Uiḃreaċa 9
9
Caibidil IX.
Orduġaḋ na cásga a rís. 6 Am oile don ċáisg. 15 Gluaiseaḋ agus suiḋeaḋ ċluinn Israel, do réir an néull.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise a ḃfásaċ Sínai, annsa ċéaidṁí don dara bliaḋuin tar éis a tteaċta amaċ as críċ na Hégipte, ḋa ráḋ,
2Cuṁdaiġdís clanna Israel mar an gcéadna an ċáisg iona am iomċuḃuiḋe féin.
3Annsa cceaṫraṁaḋ la déag don ṁíse, tráṫnóna, cuiṁdeoċṫáoi é iona am cinnte féin: do réir a uile ġnáṫa, agus do réir a uile ċustuim, ċuiṁdeoċṫáoi é.
4Agus do laḃaír Máoise re cloinn Israel, an ċáisg do ċoiṁéad.
5Agus do ċoiṁéid síadsan an ċáisg an ceaṫraṁaḋ lá déug don ċeaidṁí traṫnóna a ḃfásaċ Sínái: do réir a nuile neiṫe dar aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise, is mar sin do rinneadar clann Israel.
6¶ Agus do ḃádar dáoine áiriġe, do ḃí truailliġe le corp ḋuine ṁairḃ, go nar ḃféidir leó an ċáisg do ċoṁéud an lásin: agus tangadar a laiṫair Ṁaóise agus a laṫair Aaron an lásin féin.
7Agus a duḃradar na dáoine sin ris, Atámuid neaṁġlan ó ċorp ḋuine ṁairḃ: uimesin atamáoid gar gcongṁail air ar nais, naċ ḃféadmáoid ofráil díoḋbuirt don TIĠEARNA na am cinnte féin a measc ċloinne Israel?
8Agus a duḃairt Máoise riú, Fanuiḋ ḃur gcoṁnuiġe, agus cluinfe misi créud aiṫéonas an TIĠEARNA ḃur ttaoḃ.
9¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ga ráḋ,
10Laḃáir ré cloinn Israel, gá ráḋ, Má ḃíonn éanduine aguiḃ no dá ḃur slioċd neaṁġlan ó ċorp ṁarḃ, no má ḃíṫi a tturus a ḃfad úaiḃ, ṫairis sin cuiṁdeoċṫaoi an ċáisg don TIĠEARNA.
11An ceaṫraṁaḋ lá déag don dara mí traṫnóna ċuiṁdeoċṫáoi é, íostaoi é maille ré harán gan láiḃín agus re luḃionaiḃ searḃa.
12Ní ḟúigfid síad éinní ḋe go maidin, ni ḃrisfid siad aonċnáiṁ ḋe: do réir uíle órduiġṫe na Cásga cuiṁdeoċuid siad é.
13Aċd an duine ḃias glan, agus naċ bía ar turas, agus léicfeas ṫairis gan an ċáisg do ċoiṁéad, gearrfuiġear an tanam céadna amaċ ó na ṁuinntir: do ċionn naċ ttug sé leis ofráil an TIĠEARNA na ham cinnte féin, biaiḋ úalaċ á ṗeacuiḋ áir an bfear sin.
14Agus ma ṫig coiṁiḋṫeaċ ar cuairt ḃar measc, agus ccuiṁdeoċuiḋ sé an ċáisg don TIĠEARNA; do réir órduiġṫe na cásga, agus do réir a ṁoḋa sin, do ḋéana sé: éan ordúġaḋ aṁáin ḃías aguiḃ araon don ċoiṁíḋṫeaċ, agus don té bearṫar san tír.
15¶ Agus an la do tógḃaḋ suas an tabernacuil do ḟoluiġ néull an tabernacuil, eaḋon, páilliún na fiaḋnuisi: agus traṫnóna do ḃí ar an ttabernacuil mar do ḃiaḋ táiṁseanaḋ tineaḋ, go maidin.
16Is mar sin do ḃi se a gcoṁnuiḋe: do ḟolċaḋ an néull é san ló, agus cosaṁlaċd teineaḋ sa noiḋċe.
17Agus a nuáir do tógfuiḋ an néull súas ón tabernacuil, annsin do ġluaiseaḋ clann Israel: agus annsa nait a ccoṁnuiġeaḋ an néull, annsin do ṡuiḋeaḋ clann Israel a lóistíne.
18Ar aiṫne an TIĠEARNA do ġluaiseaḋ clann Israel, agus ar aiṫne an TIĠEARNA do ṡuiḋedís: an feaḋ do ḟanfaḋ néull ar an ttabernacuil do ċoṁnuiġedis annsna lóistíniḃ.
19Agus a nuáir do ḟanaḋ an néull a ḃfad mórán do laéṫiḃ ar an tabernacuil, annsin do ċoiṁéadaidís clann Israel cúram an TIĠEARNA, agus ní aistriġedís.
20Agus is mar sin do ḃí a nuáir ḃíoḋ an néull beagán do laéṫiḃ air an tabernacuil; do réir aiṫne an TIĠEARNA do ḟanaidís iona lóistíniḃ, agus do réir aiṫne an TIĠEARNA do ġluaisidís.
21Agus is mar sin do ḃí, a nuáir do ḟanaḋ an néull ó ṫráṫnóna go maidin, agus go ttógṫáoi an néull súas ar maidin, annsín do ġluaisidís: mas do ló nó doiḋċe tógfuiḋ an néull súas, do ġluaisidís.
22Nó da maḋ ḋá lá é, nó mí, nó bliaḋuin, do ḟanfaḋ an néull ar an ttabernacuil, ag fuireaċ air, do ċoṁnuiġedís clann Israel ann a lóistíniḃ, agus ní ġluaisidis: aċd a nuáir a tógṫáói súas é, do ġluaisedís.
23Do réir aiṫne an TIĠEARNA do ċoṁnuiġedís ioná lóistíniḃ, agus ar aiṫne an TIĠEARNA do ġluaisidis: do ċoiṁéadaidis cúram an TIĠEARNA, ar aiṫne an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 9: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.