Uiḃreaċa 36
36
Caibidil XXXVI.
Reaċd a ttimċeall an ṗósaḋ, agus dol na noiġreaċd.
1Agus tangadar cinn aiṫreaḋ ṁuintire ċloinne Gílead, ṁic Maċir, ṁic Manasseh, do ṡlioċd ċloinne Ióseṗ, a laṫair, agus do laḃradar a ḃfiaḋnuise Ṁáoise, agus a ḃfiaḋnuise na bprionnsaḋa, eaḋon ṗríoṁaiṫre ċloinne Israel:
2Agus a duḃradar, Do aiṫin an TIĠEARNA dar ttiġearnanne an dúṫaíġ do ṫaḃairt mar oiġreaċd le crannċair do ċloinn Israel: agus do haiṫniġeaḋ dom ṫiġearna leis an TTIĠEARNA oiġreaċd Ṡeloṗehad ar ndearḃraṫair do ṫaḃairt dá inġeanuiḃ.
3Agus má ṗóstar íad ré héanduine do ṁacaiḃ na ttreaḃ oile ċloinne Israel, annsin béurṫar a noiġreaċd ó oiġreaċd ar naiṫreaḋne, agus cuirfiġear í a noiġreaċd na ttreaḃ ġéaḃus ċuca íad: mar sin béarṫar í ó ċrannċar ar noiġreaċdne.
4Agus a nuáir ḃías Iúbile ċloinne Israel, annsin cuirfiġear a noiġreaċdsan a noiġreaċd na treiḃe ċum a ngéaḃṫar íad: mar sin tóigfiġear a noiġréaċdsan ó óiġreaċd ṫreiḃe ar naiṫreaḋne.
5¶ Agus do aiṫin Maóisi do ċloinn Israel do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Is maiṫ a duḃairt treaḃ ṁac Ióseṗ é.
6 Sé so an ní aiṫniġeas an TIĠEARNA a ttáoḃ inġean Ṡeloṗehad, ġá ráḋ, Pósaidis leis an té ḃus áill leó féin: aṁáin lé muinntir ṫreiḃe a naṫar pósuid síad.
7Mar sin naċ áṫroċuiḋ oiġreaċd ċloinne Israel ó ṫreiḃ go treiḃ: óir coinneoċuiḋ gaċ éanduine do ċloiun Israel é féin do oiġreaċd ṫreiḃe a aiṫreaḋ.
8Agus gaċ uile inġean, dá sealḃuiġeann oiġreaċd a néintreiḃ de ċloinn Israel, biáiḋ na mnáoi ag áon do ċineaḋ ṫreiḃe a haṫar, ar ċor go ccuinneoċuiḋ a nuile ḋuine do ṫreaḃuiḃ ċloinne Israel oiġreaċd a naiṫread.
9Ní mó áṫróċus a noiġreaċd ó ṫreiḃ go treiḃ; aċd cuinneoċuiḋ gaċ uile ḋuine do ṫreaḃuiḃ ċloinne Israel é féin dá oiġreaċd féin.
10Do réir mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, is mar sin rinneadar inġiona Ṡeloṗehad:
11Oír do pósaḋ Mahlah, Tirsah, Hoglah, Milcah, agus Noah, inġeana Ṡeloṗehad, lé macaiḃ ḋearḃraṫar a naṫar:
12 Agus do pósaḋ íad le cineaḋ ṁac Manasseh ṁic Ióseṗ, agus do ḟan a noiġreaċd a ttreiḃ ċiniḋ a naṫar.
13Síadso na haiṫeanta agus na breiṫeaṁnuis, do aiṫin an TIĠEARNA lé laiṁ Ṁaóise do ċloinn Israel a réitiḃ Ṁoab ag Iordan láiṁ re Ieriċo.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 36: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: