YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 8

8
Caibidil VIII.
Lasaḋ na lampuiḋeaḋ. 5 Coisreacaḋ na Leḃiteaċ. 23 Aóis agus aimsír a serḃise.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise, ḋa ráḋ,
2Laḃair ré Haáron, agus abair ris, A nuair lasfas tú na lampuiḋe, ḃéaruiḋ na seaċd lampuiḋe solus ṫall ar aġuiḋ an ċoinnleora.
3Agus do rinne Aáron sin; do las sé a lampuiḋe ar aġaiḋ an ċoinnleora ṫall, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.
4Agus do ḃí a nobairsi an ċoinnleora dór ḃuailte, go nuige a ċos, go nuige a ḃláṫá, do ḃí dobair ḃuailte: do réir na cosaṁlaċda do ṫaisbén an TIĠEARNA do Ṁáoise, mar sin do rinne sé an coinnleóir.
5¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise, ḋá ráḋ.
6Beir na Leḃítiġ ó ḃeiṫ a measc ċloinne Israel, agus glan íad.
7Agus marso ḋéanas tú riú da nglanaḋ: Croiṫ uisce glanfa orra, agus bearraidís a ḃfeóil uile, agus niġdis a néaduiġe, agus mar sin déaindís íad féin glan.
8Ann sin glacaidís bulóg óg maille re na hofráil ḃíḋ, eaḋon plúr mín cumaiscṫe le hola, agus glacfa tusa bulóg óg eile mar offráil ṗeacaiḋ.
9Agus do ḃéara tú na Leḃitiġ as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus cruinneoċa tú a ḃfoċair a ċeile coiṁṫionól ċloinne Israel uile:
10Agus do ḃéara tú na Leḃítiġ a laṫair an TIĠEARNA: agus cuirfid clann Israel a láṁa ar na Leḃítiḃ:
11Agus do ḋéana Aáron na Leḃítiġ díoḋbuirt a laṫair an TIĠEARNA mar ofráil ó ċloinn Israel, ċor go ndéanuid serḃís an TIĠEARNA.
12Agus cuirfid na Leḃítiġ a láṁa ar ċeannuiḃ na mbulóg: agus do ḋéana tú íoḋbuirt daon aca mar ofráil ṗeacaiḋ, agus don dara mar ofráil loiscṫe, don TIĠEARNA, do ḋéanaṁ sióḋa do na Leḃitiḃ.
13Agus cuirfe tú na Leḃítiġ a laṫair Aáron, agus a laṫair a ṁac, agus ofráilfiḋ tú íad mar ofráil don TIĠEARNA.
14Mar so scarfas tú na Leḃítiġ ó ḃeiṫ a measc ċloinne Israel: agus buḋ liomsa na Leḃitiġ.
15Agus na ḋiaiġ sin raċaid na Leḃitiġ a steaċ do ḋéanaṁ serḃíse ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus glanfa tú íad, agus do ḋéana tú a nofráil mar ióḋbuirt.
16Oír tugaḋ ḋaṁsa go hiomlán íad ó ḃeiṫ a measc ċloinne Israel; a náit gaċ aoin dá nosclann an ḃrú, eaḋon a náit na céidġine do ċloinn Israel uile, do ġlac misi ċugam íad.
17Oír is liomsa uile ċéidġin ċloinne Israel, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ: ann sa ló ar ḃuail mé gaċ uile ċéidġin a ccríċ na Hégipte do naoṁuiġ mé íadsan ḋaṁ féin.
18Agus do ġlac mé na Leḃítiġ ar son a nuile ċéaidġin do ċloinn Israel.
19Agus ṫug mé na Leḃítiġ mar ṫioḋlacaḋ do Aáron agus dá ṁacaiḃ as measc ċloinne Israel, do ḋéanaṁ serḃíse ċloinne Israel a tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus do ḋéanaṁ síoḋa ar son ohloinne Israel: cor naċ bía pláiġ a measc ċloinne Israel, a nuáir ṫiocfaid clann Israel a ḃfogus don tsanctóir.
20Agus do rinne Máoise, agus Aaron, agus coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile, do na Leḃítiḃ do réir a nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise a ttaoḃ na Leḃíteaċ, mar sin do rinneadar clann Israel ríu.
21Agus do glanaḋ na Leḃítiġ, agus do níġeadar a néaduiġe; agus do ofráil Aáron íad mar ṫáḃartas a laṫair an TIĠEARNA; agus do rinne Aáron síṫ ḋóiḃ dá nglanaḋ.
22Agus na ḋiaiġ sin do ċuadar na Leḃítiġ a steaċ do ḋéanaṁ a serḃíse a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a laṫair Aáron, agus a ṁac: mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise a ttaoḃ na Leḃíteaċ, is mar sin do rinneadar riú.
23¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋa ráḋ,
24 Sé so an ní ḃeanas ris na Leḃitiḃ: ó ċúig bliaḋna fiṫċiod dáois agus ós a ċionn raċuid siad a stéaċ dfuirḟeiṫioṁ ar serḃís ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe:
25Agus ó aois ċaogad blíaḋan scuirfiḋ gaċ aon dfuirḟeiṫioṁ ar a ṡerḃís sin, agus ní ḋéana sé ní ís mó do ṡerḃís:
26Aċd do ḋeanuid friṫeolaṁ a ḃfoċair a ndearḃráṫair a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, do ċoiṁéud an ċúruim, agus ní ḋéanaid serḃis ar biṫ. Mar so do ḋéana tú ris na Leḃitiḃ a ttaoiḃ a gcúruim.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 8: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 8