Uiḃreaċa 29
29
Caibidil XXIX.
Leanṁuinne ar reaċd na nioḋbarṫa agus na nofrala, ar na laeṫiḃ ṡollaṁanta.
1Agus annsa seaċdṁaḋ mí, ar an ccéad lá don ṁí, biáiḋ coṁġairm náoṁṫa aguiḃ; ní ḋéantáoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ: is lá na stoc do ṡéideaḋ ḋoíḃ é.
2Agus ofráilfiḋ ofráil loíscṫe mar ḋeaġḃolaḋ don TIĠEARNA; éanḃulóg óg, éanreiṫe, agus seaċd nuain don ċéidḃlíaḋuin gan ċáiḋe:
3Agus a nofráil ḃíḋ biáiḋ do ṗlúr cumaiscṫe le hola, trí ḋeaċṁaḋ cuid le gaċ éanḃulóíg, agus ḋá ḋeaċṁaḋ cuid lé reiṫe,
4Agus éaindeaċṁaḋ cuid lé gaċ úan, ar feaḋ na seaċd núan:
5Agus éainṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ, do ḋéanaṁ síoḋa ḋoíḃ:
6Taoḃ amuiġ dofráil loiscṫe na míos, agus a ofráil ḃíḋ, agus a níoḋbuirt loiscṫe laéṫeáṁuil, agus a ofráil ḃíḋ, agus a nofráil diġe, do réir a ngnáṫuiġe, mar ḋeaġḃolaḋ, íoḋbuirt ḋéanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
7¶ Agus biáiḋ aguiḃ ar an deaċṁaḋ lá don seaċdṁaḋ ṁí coṁġairm náoṁṫa; agus cráiḋfe siḃ ḃur nanmanna: ní ḋéantáoi obair ar biṫ ann:
8Aċd ofraílfiḋe ofrail loiscṫe don TIĠEARNA mar ḋeaġḃolaḋ; éanḃulóg óg, éanreiṫe, agus seaċd nuáin don ċéidḃlíaḋuin: agus béid ḋáoiḃ gan ċáiḋe:
9Agus biáiḋ a nofráil ḃíḋ do ṗlúr cumaiscṫe le hola, trí ḋeaċṁaḋ cuid lé gaċ bulóig, agus ḋá ḋeaċṁaḋ cuid le héainreiṫe,
10A iomad ḋeaċṁaḋ cuid ar leiṫ lé gaċ úan, ar feaḋ na seaċd núan:
11Einṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ; táoḃ amuiġ dofráil peacaiḋ na síoḋa, agus na hofrála loiscṫe gnáṫuiġ, agus a ofrála bíḋ, agus a nofráil diġe.
12¶ Agus ar an ccuígeaḋ lá deug don tseaċdṁaḋ ṁí biaiḋ aguiḃ coṁġairm náoṁṫa; ní ḋéantáoi obair ṡaoṫraċ ar biṫ, agus cuiṁdeóċṫáoi féasta don TIĠEARNA seaċd la:
13Agus ofráilfiḋ ofráil loiscṫe, agus íoḋbuirt déanta lé teiniḋ, do ḋeaġḃolaḋ don TIĠEARNA; trí bulóga déug óga, ḋá reiṫe, agus ceiṫre huáin déug don ċéidḃlíaḋain; béid síad gan toiḃéim:
14Agus biáiḋ a nofráil ḃíḋ do ṗlúr cumaiscṫe le hola, trí ḋeaċṁaḋ cuid lé gaċ éanḃulóig do na tríbulóguiḃ déug, ḋá ḋeaċṁaḋ cuid lé gaċ reiṫe don dá reiṫe,
15Agus deaċṁaḋ cuid ar leiṫ le gaċ úan do na ceiṫre húanuiḃ déug:
16Agus éinṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacuiḋ; táoḃ amuiġ don nofráil ġnáṫuiġ loiscṫe, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
17¶ Agus ar an dara a ofráilfiḋ ḋá ḃulóig ḋéag óga, ḋa reiṫe, ceiṫre húan déug don ċéidḃlíaḋain gan ċáiḋe:
18Agus a nofráil ḃíḋ agus a nofráil díġe do na bulóguiḃ, do na húanuiḃ, agus do na reiṫíḃ, biáiḋ do réir a nuiḃre, do réir an gnáṫa:
19Agus éainṁeánnán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ; táoḃ amuiġ don nofráil loiscṫe ġnáṫuiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
20¶ Agus ar an treas lá éanḃulóg déag, ḋá reiṫe, ceiṫre huáin déag don ċéidḃliaḋuin gan ċáiḋe;
21Agus a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe do na bulóguiḃ, do na reíṫiḃ, agus do na húanuiḃ, biáiḋ do réir a núiḃre, do réir an gnáṫa:
22Agus éanġaḃar ar son ofrála peacaiḋ; táoḃ amuiġ don nofráil loíscṫe ġnáṫaiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil díġe.
23¶ Agus ar an gceaṫraṁaḋ lá deiċ mbulóga, ḋá reiṫe, agus ceiṫre huáin déug don ċéaidḃlíaḋuin gan ċáiḋe:
24Agus a nofrail ḃíḋ agus a nofrála diġe do na bulóguiḃ, do na reiṫiḃ, agus do na húanuiḃ, biaiḋ do réir a nuiḃre, do réir an gnáṫa:
25Agus éinṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaíḋ; táoḃ amuiġ don nofráil loiscṫe ġnáṫuiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
26¶ Agus ar an gcúigeaḋ lá náoi mbulóga, ḋá reiṫe, ceiṫre huáin déag don ċéaidḃlíaḋuin gan ċáiḋe:
27Agus biáiḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofrála díġe do na bulóguiḃ, do na reiṫiḃ, agus do na húanuiḃ, do réir a núiḃre, biáiḋ do réir an gnáṫa:
28Agus éinṁeannán mar ofráil ṗeacuiḋ, táoḃ amuiġ don nofrail loiscṫe ġnáṫuiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
29¶ Agus ar an seiseaḋ lá oċd mbulóga, ḋá reiṫe, agus ceiṫre huáin déag don ċéidḃlíaḋain gan toiḃéim:
30Agus a nofráil ḃíḋ agus a nofrála diġe do na bulóguiḃ, do na reiṫiḃ, agus do na húanuíḃ, biáiḋ do réir a nuiḃre, do réir an ġnáṫa:
31Agus éanġaḃar mar ofráil ṗeacaiḋ; táoḃ amuiġ don nofráil loiscṫe ġnáṫaiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
32¶ Agus ar an seaċdṁaḋ lá seaċd mbulóga, ḋá reiṫe, agus ceiṫre húain déug don ċéiḋḃlíaḋuin gan ċáiḋe:
33Agus a nofráil ḃíḋ agus a nofrála diġe do na bulóguiḃ, do na reiṫiḃ, agus do na húanuiḃ, biáiḋ do réir a nuiḃre, do réir an ġnáṫa:
34Agus éanġaḃar mar ofráil ṗeacaiḋ; táoḃ amuiġ don nofrail loiscṫe ġnáṫaiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
35¶ Ar an oċdṁaḋ lá biaiḋ coṁċruinniuġaḋ sollamanta aguiḃ: ní ḋéantáoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ ann:
36Aċd ofráilfiḋ ofráil loiscṫe, íoḋbuirt déanta le teiniḋ, do ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA: éan ḃulóg, éanreíṫe, agus seaċd nuáin don ċéidḃlíaḋuin gan ċáiḋe:
37A nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe don ḃulóig, don reiṫe, agus do na húanuiḃ, biaiḋ do réir a nuiḃre, do reir an ġnaṫa:
38Agus éanġaḃar mar ofráil ṗeacaiḋ; táoḃ amuiġ don nofráil loiscṫe ġnáṫuiġ, agus dá hofráil ḃíḋ, agus dá hofráil diġe.
39Do ḋéantáoi na neiṫesi don TIĠEARNA ann ḃur ḃféastuiḃ cinnte, táoḃ ámuiġ dá ḃur móidiḃ, agus dá ḃur nofrála toileaṁla, ar son ḃur nofrálaċ loiscṫe, agus ar son ḃur nofrálaċ bíḋ, agus ar son ḃur nofrálaċ diġe, agus ar son ḃur nofrálaċ síoḋa.
40Agus do innis Maóise do ċloinn Israel do réir a nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA dó Ṁaóise.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 29: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.