YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 32

32
Caibidil XXXII.
Fuaradar clann Ruben agus Gad, oiġreaċt ar taoḃ ṫall Iordan. 16 Ar ċuṁnantaiḃ ṫaitneaṁaċ.
1Anois do ḃí ro ṁórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn Ġad: agus a nuáír do ċonncadar fearann Iaser, agus fearann Gilead, féuċ, go raiḃ a náit na háit áirnéisi;
2Tangadar clann Ġad agus clann Réuben agus do laḃradar re Maóise, agus re Heleásar an sagart, agus ré prionnsuiḋiḃ an ċoṁċruinniġ, gá ráḋ,
3Atarot, agus Dibon, agus Iaser, agus Nimrah, agus Hesbon, agus Elealeh, agus Sebam, agus Nebo, agus Beon,
4 Eaḋon an tír do ḃuáil an TIĠEARNA a laṫair ċoṁċruinniġ Israel, is fearann áirnéise é, agus atá airnéis ag do ṡeirḃíseaċaiḃ:
5Ar a naḋḃarsin, ar síad, má fúaramar grása ad raḋarc, tugṫar an dúṫaiġsi dod ṡeirḃiseaċuiḃ mar ṡeilḃ, agus ná beirṫear nonn tar Iordan sinn.
6¶ Agus a duḃairt Maóíse re clannuiḃ Gad agus re clannuiḃ Reuben, An raċuiḋ ḃur ndearḃráiṫre ċum an ċogaiḋ, agus an suiḋfe siḃsi annso?
7Agus cread fá míṁeisníġṫí clann Israel um ḋul a nonn don tír noċ ṫug an TIĠEARNA ḋóiḃ?
8Mar so do rinneadar ḃur naiṫre, a nuáir do ċuir misi ó Ċades‐barnea dféaċuin na tíre íad.
9Oír a nuáir do ċuadar súas go gleann Escol, agus do ċonncadar an fearann, do ṁeirtniġeadar croiḋe ċloinne Israel, naċ raċaidís don dúṫaiġ noċ ṫug an TIĠEARNA ḋóiḃ.
10Agus do las fearg an TIĠEARNA a nuairsin féin, agus ṫug a ṁionna, ḋá ráḋ,
11Go deiṁin ní ḟaicfiḋ éanduine da ttáinic amaċ as an Negipt, ó ḟiċṫid blíaḋan dáois agus ós a ċionn, an dúṫaiġ do ṁionna misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; do ċionn nar leanadar misi go hiomlán:
12Aċd Caleb ṁac Ieṗunneh an Cenisíteaċ, agus Iosua ṁac Nun: óir do leanadar go hiomlán án TIĠEARNA.
13Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġuiḋ Isráel, agus do ċuir ar seaċrán san ḃfásaċ íad ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan, nó gur dioġláiṫriġeaḋ a nuile ġeinealaċ, do rinne olc a laṫair an TIĠEARNA.
14Agus, féaċuiḋ, atáṫáoise ar néirġe súas a náit ḃar naiṫreaḋ, biseaċ ḋáoineaḋ péacaḋṁuil, do ṁéaduġaḋ fós diḃḟeirge an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel.
15Oír má ḟilltíse úaḋa, fúigfiḋ sé íad gan aṁarus a rís annsa ḃfásaċ, agus scriosfuiḋ sé na dáoinesi uile.
16¶ Agus tangadar a ngar ḋó, agus a duḃradar, Do ḋéanam manraċa annso dár náirnéis, agus caiṫreaċa dár ndaoiniḃ beaga:
17Aċd raċfam féin réiḋ armṫa roiṁe ċloinn Israel, nó go mbeiream dá náit íad: agus coiṁneoċuid ar náos óg annsna caiṫreaċuiḃ daingne ar eagla áitreaḃaċ na tíre.
18Ní ḟilleam dar ttiġṫiḃ, nó go sealḃuiġid clann Israel gaċ áon a oiġreaċd féin.
19Oír ní íarrfuimne oiġreaċd maille riú don táoiḃ úd do Iordan, nó ṫairis sin; do ċionn gur ṫuit ar noiġreaċd ċuguinn don táoiḃsi do Iordan leiṫ ṡoir.
20¶ Agus a duḃáirt Maóise riú, Má niṫí an nísi, má ṫig siḃ armṫa roiṁe an TIĠEARNA ċum cogaiḋ,
21Agus go raċṫáoi uile armṫa tar Iordan a laṫair an TIĠEARNA, nó go ndíbriġ sé roiṁe amaċ a naiṁde ón ḟiaġnuisi,
22Agus go ccláoiḋfiġear an dúṫaiġ a laṫair an TIĠEARNA: annsin fillfiġe fá ḋeóiġ, agus beiṫí neiṁċiontaċ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair Israel; agus biáiḋ an fearannsa na ṡeilḃ aguiḃsi a laṫair an TIĠEARNA.
23Aċd muna ndeárnṫáoi so, féaċuiḋ, do ṗéacuiġeaḃair a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus bíoḋ a ḋearḃ aguiḃ go ḃfuiġiḋ ḃur bpéacuiḋ amaċ siḃ.
24Deanuiḋ caiṫreaċa dá ḃur ndáoiniḃ beaga, agus mánraċa dá ḃur gcáorċuiḃ; aċ déanuiḋ an ní ṫáiníc amaċ as ḃur mbéul.
25Agus do laḃradar clann Ġad agus clann Réuben ré Maóise, ḋá ráḋ, Do ḋéanuid do ṡerḃísiġ mar do aiṫin mo ṫiġearna.
26Béid ar gclann ḃeag, agus ar mná, agus ar ttréáda, agus ar náirnéis uile, annsin a gcaiṫreaċaiḃ Gilead:
27Aċd raċuid do ṡeirḃísiġ ṫairis, gaċ éanduine armalta ċum an ċogaiḋ, do ċaṫuġaḋ roiṁe an TTIĠEARNA, mar a deir mo ṫiġearna.
28Mar sin do aiṫin Maóise ḋá ttaóiḃ do Eleásar an sagart, agus do Iosua ṁac Nun, agus daiṫriḃ onóraċa ṫreaḃ ċloinne Israel:
29Agus a duḃairt Maóise riú, Má ṫiagaid clann Ġad agus clann Réuben liḃ tar Iordan, gaċ éanduine armṫa ċum caṫa, a laṫair an TIĠEARNA, agus go ccloiḋfiġear an tír roṁuiḃ; annsin do ḃearṫáói tír Ġilead ḋoiḃ mar ṡeilḃ:
30Aċ muna ndeaċaid síad liḃ a nunn armṫa, do ġeaḃuid sealḃ ḃur measc a ttír Ċanáain.
31Agus do ḟreagradar clann Ġad agus clann Réuben gá ráḋ, Mar a duḃairt an TIĠEARNA red ṡerḃíseaċuiḃ, is mar sin do ḋéanaimne.
32Raċam ṫairís anonn armṫa roiṁe an TTIĠEARNA go tír Ċanaáin, ċor go maḋ linn ar sealḃ don táoiḃsi do Iordan.
33Agus ṫug Maóise ḋóiḃ, eáḋon do ċloinn Ġad, agus do ċloinn Réuben, agus do leaṫ ṫreiḃe Ṁanasseh ṁic Ioseṗ, rioġaċd Sihon ríġ na Namoríteaċ, agus rioġaċd Og riġ Basan, an fearann gun a ċaiṫreaċaiḃ annsna foirimliḃ, mar atáid caiṫreaċa na tíre timċioll fá gcuáirt.
34¶ Agus do rinneadar clanna Gad Dibon, agus Atarot, agus Aroer,
35Agus Atrot, Soṗan, agus Iaaser, agus Iogbehah,
36Agus Betnimrah, agus Betaran, caiṫreaċa ċuṁdaiġe: agus mánraċa, do ċáorċuiḃ.
37Agus do ċuireadar clann Réuben súas Hesbon, agus Elialeh, agus Círiataim,
38Agus Nebo, agus Baalmeon, (ar naṫruġaḋ a nanmann,) agus Sibmat: agus tugadar anmanna oile air na caiṫreaċaiḃ do rinneadar.
39Agus do imiġeadar clann Ṁaċír ṁic Manasseh go Gilead, agus do ṡealḃuiġeadar é, agus do ċuireadar as seilḃ an Tamoríteaċ do ḃí ann.
40Agus ṫug Maóise Gilead do Ṁaċir ṁac Manasseh; agus do ċoṁnuiġ sé ann.
41Agus do ċuáiḋ Iair ṁac Manasseh agus do ġlac a mbailte beaga san, agus do ġoir Haḃot‐Iáir ḋíoḃ.
42Agus do ċuáiḋ Nobah agus do ġlac Cenat, agus a ḃailte beaga, agus do ġoir Nobah ḋe, do réir a anma féin.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 32: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in