YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 13

13
Caibidil XIII.
Do ċuireadur luċd rannsaġaḋ ṫír na geallaṁna úaḋa.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, dá ráḋ,
2Cuir dáoine amaċ go spíndis tír Ċanaáin, noċ do ḃeirimsi do ċloinn Israel: do gaċ éintreiḃ dá naiṫriḃ ċuirfeas tú duine amaċ, gaċ éanduine na riaġlóir na measc.
3Agus do ċuir Maóise le haiṫne an TIĠEARNA amaċ íad as ḟásaċ Ṗáran: na dáoine sin uile do buḋ ceann ar ċloinn Israel.
4Agus do buḋ íadso a nanmanna: do ṫreiḃ Réuben, Sammua ṁac Saccur.
5Do ṫreiḃ Simeoin, Saṗat ṁac Hori.
6Do ṫreiḃ Iudah, Caleb ṁac Ieṗunneh.
7Do ṫreiḃ Issaċar, Igal ṁac Ióseṗ.
8Do ṫreiḃ Eṗraim, Osea ṁac Nun.
9Do ṫreiḃ Beniamin, Palti ṁac Raṗu.
10Do ṫreiḃ Sebulun, Gaddiel ṁac Sodi.
11Do ṫreiḃ Ioseṗ, eaḋon, do ṫreiḃ Manasseh, Gaddi ṁac Súsi.
12Do ṫreiḃ Dan, Ammiel ṁac Gemalli.
13Do ṫreiḃ Aser, Seter ṁac Miċáel.
14¶ Do ṫreiḃ Naṗtali, Nahbi ṁac Uoṗsi.
15Do ṫreiḃ Gad, Geḃel ṁac Maċi.
16¶ Is íad so anmanna na ndáoine noċ do ċuir Maóise amaċ do ḃraṫ na dúṫaiġe. Agus do ġoir Maóise Iehosua do Osea ṁac Nun.
17¶ Agus do ċuir Maóise íad do ḃraṫ ṫíre Canaáin, agus a duḃairt riú, Gluaisiġ roṁuiḃ do náird ó ḋeas, agus éirgiḋ suas ar a tslíaḃ:
18Agus féaċuiḋ créd é an fearann; agus na dáoine aitreaḃas ann, an ḃfuilid láidir nó lag, na mbeagan nó na moran dáoine:
19Agus créd is fearann é ann a gcoṁnuiġid siad, an maiṫ nó an olc é; agus créad na caiṫreaċa ann a naitiġid siad, an ann lóistíniḃ, nó a náitiḃ daingne áitiġid:
20Agus créd é an fearann féin, an trúaġ é nó an méiṫ, an ḃfuil coill ann nó naċ ḃfuil. Agus bíṫísi beóḋa, agus tugaiḋ liḃ cuid do ṫoraḋ na tíre. Annois do bé sin aimsir na gcéadġrápuiġeaḋ abuiḋ:
21¶ Marsin do ċúadar suas, agus do spíonadar an tír ó ḟásaċ Sin go Rehob, mar a ttigid dáoine go Hamat.
22Agus do ċúadar súas buḋ ḋeas, go ttangadar go Hebron; mar a ráḃadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneaḋ Hebron seaċd mbliaḋna roiṁe Soan sa Négipt.
23Agus tangadar gus a naḃuinn Escol, agus do ġearradar annsin beangan fá éintriopall cáor fíneaṁna, agus do iomċradar é idir ḋís air ṁaide; agus tugadar leó do na pomgránada, agus do na fígiḋe.
24Do goireaḋ do naitsin sruṫ Escol, do ḃríġ an tríopuill cáor do ġearradar clann Israel as sin.
25Agús do ḟilleadar ó spíonaḋ na tíre déis ḋá ḟiċid lá.
26Agus do ġluaisiodar agus tangadar go Maóise, agus go Haaron, agus go coṁċruínninġaḋ ċloinne Israel, uíle go fásaċ Ṗáran gó Cades; agus tugadar scéula ċucasan, agus ċum an ċoṁċruinniġ uile, agus do ṫaisbeanádar toraḋ na tíre ḋóiḃ.
27Agus do innisíodar ḋóiḃ, agus a duḃradar, Tangamairne gus an ttír ionar ċuir tú sinn, agus go deiṁin atá sí ar sileaḋ dó ḃainne agus do ṁil; agus a sé so a toraḋ.
28Giḋeaḋ atáid na dáoine áitreaḃas annsa dúṫaiġ láidir, agus atáid a gcaṫireaċa do ḃallaḋuiḃ, agus atáid roṁór: agus fós do ċonncamar clann Anac annsin.
29Aítreaḃuid na Hamelecitiġ annsa ḃfearann táoḃ ó ḋeas: agus na Hititiġ, agus na Iebusítiġ, agus na Hamorítiġ, áitreaḃas ar a tsliaḃ: águs na Canaanitiġ áitreḃas láiṁ ris an ḃfairge, agus láiṁ ré leiṫimeal Iordáin.
30Agus gioḋ gur ṡocruiġ Caleb an pobal a laṫair Ṁaóise, agus a duḃaírt sé, Déanam súas a néinḟeaċd, agus sealḃuiġeam é; óir atámáod cumusaċ air a ḃuain amaċ.
31Giḋeaḋ na dáoine do ċúaiḋ leis súas, a duḃradar, Ni ḃfuilmidne iondula súas a náġaiḋ na ndáoine; óir is láidre íad ná sinn.
32Agus tugadar droċṫuaruscḃáil do ċloinn Israel ar an ndúṫaiġ noċ do spíonadar, ga raḋ, An fearann, ṫríd a ndeaċamár da spíonaḋ, is taluṁ é íosas súas a áitreaḃuiġ; agus na huíle ḋáoine da ḃfacamair ann atáid na ndáoine árraċda.
33Agus do ċoncamar annsin aiṫiġ, mic Anac, a ṫig úaṫ na faṫiġiḃ: agus du ḃámairne ann ar raḋarc féin mar ḋreóllánuiḃ teasbuiḋ, agus do ḃámar ann a raḋarcsion fós mar án gcéadna.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 13: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in