Leḃiticus 3
3
Caibidil 3
Reaċd na híoḋbarṫa síoḋċána, agus buiḋeaċuis.
1Agus má ḃíonn a ofráil na ioḋbuirt ṡíoṫċana, mas don airiġe afrálas sé; má ḃionn firionn no baínionn, ofrálfuiḋ sé é gan tóiḃeim a laṫar an TIĠEARNA.
2Agus leagfa sé a láṁ ar ċionn a ofrála, agus muirfiḋ sé é ag dorus ṫabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron na sagairt an ḟuil ar an altóir timċioll fa gcuáirt.
3Agus ofrálfuiḋ sé ioḋbuirt na hofrála síoḋa ofrail déanta le teniḋ don TIĠEARNA; an ġéir ḟolċas na hinniġe, agus a nuile ṁéaṫas ḃías ar an mionaċ,
4Agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃíos orra, noċ ḃíos láiṁ ris na hárannuiḃ, agus an scairt ós cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, béaruiḋ sé sin leis as.
5Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.
6¶ Agus má ḃíonn a ofráil ar son ioḋbarṫa ofrála sioṫċána don TIĠEARNA don tréud; ḟirionn nó ḃainionn, ofráilfiḋ sé é, gan ċáiḋe.
7Má ofralann sé úan ar son a ofrála, ann sin ofrálaiḋ é a laṫair an TIĠEARNA.
8Agus leagfa a láṁ air cionn a ofrála, agus muirfiḋ é as coinne an tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfiḋ clann Aaron a ḟuil timċioll fá gcuairt ar an altóir.
9Agus ofralfuiḋ sé do ioḋbuirt na hofrála sióḋa ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA; a ġeir, agus a iorball uile, béanfuiḋ sé sin amaċ láiṁ ris an ccnáiṁ droma; agus an ġeir ḟolċus na hionaṫuir, agus an uile ṁéaṫus ḃíos ar an hinniġiḃ.
10Agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃios orra, noċ ḃios laiṁ rise na harannuiḃ, agus an scairt ós cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, beanfaiḋ se as é.
11Agus loiscfiḋ an sagart ar an altóir é: sé sin bíaḋ na hofrala déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
12¶ Agus má ḃíonn a ofráil na ngaḃar, ann sin ofrálfuiḋ sé é a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA.
13Agus leagfa a láṁ ar a ċean, agus muirfiḋ sé é as coinne ṫabernacuil an ċomċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron a ḟuil ar an altoir timċioll fa gcuairt.
14Agus ofrálfuiḋ sé á ofráil de sin, ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA; an ġeir ḟolċas na hinniġe, agus a nuile ṁéaṫus ḃíos ar an ionaṫar.
15Agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃios orra, noċ ḃíos láiṁ ris na hárannuiḃ, agus an scairt ḃíos ós cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, beanfa sé as é.
16Agus loisgfiḋ an sagart iad ar an altoir: sé sin biaḋ na hofrálá déanta le teiniḋ mar ḃolaḋ cuṁra: a nuile ṁéaṫus is léis an TIĠEARNA é.
17 Biaiḋ sé na reaċd ṡiorruiḋe da ḃur ngeinealaċaiḃ ar feaḋ ḃur náitreaḃ, naċ ióstáoi méaṫus nó fuil.
Currently Selected:
Leḃiticus 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.