YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 2

2
Caibidil 2
Dliġe na saór-ofrala bíḋ.
1Agus a nuair ofrálus éainnéaċ ofráil bíḋ don TIĠEARNA, bioḋ a ioḋbuirt do ṗlúr ṁín; agus dóirtfiḋ ola air, agus cuirfiḋ túis air sin.
2Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:
3Agus fuiġioll na hofrála bíḋ buḋ lé Hááron agus le na ṁaċaiḃ é: is ní ronáoṁṫa dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta le teniḋ é.
4¶ Agus má ḃeir tú leaċd ofráil dioḋbuirt bíḋ ar na ḃácáil a mbácús, buḋ cáca gan laiḃin do ṗlúr ṁín é, ar na ċumasc le hola, nó aḃlanna gan laiḃín ar na nungaḋ lé hola.
5¶ Agus ma ḃionn hofrail na hofrail bíḋ ḃruiṫe a noiġeann, bía do ṗlúr mín gan laiḃín, cumascṫé le hola.
6Roinnfiḋ tú na ċodċuiḃ é, agus dóirtfe tu ola air is ofráil bíḋ é.
7¶ Agus má ḃionn hioḋbuirt na hofráil ḃiḋ annsa oiġeann friala, do ḋéantar í do ṗlúr mín le hola.
8Agus do ḃéara tú an íoḋbuirt ḃíḋ do ḋéantar do na neiṫiḃsi ċum an TIĠEARNA: agus a nuair ṫaisbeantar don tsagart é, do ḃéura ċum na haltora é.
9Agus toigeoḃuiḋ an sagart as a ofrail biḋ cuiṁne uirre, agus loiscfiḋ sé ar an altóir é: is ofráil sin déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA.
10¶ Agus an ní ḟúigfíġear don ofráil biḋ buḋ le Haáron agus le na ċloinn é: is ní ro naoṁṫa é dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta lé teniḋ.
11Aon ofráil ḃiḋ, noċ do ḃeurṫaoi ċum an TIĠEARNA, ní ḋéantar lé laiḃín: oír ní loiscfiḋe laiḃín ar biṫ, nó mil, a néanofráil don TIĠEARNA déanta lé teiniḋ.
12Ar son ofrála na gcéadṫórṫa, ofráilfiḋe don TIĠEARNA iad: aċd ní loiscfiġear ar an altoír íad mar ḃolaḋ ċuṁra.
13¶ Agus a nuile ofráil dod ṫaḃartas bíḋ leiseoċa tú lé sálann; ní mó ḟuileongas tú salann cunarṫa do Ḋé ḃeiṫ deasḃuḋ ar hofráil bíḋ: ofrálfa tú salann lé do uile ioḋbuirt.
14¶ Agus má ofrálann tú ofráil bíḋ do na ceadṫórṫuiḋ don TIĠEARNA, ofráilfe tú mar ofráil bíḋ dod ċéadṫorṫuiḃ do ḋéusuiḃ glasa arḃa ár ná ttiormuġaḋ leis an tteniḋ, arḃar buailte as déusuiḃ iomlána.
15Agus cuirfe tú ola air, agus leagfa tú túis áir: is ofrail biḋ é.
16Agus loiscfiḋ an sagart a ċuiṁne sin, cuid dá ġrán ḃuailte, agus cuid dá ola, gun a ṫúis uile: is ofráil déanta lé teniḋ é don TIĠEARNA.

Currently Selected:

Leḃiticus 2: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in