Uiḃreaċa 6
6
Caibidil VI.
Dliġe ṁóide na Násaritéaċ. 22 Moḋ beannuġaḋ an ṗobail.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋa ráḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuair ḋeileoċus fear no bean do ṫaḃairt moide mar ṁóid na Nasaríteaċ, agus íad féin dedirḋealuġaḋ don TIĠEARNA:
3Seaċonuíḋ sé é féin ar ḟion agus ar ḋiġ láidir, agus ní ioḃá fineagra fíona, nó fineagra díġ láidre, águs ni mó iḃṫios deoċ do ṡúġ caor ar biṫ, ní mo iósas caora fliuċa no tiorma.
4Ar feaḋ laéṫeaḋ a ṡeaċanta ní íosa einní do níṫear do ċrann na fíneaṁna, ón sceallán go nuige an mogull.
5Ar feaḋ laéṫeaḋ ṁóide a scarṫa ní raċa oirnís ḃéarṫa ar a ċionn: go raḃaid na láeṫe coiṁlíonta, ar edirḋealúiġ é féin don TIĠEARNA, biaiḋ sé naoṁṫa, agus léigfiḋ sé do ċiaḃuiḃ gruáige a ċinn fás.
6Ar feaḋ na laeṫeaḋ a raċaiḋ air leiṫ don TIĠEARNA ní ṫiocfa a ngar éanċuirp ṁairḃ.
7Ní ḋéana sé é féin neaṁġlan ar son a aṫar, nó aír són a ṁaṫair, nó ar son a ḋearḃraṫar, nó ar son a ḋeirḃṡeaṫar, a nuáir raċuid déug: oír atá beannuġaḋ a Ḋé ar a ċionn.
8Ar feaḋ aimsire a iomscarṫa atá sé naoṁṫa don TIĠEARNA.
9Agus má ġeiḃ duine ar biṫ bás go ró obann na ḟoċair, agus go ttruaillfiḋ sé ceann a naoṁṫaċda; agus ann sin beárrfa sé a ċeann a ló a ġlanta, ar an seaċdṁaḋ lá ḃeárrfás sé é.
10Agus ar an oċdṁaḋ lá do ḃéara sé ḋá ṫurtuire, nó ḋá ċolum óga, ċum an tsagairt, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe:
11Agus ofráilfiḋ an sagart aon aca ar son ofrala peacaiḋ, agus an téun eile ar son ofrala loiscṫe, agus do ḋéana síṫ ar a ṡon, óir do ṗeacaiḋ leis an marḃ, agus naoṁṫoċuiḋ se a ċeann san ló ċéadna.
12Agus coisreoċuiḋ se don TIĠEARNA laéṫe iomscarṫa, agus do ḃéara uan don ċéad ḃliaḋuin leis ar son ofrála eigcéirt: aċd do ċaill na láiṫe do ċuaiḋ ṫairís, ar an aḋḃar gur truailleaḋ a iomscaraḋ.
13¶ Agus sé so dliġeaḋ an Nasaritiġ, a nuair ċoiṁlíontar laéṫe a edirḋealuiġṫe: bearṫar é go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe:
14Agus ofralfuiḋ sé a ofraíl don TIĠEARNA, eaḋon éan úan firionn don ċéad ḃliaḋuin gan toiḃéim ar son ofrála loiscṫe, agus én úan bainionn don ċead ḃliaḋuin gan toiḃéim arson ofrála peacaiḋ, agus éainreiṫe gan toiḃeím air son ofrala síoḋa,
15Agus cleiḃin darán gan laiḃín, cácuiḋe do ṗlúr ḟinealta cumuiscṫe lé hola, agus aḃlanna darán gan laiḃín ungṫa lé hola, agus an ofráil ḃíḋ, agus a nofrála diġe.
16Agus do ḃéara an sagart íad a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḋéana ofráil ṗeacuiḋ, agus ofráil loiscṫe:
17Agus ofráilfiḋ sé an réiṫe mar ioḋbuirt ofrála síoḋa don TIĠEARNA, maille ris an ccléiḃín darán gan laiḃín: ofrálfuiḋ an sagart mar an gcéadna ofráil ḃíḋ, agús a ofráil diġe.
18Agus beárrfuiḋ an Nasaríteaċ ceann a iomscarṫa ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus glacfuiḋ grúag ċinn a ḋealuiġṫe, agus cuirfiḋ annsa teiniḋ noċ atá fáoi íoḋbuirt ofrála na síoḋa.
19Agus glacfuiḋ an sagart slinnéun bruiṫe an reiṫe, agus éanċáca gan láiḃín as an ccléiḃín, agus éanaḃlann gan laiḃin, agus cuirfiḋ sé íad ar láṁuiḃ an Nasarítiġ, tar éis grúaige a iomscarṫa do ḃearraḋ:
20Agus tonnfuiḋ an sagart íad mar ofráil tonta a laṫair an TIĠEARNA: is naoṁṫa so don tsagairt, maille ris a nuċd tonta agus an slinnéun tógṫa: agus na diaiġ sin is éidir leis an Nasaríṫeaċ fíon dól,
21Se so dliġeaḋ na Nasariteaċ noċ ṫug móid, agus a ofráil don TIĠEARNA ár son a iomscarṫa, taoḃ amuiġ don ní do ġeaḃas a láṁ: do réir na móide ṫug sé, is már sin ċaiṫfeas sé a ḋéanaṁ do réir ḋliġe a iomscarṫa.
22¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋa ráḋ,
23Laḃair lé Haáron agus le na ṁacaiḃ, ag ráḋ, Ar an moḋ so ḃeinneoċuiḋ clanna Israel, ḋa ráḋ riú,
24Go mbeannuiġe an TIĠEARNA siḃ, agus go ccoiṁéada sé siḃ:
25Go niompóiġe an TIĠEARNA a ġnúis ṡuilḃir riḃ, agus go raiḃ grásaṁuil dáoiḃ:
26Go ttógaḋ an TIĠEARNA a ġnuis maille riḃ, agus go ttugaiḋ síoṫċain dáoiḃ.
27Agus cuirfid siad mainm ar ċloinn Israel; agus beinneoċa me íad.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 6: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: