YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 4

4
Caibidil 4
Dliġe na hofrala arson peacaiḋ do niṫear tre ainḃfios. 3 Le sagart, 13 Lé coiṁṫional. 22 Le uaċdaran, 27 no le duine don ṗobal.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, da ráḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, ga ráḋ, Ma ṗeacúiġeann anum tré ainḃfios a naġuiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, (a ttáoḃ niṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ,) agus go ndéana sé ní a naġaiḋ éan ḋíóḃ.
3Má ṗeacuiġéann an sagart atá úngṫa do réir ṗeacaiḋ an ṗobail; ann sin tugaḋ sé ar son an ṗeacuiġ, do ṗeacuiġ sé, bulóg óg gan toiḃéim ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṗeacaiḋ.
4Agus do ḃéara sé an ḃulóg ċum doruis ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a laṫair an TIĠEARA; agus leagfa a láṁ ós cionn na bulóige, agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfiadnuise an TIĠEARNA.
5Agus glacfa an sagart ḃías ungṫa cuid dfuil na bulóige, agus do ḃéara les go tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe í.
6Agus tuimeóḃúiḋ an sagart a ṁéur ansa ḃfuil, agus croiṫfiḋ cuid do nfuil seaċd nuáire as coinne an TIĠEARNA, as coinne ḃruit na sanctóra.
7Agus cuirfiḋ an sagart cuid do nfuil ar ḃeannuiḃ altóra na túisé deaġḃoluiġ a laṫair an TIĠEARNA, noċ atá a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe; agus dóirtfiḋ sé fuil na bulóige uile ag bonn altóra na hofrála loiscṫe, noċ atá ag dorus ṫabernacuil an coṁċruinniġṫe.
8Agus beanfa sé ḋe a uile ġeir na bulóige mar ofráil ṗeacaiḋ; an ġeir ḟolċus an tionaṫar, agus a nuile ṁeaṫus ḃías ar an ionaṫar,
9Agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃios orra, noċ ḃios láiṁ ris na leasuiḃ, agus an scairt os cionn na nae, maille ris na duḃánuiḃ, béuruiḋ sé sin leis.
10Mar rugaḋ as bulóig ioḋbarṫa na hofrala síoṫċána: agus loiscfiḋ an sagart íad ar altóir na hofrála lóiscṫe.
11Agus croicionn na bulóige agus a nuile ḟeoil, maille ré na ċionn, agus le na ċosuiḃ, agus le na ṁionaċ, agus le na áoileaċ,
12Eaḋon an ḃulóg uile béaruiḋ leis amaċ táoḃ amuiġ don ċampa go hionad ġlann, mar a ndóirtear an luáiṫ amaċ, is loisgfiġear an cconnaḋ lé téine é: mar a ndóirtear an lúaiṫ amaċ is ann loiscfiġear é.
13¶ Agus má ṗeacuiġeann uile ċoṁċruinniuġaḋ Israel tré ainḃfios, agus an ni do ḃeiṫ fá ċeilt a súiliḃ an oireaċduis, agus go ndearnṫar ní éigin a naġuiḋ aiṫneaḋ an TIĠEARNA, a ttáoḃ neíṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ, agus go ḃfuilid ciontaċ;
14A nuáir ḃías fios, an ṗeacaiḋ do ṗeacuiġeadar na aġuiḋ, ann sin ofrálfiḋ an coṁċruinniuġaḋ bulóg óg ar son an ṗeacaiḋ, agus do ḃéura é as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
15Agus leagfuid sinnsir an ċoṁċruinniġṫe a láṁa ar ċionn na bulóigé as coinne an TIĠEARNA: agus muirfiḋear an ḃulóg as coinne an TIĠEARNA.
16Agus an sagárt ḃias ungṫa do ḃéara cuid dfuil na bulóige go tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
17Agus tuimeoḃuiḋ an sagart a ṁéur a gcuid do nfuil, agus croiṫfiḋ sé seaċd nuáir í as coinne an TIĠEARNA, as coinne an ḃruit.
18Agus cuirfiḋ sé cuid do nfuil ar ḃeannuiḃ na haltóra noċ atá as coinne an TIĠEARNA, atá a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus dóirtfiḋ amaċ a nfuil uile ag bonn altóra na hofrála loiscṫe, noċ atá ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
19Agus bainfiḋ sé a ġeir uile as, agus loiscfiḋ ar a naltóir é.
20Agus do ḋéana sé ris an mbulóig mar do rinne ré bulóig ar son na hofrala peacaíḋ, mar sin do ḋéana sé ría so: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋóíḃ é.
21Agus bearuiḋ sé an ḃulóg leis táoḃ amaċ don ċampa, agus loiscfiḋ í, mar dó loisc an ċéadḃulóg: is ofráil péacuiḋ í ar son an ċoṁċruinníġṫe.
22¶ A nuáir ṗeacaiḋeas uaċdarán, agus go ndearna éainní a naġaiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA a Ḋía, ttáoḃ neiṫeaḋ nár ċóir a ḋéanaṁ, agus go mbia ciontaċ;
23Nó ma ṫig, a neolus an ṗéacaiḋ, ionar ṗeacaiḋ sé; annsin do ḃéara sé ofráil leis, meannán do na gaḃruiḃ, fiorannaċ gan ċáiḋe:
24Agus leagfa a láṁ ar ċionn an ġaḃair, agus muirfiḋ é ionsa náit a marḃuid a nofráil loiscṫe as coinne an TIĠEARNA: is ofráil ṗeacaiḋ í.
25Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ lé na ṁéur, agus cuirfe sé í ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe, agus doirtfiḋ amaċ a nfuil ag bonn altóra na hofiála loiscṫe.
26Agus loiscfiḋ sé a ṁéaṫus uilé ar a naltóir, aṁuil ṁéaṫus ioḋbarṫa na hofrála sioṫċana: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a ttáoiḃ a ṗeacaiḋ, agus maiṫfíġear ḋo é.
27¶ Agus ma ṗeacuiġeann anum do ṗobul na tíre tré ainḃfios, ar ndeanaṁ eainneiṫe a naġaiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, a ttáoḃ neiṫeaḋ nár ċóir a ḋéanaṁ, agus go mbia ciontaċ;
28Nó má ḃíonn fios, an ṗeacaiḋ ionar ṗeacaiḋ sé aige: annsin do ḃéura ofráil leis, meannan do na gaḃruiḃ, bainionna gan toiḃéim, ar son an ṗeacaiḋ do ṗeacaiḋ sé.
29Agus leagfaiḋ a láṁ ar ċéann na hofrála peacaiḋ, agus muirfiḋe an ofrail peacaḋ a náit na hofrála loiscṫe.
30Agus glacfuiḋ an sagart cuid do nfuil la na ṁéur, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe í, agus dóirtfiḋ amaċ a nfuil uile ag bonn na haltóra.
31Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.
32Agus má ḃeir uan leis mar ofráil ṗeacaiḋ, do ḃeura sé leis uan bainionn gan toiḃéim.
33Agus leagfaiḋ sé a láṁ ar ċeann na hofrála peacaiḋ, agus muirfiḋ sé mar ofráil ṗeacaiḋ é ansa náit a marḃuid a nofráil loiscṫe.
34Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ lé na ṁéur, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe í, agus dóirtfiḋ amaċ a ḟuil uile ag bonn na haltóra:
35Agus bainfiḋ sé amaċ a ṁéaṫus uile, mar beantar méaṫus a nuain amaċ ó ioḋbuirt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir íad, do réir na nofrálaḋ do nioṫar lé teíniḋ don TIĠEARNA: agus do ḋéana an sagart cáḋaċas ar son an ṗeácaiḋ do rinne, agus maiṫfíġear ḋó é.

Currently Selected:

Leḃiticus 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Leḃiticus 4