Leḃiticus 11
11
Caibidil 11
Na beaṫaiġ atá glan agus neaṁġlan. 9 Na héisg. 13 Na heúntaiṫe. 20 Na créatuircaḋ gluaisteaċ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus re Haáron, gá ráḋ riú,
2Laḃruiḋ re cloinn Israel, gá raḋ, Is iádso na beaṫaiḋ ióstaoi a measc na nainṁinteaḋ atá ar an talaṁ.
3Gioḋ bé ar bíṫ roinneas a nionga, agus a ḃfuil a ċos scoilte, agus ċognas a ċíor, a measc na nainṁinteaḋ, ióstaoi sin.
4Gioḋeaḋ ní ióstaoi iádso don ṁeíd ċognas an ċíor, na roindeas a nionga: mar atá an eáṁall, do ċionn go gcognann an ċior, aċd ní roinneann a nionga; atá sé neaṁġlan ḋaóiḃ.
5Agus an coinín, do ċionn go gcognann an ċíor, aċd ní rannann a nionga; atá sé neaṁġlan ḋaóiḃ.
6Agus án gearrḟiaḋ, do ċionn go gcognann an ċíor, aċd ní rannann a nionga; atá se neaṁġlan ḋaoiḃ.
7Agus na muca, má tá go ḃfuilid a ccosa scoilte, agus go rannann a nionga, ní ċognuid an ċíor; atáid neaṁġlan ḋaóiḃ.
8Ní iostaoi ḋa ḃfeóil, agus ní ḃeannfuiḋe re na gconabluiḋ; atáid neaṁġlan ḋaóiḃ.
9¶ Is iád so íostaoi, do nuile ní atá is na huisgiḋiḃ: a nuile ni ar a ḃfuilid éiteaċ agus sligneaċ annsna huisgiḋiḃ, annsna fairgiḃ, agus annsna sroṫaíḃ, iostaoi iádsin.
10Agus a ṁeid ar naċ ḃfuil eiteaċ no lanna annsna fairgiḃ, agus annsna sroṫaiḃ, don ṁéid corruiġeas annsna nuisce, agus déinni béo ḋá ḃfuil sna huisgiḋiḃ, béid aḋḟuaṫṁar aguiḃ:
11Béid síad na naḋḟúaṫṁaireaċd aguiḃ; ní iostaoi dá ḃféoil, aċd biáiḋ a gcuirp na naḋḟúaṫṁaireaċd aguiḃ.
12Gioḋ bé ar bíṫ air naċ bía eiteaċ nó lanna annsna huisciḋiḃ, biáiḋ sin na aḋḟúaṫṁaireaċd ḋaóiḃ.
13¶ Agus is íad so ḃías an aḋúaṫṁaireaċd aguiḃ a measc na neun; ní hiostar íad, is aḋḟuaṫṁaireaċd íad: an tiolar, an préaċán ceanann, an tiasgaire caírneaċ.
14An baḋḃ, préaċán na gcéarc do reír a ċinnéil;
15Gaċ uile ḟíaċ do reír a ċinéil;
16Agus an tulċaḃcan, agus an seaḃac oiḋċe, agus an ċúaċ, agus gaċ uile ċinéul seaḃaic.
17Agus an tulċaḃcan beag, agus an fiáċ mór, agus an tulċaḃcan mór.
18Agus a neala, agus an pelicán, agus an tiolar gréagaċ,
19Agus an ċorrġlas, agus an ċorrġríann do reír a gcinéil, agus an filbín, agus a níaltóg leaṫair.
20Gaċ uile éun ġluáiseas, ag imṫeaċd ceaṫair ċosaċ, béid aḋḟúaṫṁar ḋaóiḃ.
21Giḋeaḋ féadfaói íadso diṫe gaċ uile ní eitiollaċ ṡnáiḋeas gá ḃfuilid ceiṫre ċosa; ga ḃfuilid cosa ós cionn a ttroiġeaċ, lé lingid ar an talaṁ;
22Iád so ċeana is éidir liḃ a niṫe; án lócuiste do réir a ċinéil, agus an lócuiste ceanann mar ḃíos a ċínéil, agus an bunnán gon ċinéil, agus an orsán guna ċineil.
23Aċd a nuile ní éitollaċ gluáisteaċ, noċ gá ḃfuilid ceiṫre ċosa, béid aḋḟuaṫṁar ḋaóiḃ.
24Agus ar a son so béiṫi neaṁġlan: gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ré na cconabluiḋe biaiḋ neaṁġlan go tráṫnóna.
25Agus gioḋ bé ar biṫ iomċoras énni dá gconabluiḋ níġeaḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go tráṫnona.
26 Cónablaċ gaċ uile ainṁíḋe noċ roinneas a nionga, agus naċ biáiḋ a niónga scoilte, nó naċ ccognann a ċíor, atáid neaṁġlan ḋaóiḃ: gaċ uile ḋuine dá mbeanfa ríu, biáiḋ sé neaṁġlan.
27Agus gioḋ bé ar biṫ imṫiġeas ar a ċroḃuiḃ, a measc a nuile ṡórt beaṫaċ imṫiġeas a néinḟeaċd ceaṫair ċosaċ, atáid neaṁġlan díḃ: gaċ áon ḃeanfas re na cconabluiḋ biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna.
28Agus an té iomċorus an conablaċ, niġfiḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go tráṫnona: atáid neaṁġlan ḋaóiḃ.
29¶ Biad só mar an ccéadna neaṁġlan díḃ measc na neiṫeaḋ ngluáisteaċ ġluáiseas ar an talaṁ; an easóg, agus an luċ, agus an toirtóis gun a ċinéil.
30Agus an firéud, agus án camélion, agus a nearcluaċta, agus an selíde, agus an talpa.
31A táid so neaṁġlan ḋaóiḃ a measc an uile ṡnáiḋeas: gioḋ bé ar biṫ ḃeanas riu, a nuáir ḃíd marḃ, biaiḋ neaṁġlan go tráṫnóna.
32Agus gioḋ bé ar biṫ ní ar a dtuitfiḋ énni ḋíoḃ, a nuáir ḃías marḃ, biáiḋ sé neaṁġlan; más soiṫeaċ croinn é, nó éadaċ, nó croicean, nó sac, nó gioḋ bé ar biṫ soiṫeaċ é, le ndéantar obair ar biṫ, caiṫfiġear a ċur a nuisce, biáiḋ néaṁġlán go nóin; glanfuiḋear mar sin é.
33Agus gaċ uile ṡoiṫeaċ críaḋ, ann a ttuitfiḋ éainní ḋíoḃ, gioḋ bé ar biṫ ḃias ann biáiḋ sé neaṁġlan; agus brisfiḋe é.
34A nuile ḃíaḋ is éidir diṫe, ar a raċaiḋ an tuisce sin biáiḋ sé neaṁġlan: agus gaċ uile ḋeoċ is éidir dól ann gaċ éantsoiṫeaċ mar sin biáiḋ sé neaṁġlan.
35Agus gaċ uile ní ar a ttuitfíḋ áoinní da gconabluiḋe biáiḋ se neaṁġlan; más bácús é, no rainnesiḋe do ṗotuiḃ, brisfíġear síos íad: óir atáid siad neaṁġlan, agus béid neaṁġlan ḋaóiḃse.
36Ṫairis sin tobar nó curr, iona mbía go lór uisce, biáiḋ glan: aċd an cuid ḃeanas re na gconabluiḋ sin, biáiḋ neaṁġlan.
37Agus ma ṫuiteann éanċuid da cconablaċ ar ṡíol corṫa ḃias ċum a ċora, biáiḋ sin glan.
38Aċd má cuirṫear uisce ar biṫ ar a tsíol, agus go ttuitfiḋ aon ċuid don ċonabluiḋ ann, biáiḋ sé neaṁġlan ḋaoiḃ.
39Agus ma éugann áoinḃeaṫaċ, dar féidir liḃ iṫe; an té ḃeanas re na ċonabluiḋ sin biáiḋ sé neaṁġlan go nóin.
40Agus an té iṫeas da ċonabluiḋ niġeaḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: an té mar an gcéadna iomċras a gconablaċ niġfiḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
41Agus gaċ uile ní snaiḋṫeaċ ṡnáiḋeas air an talaṁ biáiḋ na aḋḟuaṫṁaireaċd; ni híostar é.
42Gioḋ bé ar biṫ imṫiġeas ar a mbolg, agus gioḋ bé ar biṫ ímṫiġeas ar ċeiṫre cosaiḃ, nó gioḋ bé ar a ḃfuil ní is mo do ċosuiḃ a measc na nuile neiṫeaḋ ṡnáiḋṫeaċ snáiḋeas ar an talaṁ, ní híostar íad; óir a táid na naḋḟuaṁaireaċd.
43Ni ḋéantáoi siḃ féin grisneaṁuil lé héinni snáiḋṫeaċ ṡnáiḋeas, ní mó do ḋéantaói siḃ féin neaṁġlan léo, lé ttruáilleoċṫaói siḃ na dtáoḃ.
44Oír is mise an TIĠEARNA ḃur Ndía: ar an aḋḃarsin náoṁṫoċṫaoi siḃ siḃ féin, agus heiṫí naoṁṫa; óir atáimse naóṁṫá: ní mó ṫruaillfiḋe siḃ féin lé héantsórt neiṫeaḋ ngluáisteaċ noċ ġluáiseas ar an talaṁ.
45Oír is mise an TIĠEARNA do ḃeir a máċ siḃ as talaṁ na Hégipte, do ḃeiṫ am Ḋía aguiḃ: beiṫí ar an áḋḃar sin náoṁṫa; óir a táimsi náoṁṫa.
46Asé so dliġeaḋ na mbeaṫaċ, agus ná néun, agus gaċ uile ċréatúir béo da gcorruiġean annsna huisciḋiḃ, agus gaċ uile ċréutúir dá ngluáisionn ar an talaṁ:
47Do ḋéanaḋ eidirḋealuiġe idir an glan agus an neaṁġlan, agus edir an mbeaṫaċ as éidir diṫe agus an beaṫaċ naċ éidir diṫe.
Currently Selected:
Leḃiticus 11: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: