhagháil ar ais: agus go mbéidh cead agaibh, n-a dhéidh sin, gach is mian libh a cheannach.”
35Nuair a d'innis siad anméad sin dó, dhóirt siad amach a gcuid arbhair, agus fuair gach fear aca a chid airgid ceangailte i mbéal an tsaic aige: agus le mór-íontas ortha tré chéile. 36Arsa a n-athair, Iacob leo: “D'fhág sibh gan páisde mé. Níl Seosamh beo, tá Símeon fé ghlas, agus tá sibh chun Benjamín a tabhairt ar shiubhal uaim. Tá an mío-ádh seo uilig anuas orm.” 37Agus d'fhreagair Rúben é: “Cuir-se an bheirt mhac agam-sa chun báis mura dtugaidh mise slán ar ais chugat é: tabhair domh é, agus beirfidh mé ar ais arís chugat é.” 38Acht ars eisean: “Ní leigfidh mé do mo mhac dhul síos annsin leat. Tá a dh'reathair marbh, agus tá seisean fágtha n-a aonar. Dá mbain-feadh tubaisde dó san chrích sin thíos, tharraingeóchtha síos go h-ifrinn (san uaigh) mé 's mo cheann liath fa bhuadhradh cráidhte.”
Currently Selected:
Geinis 42: ABNPOD
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.

: