Uiḃreaċa 27
27
Caibidil XXVII.
Oiġreaċd inġean Seloṗehad. 12 Maóise ar tí éuga 18 Do iarr an TIĠEARNA air cúram an ṗobuil do ċur ar Iosua.
1Annsin tangadar inġeana Seloṗehad, ṁic Heṗer, ṁic Gilead, ṁic Maċir, ṁic Manasseh, ṡlioċd Manasseh ṁic Ioseṗ: agus is íad so anmanna a inġean; Mahlah, Noah, agus Hoglah, agus Milcah, agus Tirsah.
2Agus do ṡeasadar a laṫair Ṁaóise, agus a laṫair Eleásar an sagart, agus a laṫair na bprionnsaḋa agus an coṁċruinniġ uile, ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, gá ráḋ,
3Déug ar naṫáir annsa ḃfásaċ, agus ní raiḃ sé annsa ċuideaċduin do ċruinniġ íad féin a ccionn a ċeile a naġuiḋ an TIĠEARNA a ccuideaċda Ċórah; aċ déug sé iona ṗeacaḋ féin, agus ní raiḃ mic ar biṫ aige.
4Cred fa múċfuiḋe ainm ar naṫar ó ḃeiṫ a measc a ṁuinntire, ar son naċ ḃfuil éanṁac aige? Taḃair ḋúinne ar a naḋḃarsin sealḃ a measc ḋearḃráiṫreaċ ar naṫar.
5Agus ṫug Maóise a ccúis a laṫair an TIĠEARNA.
6¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, gá raḋ,
7Do laḃradar inġeana Ṡeloṗehad go ceart: do ḃéura tú ḋóiḃ go deiṁin sealḃ oiġreaċda a measc ḋearḃraiṫreaċ a naṫar; agus do ḃeara tú fadeara oiġreaċd a naṫar do ṫeaċd ċu a.
8Agus laiḃeora tú re cloinn Israel, gá ráḋ, Má ġeiḃ duine bás agus naċ bía áonṁac aíge, annsin do ḃeárṫáoi fá deara a oiġreaċd do ṫeaċd ċum a inġine.
9Agus muna raiḃ éaininġean aige, annsin do ḃéarṫáoi a oiġreaċd dá ḋearḃráiṫriḃ.
10Agus muna raiḃ dearḃráiṫre aige, annsin do ḃéarṫáoi a oiġreaċd do ḋearḃráíṫriḃ a aṫar.
11Agus muna raḃaid dearḃraiṫre agá aṫair, ḃéarṫáoi a oiġreaċd dá ċoṁġáol as foígsi ḋó dá ṫreiḃ, agus sealḃoċuiḋ sé é: agus bíáiḋ sé na reaċd breiṫeaṁnuis ag cloinn Israel mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
12¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Eiriġ súas ar a tslíaḃsa Abarim, agus féuċ an fearann ṫug misi do ċloinn Israel.
13Agus a nuáir do ċífe tú é, cruinneoċtar ṫú mar an gcéadna ċum do ṁuintire féin, mar do cruinniġeaḋ Aáron do ḋearḃráṫair.
14Oír do rinneaḃair caṫuġaḋ a naġuiḋ maiṫnesi (a ndíoṫraṁ Sin, a nimreasan an ċoṁċruinniġ), dóm náoṁaḋ ag a nuisge as coinne a súl: sé sín uisge Ṁeribah a Ccádes a ḃfásaċ Sin.
15¶ Agus do laḃair Maóise ris an TTIĠEARNA, ḋá ráḋ,
16Cuireaḋ an TIĠEARNA, Día spiorad a nuile ḟeóla, duine ós cionn an ċoṁċruinniġ,
17Noċ ḟéadfas dul amaċ rompa, agus ḟéadfus dul a steaċ rompa, agus noċ ṫreóroċus amaċ íad, agus noċ do ḃéara a steaċ íad; go naċ biáiḋ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA mar ċáorċa ag naċ bía áoḋuire.
18¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac ċugad Iosua ṁac Nun, duine iona ḃfuil an spiorad, agus cuir do láṁ air;
19Agus cuir a laṫair Eleásar an sagart é, agus a laṫair an ċoṁċrúinniġ uile; agus taḃair cúram ḋó dá laṫair.
20Agus cuirfe tú cuid dod onóir air, ċor go mbía coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile uṁal.
21Agus seasfa sé a laṫair Eleasar an sagart, noċ íarrfus coṁairle ḋó do réir breiṫeaṁnus Urim a laṫair an TIĠEARNA: do réir a ḟocailsion raċfuid síad amaċ, agus do réir a ḟocailsion tiocfuid síad a steaċ, eision fós, agus clann Israel uile maille ris, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ uile.
22Agus do rinne Maóise mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe: agus do ġlac sé Iosua, agus do ċuir as coinne Eleásar an sagart é, a laṫair an ċoṁċruinniġ uile:
23Agus do ċuir sé a láṁ air, agus ṫug cúram ḋó, mar do aiṫin an TIĠEARNA lé láiṁ Ṁaóise.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 27: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.