Uiḃreaċa 35
35
Caibidil XXXV.
Caiṫreaċa 48 na Leḃiteaċ, go na ccuiminiḃ. 6 Séisior ḋíoḃ arson dídin don luċd do ḋéana dunṁarḃaḋ gan ṁíorunn. 9 Reaċd ar an dunmarḃaḋ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise a réiteaċ Ṁoab láiṁ re Iordan a ḃfogus do Ieriċo, ġá ráḋ,
2Aiṫin do ċloinn Israel, go ttugdáois do na Leḃítiḃ doiġreaċd a seilḃe caiṫreaċa ċum coṁnuiḋe ionta; agus do ḃéarṫáoi mar an gcéadna do na Leḃítiḃ coimín dá gcaiṫreaċaiḃ na ttimċioll fa ccuairt.
3Agus do ġeaḃuíd síad ná caiṫreaċa do ċoṁnuiḋe ionta; agus biáiḋ a gcoimín agá náirnéis, agus agá máoin, agus agá nainṁintiḋ.
4Agus roiṫfid coimín na ccaiṫreaċ, noċ do ḃéurṫáoi do na Leḃítiḃ, ó ḃalla na caiṫreaċ agus ó sin amaċ míle cuḃad timċioll fá gcuáirt.
5Agus toiṁeósuiġ siḃ ón gcaṫruiġ amuiġ ar an ttáoḃ ṡoir ḋá ṁíle cuḃad, agus ar an ttáoiḃ ó ḋeas ḋá ṁíle cuḃad, agus ar an ttáoḃ ṡíar ḋá ṁíle cuḃad, agus ar an ttáoḃ ṫuáiġ ḋá ṁíle cuḃad; biáiḋ an caṫair a lár: buḋ é so ḃías doiḃsion mar ċoimín na ccaiṫreaċ.
6Agus a measc na gcaiṫreaċ ḃéarṫáoi do na Leḃítiḃ biáiḋ sé caiṫreaċa ċum dídin, noċ óirdeoċṫáoi don dúnṁarḃṫaċ, ionnus go tteiṫfiḋ sé ċuige: agus cuirfíḋe na cceannsin a dó air ċeaṫraċad caṫair.
7 Mar sin béid iomlán na gcaiṫreaċ do ḃéarṫáoi do na Leḃítiḃ, a hoċd aír ceaṫraċad caṫair: íad sin do ḃéarṫáoi uáiḃ maille re na ccoiminiḃ.
8Agus na caiṫreaċa ḃéarṫáoi uáiḃ béid do ṡeilḃ ċloinne Israel: ón luċd agá ḃfuil mórán do ḃéurṫáoi móran; ón luċd agá ḃfuil beagán, ḃéarṫáoí beagán: do ḃéara gaċ éanduine dá ċaiṫreaċuiḃ do na Leḃítiḃ do réir a oiġreaċda noċ ṡealḃuiġios sé.
9¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
10Laḃair ré cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ḃeiṫí ar tteaċd a nall tar Iordan go tír Ċánaain:
11Annsin óirdeoċṫáoi ḋáoiḃ féin caiṫreaċa do ḃeiṫ na ccaiṫreaċaiḃ dídin díḃ; ċor go tteiṫfioḋ an marḃṫóir ionnta, noċ ṁuirfeas éanduine tre‐ainḃfios.
12Agus béid aguiḃ na gcaiṫreaċaiḃ dídin ón dioġaltaċ; ċor naċ éugfuiġ an dúnṁarḃtóir, nó go seasuiḋ sé a laṫair an ċoṁċruinniġ a mbreiṫeaṁnus.
13Agus biáiḋ sé caiṫreaċa dídin aguiḃ do na caiṫreaċuiḃsin do ḃéurṫáoi uáiḃ.
14Do ḃéurṫáoi uáiḃ trí caiṫreaċa don táoiḃsi do Iordan, agus do ḃéurṫáoi trí caiṫreaċa a ttír Ċánaan uáiḃ noċ ḃías na gcaiṫreaċaiḃ dídin.
15Béid na sé caiṫreaċa sin na ndídean, aráon do ċloinn Israel, agus don ċoiṁiḋṫeaċ, agus don nḟios cúarta eatorra: ċor go tteiṫfeaḋ gaċ áon do ní marḃaḋ annsin.
16Agus má ḃuáileann sé le oírnis íarruinn é, is go ḃfuiġe sé bás, ís dúnṁarḃṫóir é: cuirfiġear an fealltóir go deiṁin ċum báis.
17Agus má ḃuáileann é le dornóig cloiċe, re néugfaḋ sé, agus go ḃfuiġe bás, is dúnṁarḃṫóir é: cuirfiġear an dúnṁarḃṫóir go deiṁin ċum báis.
18Nó má ḃuáileann é lé láṁ‐arm maide, le na ḃfuiġeaḋ bás, agus go ḃfaġann sé bás, is dúnṁarḃṫóir é: agus cuirfiġear an dúnṁarḃṫaċ go deiṁin ċum báis.
19Dioġaltóir ná fola is é féin ṁuirfeas an dúnṁarḃṫóir: a nuáir ṫeigeaṁas sé ris, muirfiḋ sé é.
20Aċ má ḃeir saṫaḋ air ó ḟúaṫ, nó má ċaiṫeann éainní air déantoisg, ċor go ḃfuiġe sé bás;
21Nó má ḃuáileann tré aingiḋeaċd é lé na láiṁ, ċor go ḃfuiġe sé bás: cuirfiġear go deiṁin an té ḃuáil é ċum báis; óir is dúnṁarḃṫóir é: muirfiḋ fear dioġalta na fola an dúnṁarḃṫóír, a nuáir ṫeigeaṁas sé ris.
22Aċ má ṡáiṫeann sé é go hobann gan náṁadus, nó má ċaiṫ éinní ris gan a ḃeiṫ a noirċill air,
23Nó le cloiċ ar biṫ, lér ḃféidir duine ṁarḃaḋ, gan a ḟaicsin, agus a ċaiṫeaṁ ris, ċor go néugfaḋ sé, agus naċ ar náṁuid dó é, agus naċ ag íarruíḋ a ḋoċuir do ḃí sé:
24Annsin do ḋéanuid an coṁċruinniuġaḋ breiṫeaṁnus idir an marḃṫaċ agus dioġaltaċ na fola do réir na mbreiṫeaṁnus so:
25Agus sáorfuiḋ an coṁċruinniuġaḋ an marḃṫóir amaċ as láiṁ ḋioġaltóra na fola, agus áiseoċuiḋ an coṁċruinniuġaḋ é go caṫruiġ a ḋídin, ionar ṫeiṫ sé: agus fánfuiḋ ann go bás a nárdṡagairt, noċ do hungaḋ leis a nola náoṁṫa.
26Aċd má ṫig an marḃṫóir uáir ar biṫ táoḃ amuiġ do imliḃ ċaiṫreaċ a ḋídin, mar ar ṫeíṫ sé;
27Agus go ḃfuiġe dioġaltóir na fola é táoḃ amuiġ do imliḃ ċaiṫreaċ a ḋídin, agus go muirfe dioġaltóir na folá an marḃṫóir; ní buḋ ciontaċ fola é:
28Ar a naḋḃar gur ċóir ḋó fuireaċ iona ċaṫruiġ ḋídin go bás a nárdṡagairt: aċ tar eís ḃáis a nardṡagairt fillfiḋ an marḃṫóir go dúṫaiġ a ṡeilḃe.
29Mar sin béid na neiṫesi na reaċda breiṫeaṁnuis aguiḃ ar feaḋ ḃur sleaċda an ḃur nuile áitiuġaḋ.
30Giḋ bé ṁarḃus duine ar biṫ, cuirfiġear an dúnmarḃṫóir ċum báis lé beul fíaḋuin: aċd ní ḋéana éainḟíaḋuin aṁáin fiaḋnuise a naġuiḋ éanduine ċum go ḃfuiġeaḋ bás.
31¶ Tuilleaṁ oile ní ġeaḃṫáoi fúasglaḋ ar biṫ ar son anma dúnṁarḃṫóra, noċ atá ciontaċ ċum báis: aċ cuirfiġear ċum báis é go deiṁin.
32Agus ní ġéaḃṫáoi díoġluiġeaċd ar biṫ ar son an té do ṫeiṫ ḋá ċaṫruiġ ḋídin, ċor go tteaġaḋ a rís do ċoṁnuiḋe don dúṫaiġ, go nuige bás an tsagairt.
33Mar sin ní ṫruállfíḋe an dúṫaiġ ann a ḃfuiltí: óir truailliḋ a nfuil an dúṫaiḋ: agus ní héidír an fearann do ġlanaḋ ón nfuil ḋóirtear ann, aċd lé fuil an té do ḋóirt í.
34Ná salċuiḋ ar a naḋḃarsin an fearann a mbeiṫí, mar a gcoṁnuiġimsi: óir misi an TIĠEARNA coṁnuiġim a measc ċloinne Israel.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 35: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: