YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 5

5
Caibidil V.
Gloine an ċampa. 5 Aisiog ar an eagcora. 11 Agus creasduġaḋ na héada.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máóise, ḋa ráḋ,
2Aiṫin do ċloinn Israel, go ccuirid amaċ as an gcampa gaċ éan loḃar, agus gaċ aon ar a ḃfuil silt, agus gioḋ bé ar biṫ ḃías truailliġṫe o ṁarḃ:
3An fearḋa agus an bannda aráon cuirfíḋe amaċ, táoiḃ amuiġ don ċampa ċuirfiḋe iad; ċum naċ ttruaillfid siad a ḃfoslungṗuirt, noċ a ccóṁnuiġimsi na meaḋon.
4Agus do rinneadar clann Israel sin, agus do ċuireadar a maċ táoiḃ a muiġ don ḟoslungṗort íad: mar a duḃairt an TIĠEARNA ré Máoise, is mar sin do rinneadar clann Israel.
5¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋa ráḋ,
6Abair re cloinn Israel, a nuair do ḋéaná fear no bean peacaḋ ar biṫ, noċ do níd dáoíne, do ḋéanaṁ sáruiġṫe a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus go mbí an duine sin ciontaċ;
7Ann sin aideoṁuid siad a bpeacaḋ noċ do rinneadar: agus aiseoguiḋ sé a ċoir maille ré na ṗrinnsiopail sin, agus cuirfiḋ na ċionn an cúigeaḋ cuid de, agus do ḃéara don a ndearna an ċoir na aġaíḋ é.
8Aċd muna raiḃ braṫair gáoil ag an duine ré leiseoċta sé an díoġḃáil, déantar an ċoir do leasuġaḋ ris an TIĠEARNA, eaḋon don tsagart; taoḃ amuiġ do reiṫe an ḟosuiġ, le ndéantar sioṫċáin dó.
9Agus gaċ uile ofráil do na huile neiṫiḃ naoṁṫa ḃeanas re cloinn Israel, ḃéaruid siad ċum an tsagairt, buḋ leis féin é.
10Agus buḋ leision neiṫe náoṁṫa gaċ uile ḋuine: gioḋ be ar biṫ ní ḃronnfas duine don tsagart, buḋ leission é.
11¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋa ráḋ,
12Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, Ma ṫéid bean ḟir ar biṫ do leaṫ táoiḃ, agus coir do ḋéanaṁ na aġaíḋ,
13Agus go luiḋfeaḋ feár le go colluiḋe, agus go ḃfoileoċtar sin as raḋarc a fir, agus go ccuiṁdeoċṫair é go secréideaċ, agus isi do ṫruailleaḋ, agus naċ beiṫ fiaḋuin ar biṫ na haġaiḋ, agus naċ mo ḃéarṫar uirre san ngníoṁ;
14Agus go ttiucfa spiorad éada airsion, agus go mbia sé éadṁar ré na ṁnaoi, agus isí ar na ttruailleaḋ: nó má ṫig spiorad an éada air, agus go mbía éadṁar do ṫáoiḃ a ṁná, agus naċ ttruailliġear isi:
15Annsin ḃéaruiḋ an fear a ḃean ċum an tsagairt, agus do ḃéara sé ofráil ar a son, an deaċṁaḋ cuid do eṗah do ṁin éorna; ní ċuirfiḋ sé ola ar biṫ air, ni moḋ ċuirfiḋ se tuis ar; óir is ofráil éada í, ofrai ċuṁniġṫe, ag taḃairt uilc a ccuiṁne.
16Agus do ḃéara an sagart a ngar í, agus suiḋeoċuiḋ sé a laṫair an TIĠEARNA í:
17Agus glacfuiḋ an sagart uisce coisreacṫa a soiṫeaċ criaḋ; agus cuid don ċriaiḋ ḃias ar urlár an tabernacuil glacfuiḋ an sagart é, agus cuirfe annsa nuisce é;
18Agus suiḋeoċuiḋ an sagart an ḃéan as coinne an TIĠEARNA, agus noċdfuiḋ ceann na mná, agus cuirtiḋ ofráíl an ċuiṁniġṫe iona láṁuiḃ, sé sin ofráil a néada: biaiḋ ag an tsagart na láiṁ an tuisce searḃ do ḃeir fa deara malluġaḋ:
19Agus béuruiḋ an sagart mionna uirresi, agus déara ris, an mnáoi, Mun ar luiḋ éanduine leaċd, agus muna ndeaċuiḋ tú do leaṫ táoiḃ a neaṁġloine le fear oile a náit ṫfir féin, bíḋsi saor ó nuisce searḃ so noċ do ċuireas an mallúġaḋ:
20Aċd ma ċúaiḋ tú do leaṫ táoḃ ċum duine eile a náit ṫfir ṗósta, agus má tá tú ar do ṫruailleaḋ, agus gur luiḋ fear éigin leaċd taoḃ a muiġ dot ḟear pósta féin:
21Ann sin cuirfiḋ an sagart do ċúram air an mnáoi maille re mionnuiḃ an ṁalluiġe, agus déara an sagart ris an mnaói, Go ndearna an TIĠEARNA malluġaḋ agus mionna ḋiót a measc do ṁuinntire, a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA ar do ṫairḃḟéiċ loḃaḋ, agus ar do ḃolg at;
22Agus an tuiscesi ċuireas an malluġaḋ raċaiḋ sé ann do ṁionaċ, do ṫaḃairt ar do ḃolg at, agus air do ċeaṫraṁain loḃaḋ: agus a déara an ḃean, Amen, Amen.
23Agus scríoḃṫuiḋ an sagart na malluiġṫesi a leaḃar, agus duḃfuiḋe a maċ íad leis a nuisce searḃ:
24Agus do ḃéura fa deara don mnáoi an tuisce searḃ do ḃeir an malluġaḋ dól: agus an tuisce do ḃeir an malluġaḋ raċaiḋ sé innte, agus biaiḋ searḃ.
25Ann sin glacfuiḋ an sagart an ofráil éada as láiṁ ná mná, agus tonnfuiḋ an ofráil a laṫair an TIĠEARNA, agus ofráilfiḋ í ar an altóir:
26Agus glacfuiḋ an sagart lán glaice don ofráil, eaḋon a cuiṁne sin, agus loiscfiḋ ar an altoir é, agus na ḋíaiġ sin do ḃéara ar an mnáoi an tuisce do ól.
27Agus a nuair ḃéara sé uirre an tuisce ól, tiocfuiḋ a ccriċ, ann sin ma ḃionn sí ar na truailleaḋ, agus go ndéarna coir a naġaiḋ a fir, go raċuiḋ an tuisce do ḃeir an malluġaḋ innte, agus go mbiaiḋ searḃ, agus atfuiḋ a bolg, agus loḃṫuiġ a tairḃféiċ: agus biaiḋ an ḃean malluiġṫe a measc a daóine.
28Agus muna raiḃ an ḃean ar na truailleaḋ, aċd go mbia glan; ann sin biaiḋ sí saor, agus tuismeoċṫar síol lé.
29Sé so dliġeaḋ na néud, a nuáir ṫéid bean a leaṫ taoiḃ go fear eile a náit a fir féin, agus go mbía trualliġṫe;
30Nó a nuair ṫiocfas spiorad a néuda airsion, agus go mbía éud air re na ṁnáoi, agus go ccuirfíḋ an ḃean a laṫair an TIĠEARNA, agus go gcríoċnoċuiḋ an sagart an dliġeaḋ so uile uirre.
31Ann sin biaiḋ an fear neiṁċiontaċ ó éaiccéart, agus fuileonguiḋ an ḃeanso ar son a héicceirt.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in