YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 2

2
Caibidil II.
Eaċd suiġiuġaḋ na ntreaḃa a bfoslungṗort.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maoise agus re Haáron, da ráḋ,
2Suíġeoċuiḋ gaeh uile ḋuine do ċloinn Israel láiṁ re ná ḃratuiġ féin, maille ré bratuiġ ṫiġ a naiṫréaḋ: a ḃfad a maċ timċioll fa gcúairt ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe ṡuiḋeoċuid siad.
3Agus don táoḃ ṡoir leaṫ ré héirġe na gréine suiḋeoċuid luċd bratuiḋe ḟoslungṗuirt Iúdah ar feaḋ a sluáiġ: agus Nason mac Aminadab ḃias na ċaiptín ar cloinn Iúdah.
4Agus ba hé a ṡlúaiġ, agus an ṁéidsi do háirṁeaḋ ḋioḃ, do ḃádar ceiṫre ṁíle ḋéug agus trí fiċid agus sé ċéud.
5Agus an luċd ṡuíḋeoċus ní is foigse ḋó buḋ iad treaḃ Issacar: agus Netaneel mac Súar sé ḃus caiptín do ċloinne Issaċar.
6Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do ḃádar caogad agus ceiṫre ṁíle agus ceiṫre ċéad.
7 Annsin treaḃ Sebulun: agus Eliab mac Helon sé ḃus caiptín ar ċloinn Sebulun.
8Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do ḃádar caogad agus seaċd mile agus ceiṫre ċéud.
9A nuile do háirṁeaḋ a ḃfoslungṗort Iúdah do buḋ céad mile agus ceiṫre fiċid mile se míle agus ceiṫre ċéad, líon a slúaiġ. Is íad so raċus a maċ ar tús.
10¶ Don taoiḃ ṫeas ḃias brataċ ċampa Reúben do réir a slúaġ: agus buḋ é Elisur mac Sédeur caiptin ċloinne Reúben.
11Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋioḃ sin, dó ḃádar ḋá ḟiċiód agus sé ṁíle agus cúig ċéad.
12Agus an luċd ṡuíḋfeas láiṁ ris buḋ íad treaḃ Ṡimeon: agus caiptín ċloinne Ṡimeon buḋ é Selumiel mac Suriṡaddai.
13Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do ḃádar na gcaogad agus na naoi mile agus na ttrí ccéad.
14Ann sin treaḃ Gad: agus buḋ é Eliasaṗ mac Reḃel caiptín ċloinne Gad.
15Agus do buḋ é a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋioḃ, ceaṫraċad agus cúig ṁíle agus sé ċéad agus caogad.
16An ṁéid do háireaṁ a ḃfoslungṗort Reúben do ḃádar céad agus caogad agus a háon ṁíle agus ceiṫre ċéud agus caogad, lion a slúaiġ. Agus is íad raċas ámaċ ansa dara hordúġaḋ.
17¶ Annsin gluaisfiḋ tabernacuil án ċoṁċruinniġṫe ar aġaíḋ lé campa na Leḃíteaċ ameaḋon an ċampa: mar as gnáṫ a ccampa ṡuíġeaḋ, mar sin raċuid siad ar a naġaíḋ, gaċ éanduine na áit féin a ḃfocair a mbrataċ.
18¶ Don taoiḃ ṡíar ḃias brataċ ċampa Eṗráim do réir a slúaiġ: agus buḋ é caiptín ċloinne Eṗraim Elisama mac Amihúd.
19Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do buḋ ceaṫraċad míle agus cúig ċéad.
20Agus láiṁ ris ḃías treaḃ Ṁanasseh: agus buḋ é caiptín ċloinne Ṁanasseh Gamaliel mac Pedahsur.
21Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do buḋ tríoċad agus ḋá ṁíle agus dá ċéad.
22Annsin treaḃ Ḃeniamin: agus buḋ é Abidan mac Ġideoni caiptín ċloinne Ḃeniamin.
23Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do buḋ tríoċad agus cúig ṁíle agus ceiṫre ċéad:
24An ṁéid do háirṁeaḋ do ċampa Eṗraim do ḃádar céad míle agus oċd míle agus céud, líon a sluaiġ. Agus raċuid air a naġaiḋ san treas suiġinḋ.
25¶ Brataċ ċampa Dan biaiḋ si don taoḃ ṫuáiḋ maille ré na slúaġaiḃ: agus buḋ é Ahieser ṁac Amiṡaddai caiptín ċloinne Dan.
26Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do buḋ trí fiċid agus dá ṁíle agus seaċd gcéad.
27Agus an drong ḋéanas campa na ġar buḋ íad tréaḃ Aser: agus caiptín ċloinne Aser buḋ é Pagiel mac Ocran.
28Agus a ṡluaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋioḃ, do buḋ ḋá ḟiċid agus aon ṁile agus cúig ċéad.
29¶ An sin treaḃ Naṗtali: agus buḋ é Ahirah mac Enan caiptín ċloinne Naṗtali.
30Agus a ṡlúaġ, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋioḃ, do buḋ caogad agus trí ṁíle agus ceiṫre ċéad.
31An ṁéid do háirṁeaḋ a ccampa Dan do buḋ céad míle agus caogad agus seaċd mile agus sé ċeud. Is íad sin raċus fa ḋeireaḋ lená mbrataċaiḃ.
32Is íad so an ṁéid do háirṁeaḋ do ċloinn Israel do réir ṫiġe a naiṫreaḋ: an ṁéid uile do háirṁeaḋ do na foslungṗortuiḃ ar feaḋ a slúaġ do buḋ sé ċéud míle agus tri ṁíle agus eúig ċéad agus caogad.
33Aċd níor háirṁeaḋ na Leḃitiġ a measc ċloinne Israel; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
34Agus do rinnéadair clann Israel do réir gaċ a nduḃairt an TIĠEARNA re Maóise: mar sin do ṡuiḋeadair a bḟoċair a mbrataċa, agus mar sin do ċúadair ar a naġaíḋ, gaċ éanduine do réir a ṁuinntire, do réir tiġeaḋ a naiṫreaḋ.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 2: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in