Uiḃreaċa 1
1
Caibidil I.
Coṁáireaṁ na nslóiġ do ṫainic as Egipt. 1 603550 taoḃ amuiċ do ṫréiḃ Léḃi, noċ nar bu cóir an uiḃir do ġlacaḋ, maille re cáċ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, a ḃfásaċ Sínái, a ttabernacuil án ċoṁċruinniġṫe, an ċéad lá don dara ṁí, an dara ḃlíaḋan tar éis a tteaċd amaċ as críċ na Hégipte, dá ráḋ,
2Glácuiḋ suim ċoṁċruinniġṫe ċloinne Israel uile, dó réir a muinntearaḋ, maille ré uiḃir a nanmann, gaċ uile ḟearḋa do reir a cceann;
3O ċíonn ḟiċid blíaḋan dáois agus ós a ċionn, an ṁéid atá iondula amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ a Nísrael: áireoṁuiḋ tusa agus Aáron íad dó réir a slúaiġ.
4Agus bioḋ ad ḟoċairsi duine dá gaċ éaintreiḃ; gaċ éanċeann tíġe ar lorg a naiṫreaḋ.
5¶ Agus a síadso anmanna na ndáoine ṡeasfas ad ḟoċuirse: do ṫreiḃ Réuben; Elisur mac Sedeur.
6Do Ṡimeóin; Selumíel mac Suriṡaddai.
7Do Iudah; Nason mac Amínadab.
8Do Isaċar; Netaneel mac Suar.
9Do Ṡebulun; Elíab mac Helon.
10Do ċloinn Ióseṗ: ó Eṗraim Elisama mac Amihud: ó Ṁanasseh; Gamaliel mac Pedasur.
11Do Ḃeniamin; Abidan mac Gideoni.
12Do Ḋan; Ahieser mac Ammiṡaddai.
13Do Aser; Pagiel mac Ocran.
14Do Ġad: Eliásaṗ mac Deuel.
15Do Naṗtali; Ahíra mac Enan.
16Ba híadso dob óirḋearca don ċoṁċruinniuġaḋ, prionnsuiḋ do ṫreaḃa a naiṫreaḋ, cinn ṁílte a Nísráel.
17¶ Agus do ġaḃ Maóise agus Aáron na dáoinesi noċ atá ar na ḃfoillsíuġaḋ ré na nanmannuiḃ:
18Agus do ċruinniġeadar an coiṁṫionól uile á ḃfoċair a ċéile an ċéud lá don dara ṁí, agus do ḟoillsiġeadar a ngeinealaċ do réir a muinntire, lé tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó ḟiċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, do réir a ccéann.
19Fá mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, is mar sin do áir sé íad a ḃfásaċ Sínái.
20Agus clann Reuben, an mac fá sine ag Israel, lé na ngeinealaċ, do réir a muinntire, do réir ṫiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, do réir a cceann, gaċ firionnaċ ó ḟíċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondula amaċ ċum coguiḋ;
21An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eáḋon do ṫreiḃ Reuben, do ḃádar sé ṁíle agus dá ḟíċid míle, agus cúig ċéud.
22¶ Do ċlannuiḃ Síméon, maille ré na ngeinealaċ, do réir a muinntire, as tiġe a naiṫreaḋ, an ṁuinntir do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do réir uiḃre a nanmann, do réir a gceann, gaċ firionnaċ ó ḟíċid blíaḋan dáois agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ ċum coguiḋ;
23An ṁeíd so do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Ṡímeon, do buḋ caogad agus naoi míle agus trí ċéad íad.
24¶ Do ċlannuiḃ Gad, do réir a nginealaċ do réir a muinteara, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó ḟiċid bliaḋan daóis agus os a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ a gcogaḋ;
25An ṁéid so do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Gad, do ḃádar na ccúig agus ceaṫraċad míle se ċéud agus caogad.
26¶ Do ċlannuiḃ Iúdah, do réir a nginealaċ, do réir a muinnteara, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir áireaṁ a nanmann, ó ḟíċid bliaḋan daóis agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul ċum cogaiḋ;
27An méid do hairṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Iúdah, do ḃádar trí fiċid agus ceiṫre ṁile deúg agus sé ċéud.
28¶ Do ċlannuiḃ Issaċar, do réir a ngínealaċ, do réir a muinntear, as tíġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre na nanmann, ó ḟiċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul ċum cogaiḋ;
29An ṁeid do hairṁeaḋ ḋioḃ, eaḋon do ṫreiḃ Issaċar, do ḃádar caogad agus ceiṫre ṁíle agus ceiṫre ċéud.
30¶ Do ċlannuiḃ Sebulun, gun a nginealaċ, do réir a muintear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó ḟiċid bliaḋan daois agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul a maċ san ċaṫ;
31An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Sebulun, do ḃádar caogad agus seaċd míle agus ceiṫre ċéud.
32¶ Do ċloinn Ióseṗ, eaḋon, do ċloinn Eṗraim, guna nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó áois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ ċum cogaiḋ;
33An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Eṗraim, do ḃadar ḋá fiċid míle agus cúig ċéud,
34¶ Do ċloinn Ṁánasseh, do réir a nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó aóis ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid dá ttáinig dul amaċ ċura cogaiḋ;
35An ṁéid so do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Ṁanasseh, do ḃádar ḋá ṁíle agus tríoċad agus dá ċéud.
36¶ Do ċloinn Ḃeniamin, do réir a nginealaċ, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó ḟíċid bliaḋan daois agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃi iondul amaċ ċum cogaiḋ;
37An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ eaḋon do ṫreiḃ Ḃeniamin, do ḃádar cúig ṁile agus tríoċad agus ceiṫre ċéud.
38¶ Do ċloinn Dan do réir a nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naíṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó aois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ ċum cogaíḋ;
39An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Dan, do ḃádar ḋa ṁíle, ṫar trí fiċid agus seaċd gcéad:
40¶ Do ċloinn Aser, do reir a nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó aois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid da dtáinic dul amaċ san ccogaḋ;
41An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Aser, do ḃádar aon agus dá ḟíċid míle agus cúig ċeud.
42¶ Do ċloinn Naṗtali, ar feaḋ a nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó aois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ ċum cogaiḋ;
43An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, eaḋon do ṫreiḃ Naṗtali, do ḃádar trí ṁíle agus caogad agus ceiṫre ċéud.
44 Ag so íad sín do háirṁeaḋ, noċ do áir Maóise agus Aáron, agus prionnsuiġe Israel, ar mbeiṫ ḋóiḃ na ndá ḟear ḋéag: do ḃí gaċ éinneaċ ḋioḃ ar son tiġe a aiṫreaḋ féin.
45Mar sin do ḃádar uile an ṁéid do háirṁeaḋ do ċlannuiḃ Israel, do réir tiġe a naiṫreaḋ, ó aois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ ċum cogaiḋ an Israel;
46An ṁéid umurro do háirṁeaḋ uíle do ḃádar sé ċéud míle agus trí ṁile, agus cúig ċéud agus caogad.
47¶ Aċd níor háirṁeaḋ na Leḃitiġ do réir treiḃe a naiṫreaḋ iona measc.
48Oir do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋa ráḋ,
49A ṁáin ní ċoṁáirfe tú treaḃ Léḃi, agus ná glac a nuiḃir a measc ċloinne Israel:
50Aċd oirdéoċa tú na Leḃítiġ ós cionn ṫabernacuil na fiaġnuisi, agus ós cionn á ṡoiṫeaċ uile, agus ós cionn gaċ éinneiṫe da mbeanann ris: iomċóruid siad an tabernacuil, agus a uile ṡoiṫeaċ; agus do ḋéanuid frioṫólaṁ ḋó, agus do ḋéanuid foslungfort fa gcúairt timċioll an tabernacuil.
51Agus a nuáir ġluaisfies an tabernacuil ar aġaíḋ, a siad na Leḃítiġ leacfas a núas é: agus a nuair ḃias an tabernacuil da ċur na ṡeasaṁ, is íad na Leḃítiġ ċuirfeas súas é: agus an coiṁiḋeaċ ṫiucfas na ċoṁġar cuirfiġear ċum báis é.
52Agus suíḋeoċuid clann Israel a lóistiníġe, gaċ éanduine aca a ḃfoċair a ḟoslungṗuirt féin, agus gaċ éanduine láiṁ ré na ḃratuiġ féin, ar faḋ a slúaġ.
53Aċd suíḋeoċuid na Leḃítiġ a scáláin fa gcuairt timċioll ṫabernacuil na fiaḋnuise, ċor naċ bia diḃḟearg ar biṫ ar ċoṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel: agus is íad na Leḃítiġ ḃias a gcúram coiṁéada ṫabernacuil na fíaḋnuise.
54Agus do rinneadar clann Israel do réir a nuile neiṫe do ráiḋ an TIĠEARNA ré Maóise, is mar sin do rinneadar san.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 1: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: