Uiḃreaċa 7
7
Caibidil VII.
Ofrála ṗrionnsuiḋe Israel, a ló ṫogḃála an tabernacuil. 10 Agus na haltóra. 89 Laḃair Día re Maoise on tsuiḋe ṫrócaire.
1Agus tárla an lá do ċríoċnuiġ Máoise go hiomlan án tabernacuil do ċur suas, agus gur ungaiḋ é, agus gur náoṁuiġ é, agus a raiḃ dionstrumentiḃ aige, araon a naltóir agus a huile ṡoiṫiġe, agus gur ungaiḋ íad, agus gur naoṁuiḋ íad;
2Sí so ofráil do rinneadar prionnsuiḋe Israel, cinn tiġe a naiṫreaḋ, (noċ do ḃí na bprionnsuiḋiḃ ar na treaḃuiḃ, agus do ḃí ós cionn an ṁeid do háirṁeaḋ:)
3Agus tugadar a nofráil a laṫair an TIĠEARNA, sé carbuid ḟoluiġṫe, agus ḋá ḋaṁ ḋéug; carbad do ḋís do na prionsuiḋiḃ, agus daṁ do gaċ éanduine: agus tugadar íad as coinne an tabernacuil.
4Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise, ḋa ráḋ,
5Glac uaṫa é, cor go mbeidís ċum serḃíse ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, do ḋéanaṁ; agus do ḃéara tú íad do na Leḃitiḃ, da gaċ éan duine do réir a ṡerḃíse.
6Agus do ġlac Máoise na carbuid agus na doiṁ, agus tug do na Leḃítiḃ íad.
7Tug sé ḋá ċarbad agus ceiṫre doiṁ do ṁacaiḃ Gerson, do réir a serḃíse:
8Agus tug sé ceiṫre carbuid agus oċd ndoiṁ do ṁacuiḃ Merári, do réir a serḃíse, fa láiṁ Itamar ṁic Aáron an sagart.
9Aċd ní ṫug se énċeann do ṁacaiḃ Ċohat: do ċionn gurob í serḃís na sanctóra do ḃean ríu agus gurob air a nguailliḃ do ċaiṫfidís sin iomċar.
10¶ Agus do rinneadar na prionnsuiḋe ofrála a ttógḃala na haltóra san ló a raiḃ sí ar na hungaḋ, eaḋon is ann do ofráladar na prionnsuiḋe a nofráil a láṫair na haltora.
11Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Máoise, Ofráilfid siad a nofráil, gaċ prionnsa ḋíoḃ an a lá féin, ar son tógḃála na haltóra.
12¶ Agus dob é Nason ṁac Ammínadab do ṫreiḃ Iúdah, do ofral a ofrail an ċéad lá:
13Agus sí dob ofráil dó éan ḃáisín a ṁáin airgid, iona raiḃ coṁṫrom ċéud agus trioċad secel, éan ḃulla airgid iona raiḃ seaċdṁoḋad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumuiscṫe le hola mar ofráil ḃíḋ:
14Eán liaċ a ṁáin coṁṫrom ḋeiċ secel óir, lán do ṫúis:
15Eán ḃulog óg, éanreiṫe, éan úan don ċéaid ḃlíaḋuin, ċum ioḋbarṫa loiscṫe:
16Ean ṁeannán do na gaḃruiḃ ar son íoḋbarṫa an ṗeacaiḋ:
17Agus ar son ofrála ioḋbarṫa na síoḋa, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig gaḃair ḟiriona, cúig uain don ċéad ḃliaḋuin: is iád so bá hofráil do Nason ṁac Amminadab.
18¶ An dara lá do ofráil Netaniel ṁac Suar, prionnsa Issaċar:
19Dó ofrail se ar son ofrála éan ḃáisin aṁáin airgid, a ċoṁṫrom sin do buḋ céud agus tríoċad secel, éan ḃulla airgid do seaċtṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumuiscṫe le hola mar ofráil ḃíḋ:
20Eán liaċ a ṁáin dór do ḋeiċ sécel, lán do ṫúis:
21Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéad ḃliaḋuin, mar íoḋbuirt loiscṫe:
22Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
23Agus mar ioḋbuirt ofrála síoḋċana, dá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig gaḃair ḟirionna, cuig huáin don ċéad ḃliaḋuin: is so bá hofráil do Netaniel ṁac Suar.
24¶ Ar an treas lá do ioḋbuir Eliab mac Helon, priunnsa ṁac Sebulun:
25Do buḋ í a ioḋbuirt éanḃáisín dairgead, a ċoṁṫrom sin céud agus trioċad secel, éan ḃulla airgid do seaċdṁoḋad secel, do réir ṡecel na sanctora; íad aráon lán do ṗlúr ṁín cumuiscṫe le hola mar ofráil ḃíḋ.
26Eán liaċ a ṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
27Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan luḃán don ċéad ḃlíaḋuin, mar ofráil loiscṫe:
28Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
29Agus ar son íoḋbuirt ofrála sioṫċána, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig gaḃuir ḟirionna, cúig huáin don ċéaid ḃliaḋuin: sí so bá hofráil do Eliab ṁac Helon.
30¶ An ceaṫraṁaḋ lá do ofráil Elisur ṁac Sedeur, prionnsa ċloinne Reuben:
31Agus do buḋ í a ofráil éan ḃáisín airgid coṁṫrom ċéud agus ṫríoċad secel, éanḃulla airgid do seaċdṁogad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ḟínealta cumuiscṫe lé hola, mar ofráil ḃiḋ:
32Eán liaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
33Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéad ḃliaḋuin, ċum na hioḋbarṫa loiscṫe:
34Eán ṁeannan do na gaḃraiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
35Agus ar son íoḋbuirt ofrála síoḋa, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig bpuic, cúig huain don ċéidḃliaḋuin: do buḋ í so ofráil Elisur ṁac Sedeur.
36¶ An cúigeaḋ lá Selumiel mac Suriṡaddai, prionnsa ċloinne Simeon, sé do ofráil:
37Sí buḋ ofráil dó éanḃáisin aṁáin airgid, dob é a ċoṁṫrom sin céud agus tríoċad secel, éan ḃulla airgid do ṡeaċṁoḋad secel, do réir secel na sanctora; íad araon lán do ṗlúr ṁin cumaiscṫe le hola mar ofraíl ḃíḋ:
38Ean liaċ órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
39Ean ḃulóg óg, éan reiṫe, ean úan don ċéad ḃliaḋuin, mar ofráil loiscṫe:
40Ean ṁeannán do na gaḃraiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
41Agus ar son ioḋbarṫa ofrala síoḋa, dá ḋaṁ, cúig réiṫe, cúig puic, cúig huáin don ċéad ḃliaḋuin: si so buḋ hofráil do Ṡelúmeil ṁic Suriṡaddai.
42¶ An seiseaḋ lá do rinne Elisaṗ ṁac Deuel, prionnsa ċloinne Gad, ioḋbuirt:
43 Do buḋ í a ofráil éanḃáisín airgid do ċoṁṫrom céud agus trioċad secel, bulla airgid do ṡeaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctora; íad araon lán do ṗlúr ṁín ċumaiscṫe lé hola mar ofráil ḃíḋ:
44Eán líaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
45Eán ḃulóg óg, ean reiṫe, éan úan don ċéid ḃliaḋuin, ċum ofrala loiscṫe:
46Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacuiḋ:
47Agus ar son íoḋbarṫa ofrala síoḋa, dá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig puic, cúig huáin don ċead ḃliaḋuin: sí so buḋ ofráil do Eliasaṗ ṁac Deuel.
48¶ Agus do ofráil Elisama ṁac Ammihud, prionnsa ċloinne Eṗraim, an seaċdṁaḋ lá:
49 Do buḋ í a ofráil éanḃáisín a ṁáin airgid, dar ċoṁṫrom céad águs tríoċad secel, éanḃulla airgid do seaċdṁoḋad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumaiscṫe lé hola mar ofráil ḃíḋ:
50Eán líaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
51Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéad ḃliáḋuin, mar ofráil loiscṫe.
52Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
53Agus ar son ioḋbarṫa ofrala sioṫċána, dá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig puic, cúig huáin don ċéaid ḃliaḋuin: sí so buḋ ofráil do Elisama ṁac Ammihud.
54¶ Ar an oċdṁaḋ lá do ofráil Gamaliel ṁac Pedasur, prionnsa ċloinne Manasseh:
55Do buḋ í a ofráil éanḃáisín a ṁáin airgid do ċoṁṫrom ceud agus trioċad secel, ean ḃulla áirgid do ṡeaċdṁoġad secel do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín ċumuiscṫe le hola mar ofrail ḃíḋ:
56Eán liaċ órḋa do ḋeiċ secel lán do ṫúis:
57Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéid ḃliaḋuin, mar ofráil loiscṫe:
58Eán ṁeannán do na gaḃraiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
59Agus ar son ofrála ioḋbarṫa sioṫċána, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig puic, cúig húain don ċéad ḃliaḋuin: do bí so ofráil Ġamaliel ṁac Pedasur.
60¶ Ar an naoṁaḋ lá do ofráil Abidan mac Gideoni, priunnsa ċloinne Beniamin:
61 Do buah í a ofráil sin éanḃáisín airgid, dar ċoṁṫrom céud agus tríoċad secel, éan bulla airgid do ṡeaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumuiscṫe lé hola ar son ofrála bíḋ:
62Eán liaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
63Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, ean úan don ċéid ḃlíaḋuin, mar ofráil loiscṫe:
64Aon meannán do na gaḃraiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
65Agus ar son ioḋbarṫa ofrála síoṫċana, ḋá ḋaṁ, cuig reiṫe, cúig buíc, cúig húain don ċéaid ḃliaḋain: si so buḋ ofráil do Abidan mac Gideone.
66¶ Ar an deaċṁaḋ lá do ofráil Ahieser ṁac Ammisaddai, prionnsa ċloinne Dan:
67Do buḋ í a ofráil éan ḃáisín aṁáin airgid, do ċoṁṫrom céad agus tríoċad secel, éan ḃulla airgid do ṡeaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumaisce lé hola mar ofráil ḃíḋ:
68Aon liaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
69Eán ḃulóg óg, éan réiṫe, éan úan don ċéaid ḃliaḋuin, mar ofráil loiscṫe:
70Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ:
71Agus mar íoḋbuirt ofrala síoṫċána, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig buic, cúig húain don ċéaid ḃlíaḋuin: do bí so ofráil Ahieser ṁic Ammisaddai.
72¶ Ar an eanṁaḋ lá déug do ofráil Pagiel ṁac Ocrain, prionnsa ċloinne Aser:
73 Do buḋ í a ofráil éan ḃáisín aṁain airgid, dar ċoṁṫrom céad agus tríoċad secel, éan ḃulla airgid do seaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín ċumuiscṫe le hola már ofráil ḃíḋ:
74Eán liaċ aṁain órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
75Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéid ḃliaḋuin, mar ofráil loiscṫe:
76Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ:
77Agus mar íoḋbairt ofrála síoṫċána, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig buic, cúig húain don ċeaid ḃliaḋuin: do buḋ í so ofráil Ṗagiel ṁic Ocrain.
78¶ Ar an dara lá déug do ofráil Ahira ṁac Enan, prionnsa ċloinne Naṗtali:
79 Do buḋ i a ofráil éanḃáisín aṁáin airgid, dar ċoṁṫrom céad agus tríoċad secel, ean ḃulla airgid do seaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; iad araon lán do ṗlúr ṁín cumaiscṫe le hola, mar ofráil ḃíḋ:
80Aon liaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:
81Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéad ḃliaḋuin, mair ofráil ḃíḋ:
82Eán ṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ:
83Agus ar son ioḋbarṫa ofrála síoṫċana, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig buic, cúig húain don ċéaid ḃliaḋuin: do buḋ í so ofraíl Ahira ṁic Enan.
84 Dob íad so taḃartuis na haltora, ann sa lá ar hungaḋ í, ó ṗrionnsaḋuiḃ Israel: ḋá ḃáisin déug airgid, dá ċupán déug airgid, ḋá líaċ ḋéag óir:
85Gaċ éan ḃáisin airgid ag coṁṫromaḋ ċéud secel agus tríoċad, gaċ éan ḃulla seaċdṁoġad: do coṁṫromaiġ na huile ṡoiṫiġe airgid ḋá ṁíle agus ceiṫre ċéud secel, do réir secel na sanctóra:
86Na líaċa airgid do ḃádar a dó ḋéug, lán do ṫúis, ag coṁṫromaḋ deiċ secel gaċ líaċ ḋíoḃ, do réir secel na sanctóra: ór na líaċa uile bá céad agus fiċṫe secel é.
87Na daiṁ uile don ofráil loiscṫe do ḃádar ḋá ḃulóig ḋéug, na reiṫeaḋ a dó ḋéug, na húain don ċéid ḃliaḋuin a dó ḋéug, maille re na nofráil ḃíḋ: agus meannáin na ngaḃar ar son ofrála peacaiḋ a dó ḋéug.
88Agus na huile daiṁ ċum íoḋbarṫa na hofrála síoṫċána do ḃádar a ceaṫair fiṫċiod do ḃuloguiḃ, na reiṫeaḋa sé fiċid, na buic sé fiċid, na húain don ċéaid ḃliaḋuin sé fiċid. Dob íad so taḃartuis na haltóra, tár éis a beiṫ ungṫa.
89¶ Agus a nuair do ḃi Máoise ar ndul a steaċ a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe do laḃairt rís, ann sin do ċuala sé guṫ neaċ ag laḃairt ris a maċ as caṫaoir na trócaire noċ do ḃí air airc na fiaḋnuise, ó edir an da ċeruḃin: agus do laḃair sé ris.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.