Uiḃreaċa 25
25
Caibidil XXV.
Aḋaltrannús agus ioḋolaḋraḋ ċloinne Israel, 7 ar ná smaċduġaḋ le Ṗineas.
1Agus do ċoṁnuiġ Israel a Sittim, agus do ṫosuiġeadar an pobal stríopaċus do ḋéánaṁ lé hinġinnuíḃ Ṁoab.
2Agus do ġoireadar an pobal ċum ioḋbarṫa a ndée: agus do iṫeadar an pobal, agus do cláonadar síos dá ndéeiḃ.
3Agus do íaḋ Israel é féin lé Baal‐Peor: agus do las fearg an TIĠEARNA a naġuiḋ Israel.
4Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac uile uaċdaráin na ndáoine, agus croċ súas íad a laṫair an TIĠEARNA as coinne na gréine, ċor go ḃfillfiġear fearg ḟíoċṁar an TIĠEARNA ó Israel.
5Agus a duḃairt Maóise re breiṫeaṁnuiḃ Israel, Marḃuiḋ gaċ áon aguiḃ a ṁuinntir, noċ do íaḋ lé Baal‐Peor.
6¶ Agus, féuċ, ṫug áon do ċloinn Israel ċum a ḋearḃráiṫreaċ bean do na Mídianaċuiḃ a raḋarc Ṁaóise, agus a raḋarc ċoṁċruinniġ ċloinne Israel, noċ do ḃí gul ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
7Agus a nuáir do ċonnairc Ṗíneas, ṁac Eleásar, ṁic Aáron an sagart, sin, do éiriġ súas a measc an ċoṁċruinniġ, agus do ġaḃ gaṫ beag iona láiṁ;
8Agus do ċuáiḋ a ndíaiġ a nḟir do Israel don lóistín, agus do ṡaiṫ ṫríoṫa aráon, an fear do Israel, agus an ḃeann tré na bolg. Mar sin do coisgeaḋ an ṗláiġ ó ċloinn Israel.
9Agus an ṁéid fuáir bás don ṗláiġ do buḋ ceiṫre ṁíle ḟiṫċiod íad.
10¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, ġa ráḋ,
11Do ḟill Ṗineas, ṁac Eleásar, ṁic Aáron an sagart, mfearg ó ċloinn Israel, an tan do ḃí sé teasġráḋaċ ar mo ṡonsa na measc, go nar ṁarḃ mé clann Israel tré mo éud.
12Uime sin abair, Féuċ, dó ḃeirim ḋó mo ċunnraḋ sioṫċána:
13Agus do ġeaḃa seision é, agus a ṡíol na ḋiáiġ, martá connraḋ sagartaċda síorruiḋe; do ċionn go raiḃ teasġráḋaċ do Ḋía, agus go ndeárna síoṫ ar son ċloinne Israel.
14Annois ainm an Israelítiġ do marḃaḋ, noċ do marḃaḋ maille leis an mnáoi Ṁídianuiġ, do buḋ é Simri, ṁac Salu, prionnsa príṁṫiġe a measc na Simeónaċ.
15Agus bá hé ainm na mná Mídianuiġe do marḃaḋ Cosbi, inġean Sur; noċ bá ceann ós cionn ṗobail, agus tiġe móire a Mídian.
16¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋa ráḋ,
17Buáiḋir na Mídianuiġ, agus buáil iad:
18Oír atáidsion dod ḃuaiḋreaḋsa le na ccealguiḃ, ler ṁealladar siḃ a gcúis Ṗeor, agus a gcúis Ċosḃi, inġean ṗrionnsa do Ṁídian, a ndeirḃṡíur, noċ do marḃaḋ a ló na pláiġe ar son Ṗeor.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 25: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.