Leḃiticus 8
8
Caibidil 8
Do cuireaḋ na pearsa eagluise 14 Agus na neiṫeann oile ar leiṫ, fa ċoinne ṡerḃis aíriġṫe an TIĠEARNA.
1Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Ṁaoise, ḋá ráḋ,
2Beir leaċd Aáron agus a ṁic maille ris, agus a néaduiġe, agus an ola ungṫa, agus bulóg ċum na hofrála peacaiḋ, agus ḋa reiṫe, agus clíaḃ darán gan laiḃín.
3Agus cruinniġ an coíṁṫionól uile go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
4Agus do rinne Maóise mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe; agus do ċruinniġ an toireaċdus a gcionn a ċéile ċum doruís ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
5Agus a duḃairt Maóise ris an gcoímṫionól, Is é so an ní do aiṫin an TIĠEARNA do ḋeanaṁ.
6Agus tug Maóise Aáron agus a ṁic, agus do niġ le huisce íad.
7Agus do ċuir an cóta uime, agus do ċuir crios ṫairis, agus do ċuir an róba uime, agus do ċuir an téṗod air, agus do ċriosuiġ re crios cúiríalta a neṗod é, agus do ċeanguil leis sin uime é.
8Agus do ċuir sé an tuċdeadaċ air: agus do ċuir annsá nuċdéadaċ an Urim agus an Tummim.
9Agus do ċuir an míter ar a ċeann; ar a míter mar an gcéadna, éaḋon ar éadan an ṁíter, do ċuir sé an pláta óir, an ċoiróin náoṁṫa; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
10Agus do ġlac Maóise an ola ungṫa, agus do ungaiḋ an tabernacuil agus a raiḃ ann uile, agus do náoṁaḋ iad.
11Agus do ċroiṫ sé di ar a naltóir seaċd nuáire, agus do unguiḋ a naltóir agus a soiġiṫe uile, aráon an láḃéir agus a ċos, da náoṁaḋ.
12Agus do ḋóirt as an ola ungṫa ar ċeann Aáron, agus do ungaiḋ é, da náoṁaḋ.
13Agus tug Maóise mic Aáron leis, agus do ċuir cótuiḋ orra, agus do ċriosluiḋ íad lé creasannuiḃ, agus do ċuir buinéid orra; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
14Agus tug leis an ḃulóg ar son ofrála peacaiḋ: agus do leag Aáron agus a ṁic a láṁa ar ċionn na bulóige ċum ofrála an ṗeacaiḋ.
15Agus do ṁarḃ sé é; agus do ġlac Maóise a nḟuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra fá gcúairt lé na ṁéur í, agus do ġlan a naltóir, agus do ḋóirt a nfuíl ag bonn na holtóra, agus do náoṁaḋ í, do ḋeanaṁ aiṫṡíoṫċána uirre.
16Agus do ġlac a raiḃ do ġeir ann a nionaṫar, agus an scairt ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus a méaṫas, agus do loisc Maóise ar a naltóir íad.
17Aċd do loisc se re teiniḋ an ḃulóg, agus a ṡeiṫiġ, agus a feoil, agus a hoṫraċ táoḃ a muiċ don ċampa; mar do aíṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
18¶ Agus tug an reiṫe leis ċum na hofrála loiscṫe: agus do ċuir Aáron agus a ṁic a láṁa ar ċeann an reiṫe.
19Agus do ṁarḃ sé é; agus do ċroiṫ Maóise a nḟuil ar a naltóir fá gcuáirt.
20Agus do ġear sé an reiṫe na ṗíosuiġiḃ; agus do loisc Maóise an ceann, agus na píosuiḋ, agus an ġeir.
21Agus do niġ an mionaċ agus na cosa a nuisce; agus do loisc Maóise an reiṫe uile ar a naltóir: do ḃi na íoḋbuirt loiscṫe na ḃalaḋ ċúṁra, agus na hofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
22¶ Agus tug an reiṫe eile leis, reiṫe an ċoisricṫe: agus do leag Aáron agus a ṁic a láṁa ar ċeann an reíṫe.
23Agus do ṁarḃ sé é; agus do ġlac Maóise da ḟuil, agus do ċuir ar ḃárr cluáise deise Aáron, agus ar ordóig a láiṁe deise, agus ar ordóig a ċoise deise.
24Tug fós mic Aáron, agus do ċuir Maóise cuid do nfuil ar ḃárr a ccluás deas, agus ar ordóguiḃ a láṁ ndeas, agus ar ordóguiḃ a ccos ndeas: agus do ċroiṫ Maóise a nfuil ar a naltoir fá gcuáirt.
25Agus do ġlac an ġeir, agus an tiorbull, agus an ġeir do ḃí ar an mionaċ uíle, agus an sgairt ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir, agus an slinnéun deas:
26Agus do ḃean áon ḃáirġean daran gan laiḃín, as an gclíaḃ an tarán gan laiḃin, do ḃí as coinne an TIĠEARNA, agus cáca darán smearṫa le hola, agus éan aḃlann aṁáin, agus do ċuir ar úaċdar na geire, agus an tslineáin deis íad.
27Agus do ċuir sin uile ar láṁuiḃ Aáron, agus ar láṁuiḃ a ṁac, agus do luáimniġ íad mar ófráil luáimniġṫe as cóinne an TIĠEARNA.
28Agus do ġlac Maóise as a laṁuiḃ íad, agus do loisc, ar a naltoir íad ar a nofráil loiscṫe: do ḃádar na gcois ricṫiḃ do ḃalaḋ ċuṁra: is ofráil sin déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
29Agus do ġlac Maóise an tuċd, agus do ṁáilliġ é mar ofráil luáimniġṫe a laṫair an TIĠEARNA: óir do bi sin cuid Ṁaóise do reiṫe án ċoisreacṫa; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
30Agus do ġlac Maóise cuid don ola ungṫa, agus do nfuíl do ḃí ar a naltóir, agus do ċroiṫ é ar Aáron, agus ar a éadaċ, agus ar a ṁacaiḃ, agus ar éaduiġiḃ a ṁac maílle ris; agus do náoṁuiġ sé Aáron, agus a ċulaḋ agus a ṁic, agus culaḋa a ṁac mar áon ris.
31¶ Agus a duḃairt Maóise ré Haáron agus ré na ṁacaiḃ, Bruiṫiġe a nfeóil ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: agus iṫíġe ann sin í maille ris a narán atá a gclíaḃ na gcoisreacṫaḋ, mar do aiṫin misi, dá ráḋ, Iṫeaḋ Aáron agus a ṁic é,
32Agus an fuiġeall ḃías ag a nfeóil agus ag a narán loiscfíḋe lé teindih é.
33Agus ní raċtáoi amaċ tar ḋorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ a seaċd lá, nó gó raḃuid laéṫe ḃur gcoisricṫe coiṁlíonta: óir seaċd lá ḃias sé dá ḃur gcoisreagaḋ.
34Mar do rinne sé a niuġ, is mar sin do aiṫin an TIĠEARNA a ḋéanaṁ, do ḋéánaṁ síoḋa ḋáoiḃ.
35Uime sin anfuiḋe ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ do ló agus doiḋċe seaċd lá, agus coiṁéadfuiḋe cúram an TIĠEARNA, naċ ḃfaġṫáoi bás: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋióm.
36Mar sin do rinne Aáron agus a ṁic gaċ uile ní dar aiṫin an TIĠEARNA tré láiṁ Ṁaóise.
Currently Selected:
Leḃiticus 8: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.