YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 23

23
Caibidil 23
Dliġṫe na gcruinniuġaḋ, sna bféusta.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá raḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, agus abair ríu, A ttáoḃ ḟéastaḋ an TIĠEARNA, noċ ḟuáigeorṫaoi ḃeiṫ na ccoṁġairm náoṁṫa, is íad so mféastaíḋse.
3¶ Sé lá do ḋeantar obair: aċd is é an seaċdṁaḋ la sábbóid an tsuaiṁneasa, coṁġairm náoṁṫa é; ní ḋéantaoi obair ar biṫ ann: ís í sabbóid an TIĠEARNA í ann ḃur náitiḃ.
4Is íad so féastaiḋ an TIĠEARNA, coṁċruinniġe náoṁṫa, noċ ḟuáigeorṫáoi iona naimsir féin.
5Ann sa ċeaṫraṁaḋ déag annsa ċéidṁí tráṫnóna ḃías cáisg an TIĠEARNA.
6Agus ar an gcúigeaḋ lá déag don mbí ċeadna ḃías feasta a naráin gan laiḃín don TIĠEARNA: seaċd la íosfuiḋe arán gan laiḃín.
7An ċéad lá biaiḋ coṁġairm naoṁṫa aguiḃ: ní ḋéantáoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ ann.
8Aċ ofráilfiḋe íoḋbuirt déanta le teiniḋ don TIĠEARNA seaċd lá: annsa seáċdṁaḋ lá ḃías an ċoṁġairm náoṁṫa: ní ḋéantaoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ ann.
9¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, da raḋ,
10Laḃair re cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir ṫiucfiḋe don dúṫaiġ a táimsi do ṫaḃairt ḋaóiḃ, agus ḃeanfuiḋe a nḟoġṁar, ann sin do ḃéurtáoi punnann do ċéadṫoraḋ ḃur ḃfóġṁáir ċum an tsagairt:
11Agus croiṫfiḋ an ṗunnann aḃfiáġnuise an TIĠEARNA, dá glacaḋ air ḃur son: ar na ṁáráċ déis na sábbóide ċroiṫfios an sagart í.
12Agus ofráilfiḋe an lá sin a nuáír ċroiṫfiḋe an ṗunnann úan firionn gan aineaṁ don ċéidḃlíaḋuin mar ofráil loiscṫe don TIĠEARNA.
13Agus buḋ hé a ofráil bíḋ sin ḋá ḋeiċ gcuid do ṗlúr ṁin ċumaiscṫe lé hola, mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA mar ḃolaḋ cuṁra: agus a hofráil diġe sin is dfíon ḃias, eaḋon an ceaṫraṁaḋ cuid do hin.
14Agus ní iostaoi aran, nó grán bórṫa, no diása glasa, go ttí an la céadna a ttugaḃair ofráil ċum ḃur Ndé: biáiḋ na statúid ṡiorruiḋ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ ion ḃur nuile áit ċoṁnuiġe.
15¶ Agus coṁairfiḋe ḋaóiḃ ón lá ar na ṁáraċ déis na seóire, ón ló fa dtiuḃarṫáoi liḃ punnann na hofrála croiṫte; seaċd sábbóidiġ ċoiṁlíonfuiġear:
16Eaḋon go nuige ar na ṁáraċ a ndiáiġ an seaċdṁaḋ sábboid áireoṁṫaói cáogad lá; agus ofráilfiḋe ofráil núaḋ ḃiḋ don TIĠEARNA.
17Do ḃéurṫáoi a maċ as ḃur ttiġtiḃ ḋá ḃuilín craiṫte do ḋá ḋeáċṁaḋ cuid: do ṗlúr min ḃéid síad; bácalfuiġear maille re laiḃin íad; atáid siad na ccéadṫoraḋ don TIĠEARNA.
18Agus ofráilfiḋe leis a narán seaċd nuáin gan aineaṁ don ċéidḃlíaḋuin, agus bulóg og, agus ḋá reiṫe: béid mar ofráil loiscṫe don TIĠEARNA, maille re na nofráil ḃíḋ, agus re na nofráil diġe, eaḋon ofráil déanta le teiniḋ, do ḃolaḋ ċumra don TIĠEARNA.
19Ann sin do ḋéantaoi ioḋbuirt do ṁeannán dona gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ, agus ḋá úan don ċéaidḃlíaḋuin ar son íoḋbarṫa ofrála sioṫċána.
20Agus croiṫfiḋ an sagart íad maille ré árán an ċéadṫoruiḋ mar ofráil ċroíṫte a laṫair án TIĠEARNA, maille leis an dá úan: béid síad náoṁṫa don ṪIĠEARNA ċum an tsagairt.
21Agus fuáigeorṫáoi an lá sin féín, go mbía na ċoṁġairm naoṁṫa ḋaoiḃ: ní ḋeantaoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ ann: biáiḋ na statúid go bráḋ ann ḃur nuile áit ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.
22¶ Agus a nuáir ḃeanfuiḋe foġṁar ḃur ḃfearann, ní ḋéantaói cárnaḋ ġlan ar imliḃ an ṁaċaire a nuáir ḃeanfuiḋe é, ní mó ċruinneoċṫaoi dioġluim ḃur ḃfóġṁair: fúigfiḋe ag ná boċdtuiḃ íad, agus ag an coiṁiḋeaċ: is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
23¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ.
24Laḃair re cloinn Israel, ḋá ráḋ, Annsa seaċdṁaḋ mí, annsa ċeadlá don ṁí, ḃías sabbóid aguiḃ, cuiṁne ṡéideaḋ stoc, coṁġairm naoṁṫa.
25Ní ḋéantaoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ ann: aċd ofráilfiḋé ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
26¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
27Mar an gcéadna an deaċṁaḋ don tseaċṁaḋ mí biáiḋ na síoṫa: biáiḋ na ċóṁġairm naoṁṫa ḋaóiḃ; agus cráiḋfiḋe ḃur nanmanna, agus ofráilfiḋe ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
28Agus ní ḋéantaoi aóinġné oibre san ló sin: óir is lá síoḋa é, do ḋéanaṁ síoṫa ḋiḃ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA ḃur Ndía.
29Oír gioḋ bé ar biṫ anum naċ bía doilġiosaċ an lá sin féin, géarrfuiġear an tanum sin a maċ as lár a ṁuinntire.
30Agus gioḋ bé ar biṫ anum do ḋéanas obair ar biṫ ann sa lá sin féin, scriosfa misi an tanum sin féin as lár a ṁuinntire.
31Ní ḋéantaoi énġné oibre: biáiḋ sé na statuid go bráṫ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ ionḃur náitiḃ uile.
32 Biáiḋ na ṡabbóid suáiṁneasa ḋaóiḃ, agus cráiḋfiḋe ḃur nanmanna annsa naoiṁeaḋ don ṁí ag an tráṫnóna, ó ṫráṫnóna go tráṫnóna, ċuinneoċtaoi ḃur sabbóid.
33¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋa ráḋ,
34Laḃair re cloinn Israel, da ráḋ, An cúigeaḋ lá déag don tseaċdṁaḋ mí ḃías féasta na ttabernacuil ar feaḋ ṡeaċd lá don TIĠEARNA.
35Ar an gcéud la biáiḋ coṁġairm náoṁṫa: ní ḋéantaoi éanobair ḋaor ann.
36Seaċd lá ofrálfuiḋe íoḋbuirt déantá le teiniḋ don TIĠEARNA: ar a noċdṁaḋ lá biaíḋ ċoṁġairm náoṁṫa aguiḃ; agus ofrálfuiḋe ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA: is cruinniuġaḋ sollamanta é; agus ní ḋéantáoi obair ar biṫ ṡáoṫraċ ann
37 Is íad so féastuiḋ an TIĠEARNA, noċ ḟuáigeorṫáoi do ḃeiṫ na ccoṁġairm náoṁṫa, dofráil ofrála déanta lé teíniḋ don TIĠEARNA, ofráil loiscṫe, agus ofráil ḃiḋ, íoḋbuirt, agus ofrála díġe, gaċ éainní an a ló féin.
38Táoḃ a muiġ do ṡabbóidiḃ an TIĠEARNA, agus táoḃ a muiġ dá ḃur mbrontuiḃ, agus táoḃ a muiġ da ḃur móidiḃ uile, agus táoḃ a muiġ da ḃur nofráluiḃ ó ṫoil áontaḋuiġ, noċ do ḃéurṫáoi don TIĠEARNA.
39Mar an gcéadna annsa ċúigeaḋ lá déug don tseaċdṁaḋ mí a nuáir ċruinneoċṫáoi a steaċ soċar na ḃfearann, cuinneoċṫáoi féasda don TIĠEARNA seaċd lá: ar an gcead lá biaiḋ sabboid, agus ar noċdṁaḋ lá biaiḋ sabbóid.
40Agus géuḃṫáoi ċugaiḃ ar an ccéud lá, craoḃa ċrann mbreáḋa, géaga do ċrannuiḃ pailme, agus beangain do ċrannuiḃ tiuġa, agus soileóga an tsroṫa; agus gáirdeoċṫáoi a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA ḃur Ndía seaċd lá.
41Agus coiṁdeoċṫáoi féasta don TIĠEARNA seaċd lá san mblíaġuin. Biaiah se na statuid go bráṫ ag ḃur ngeinealaċ: coiṁéudfuiḋé é annsa seacdṁaḋ mí.
42Fanfuiḋe a mbóṫuiḃ seaċd lá; an ṁéid do rugaḋ na Nisraelitiḃ coiṁneoċuid a mbóṫuiḃ:
43Ionnus go mbía a ḟios ag ḃur sleaċtuiḃ go ttug misi ar ċloinn Israel áitreaḃ a mbóṫuiḃ, a nuáir ṫug mé as críċ na Hégipte íad: is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
44Agus do ḟoillsiġ Maoise do ċloinn Israel féastiḋe an TIĠEARNA.

Currently Selected:

Leḃiticus 23: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in