YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 10

10
Caibidil 10
Do ṫarruing teine coiṁíġṫeaċ lasta a nsanctóra Dé, teine eile da smaċduġaḋ.
1Agus do ġlac Nadab agus Abihú, mic Aáron, sionnsa gaċ nduine aca, agus do ċuir téine ann, agus do ċuir túis uirre, agus do ofráladar teine ċoiṁiġṫeaċ a laṫair an TIĠEARNA, naċ ar aiṫin sé ḋíoḃ.
2Agus do ċuáiḋ teine a maċ ón TIĠEARNA agus do ḋioḃáiḋ sí íad, agus fúaradair bás a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.
3Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.
4Agus do ġoir Maóise Misael agus Elsaṗan, mic Ulsiel dearḃraṫair aṫar Aáron, agus duḃairt riú, Tigiḋ a leiṫ, beiriḋ liḃ ḃur ndearḃraiṫre ó ḟíaḋnuisi na sanctóra amaċ as an gcampa.
5Mar sin tangadar a ngar ḋóiḃ, águs rugadar léo íad ann a ccótaḋuiḃ a maċ as a gcampa; mar a duḃairt Maóise.
6¶ Agus a duḃairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁaca, Ná noċtuiġ ḃur gcinn, narab mó ḃrisfiḋe ḃur néádaċ; deagla go murfiḋe siḃ, agus deagla feirge do ṫeaċd ar an pobal uile: aċd caoindís ḃur ndearḃraiṫre, tiġ Israel uile, an loscaḋ noċ do las an TIĠEARNA.
7Agus ní reaċtaoi a maċ ó ḋorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: óir atá olá ungṫa an TIĠEARNA oruiḃ. Agus do rinneadar do réir ḟocail Ṁaóise.
8¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Haáron, ḋá ráḋ,
9Ná hiḃiḋ fíon nó deoċ ládir, ṫusa, nó do ṁic maille leaċd, a nuáir raċtáoi go tabérnacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: biáiḋ sin na reaċd go bráṫ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ:
10Agus ċor go ccuirfiḋe difir edir náoṁṫa agus neaṁnáoṁṫa, agus edir ġlan agus neaṁġlan;
11Agus ċor go múinfiḋe clann Israel ansa nuile statúid do laḃair an TIĠEARNA ríu lé láiṁ Ṁaóise.
12¶ Agus do laḃair Maóise re Haáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁic do ṁair, Glacuiḋ a nofráil ḃíḋ as fuiġeall dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus iṫiḋ gan láiḃín í, láiṁ ris a naltóir: óir atá ro naoṁṫa:
13Agus íostaoi é annsa náit naoṁṫa, ċionn gurob é do ċéartsa é, agus ceart do ṁac, as íoḋbarṫaiḃ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋíomsa.
14Agus íostaoi an tuċd croiṫte agus an slinneun tógṫa a náit ġloin; ṫú féin, agus do ṁic, agus hinġeana maille leaċd: óir is ceart duitse íad, agus ceart do ṁac, noċ do ḃéarṫar as ioḋbuirt na hofrála síoḋa ó ċloinn Israel.
15Do ḃéaruid léo an slinnéan togṫa agus an tuċd croiṫte maille ris na hofráluiḃ do niṫear le teiniḋ don ġeir, ċraṫaḋ mar ofráil ċroiṫte a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA; agus buḋ leatsa é, agus léad ṁacaiḃ maille leaċd, a statúid go bráṫ; mar do aiṫin an TIĠEARNA.
16¶ Agus do lorgair Maóise go diṫċiollaċ a ndiáiġ ġaḃar na hofrála peacaiḋ, agus féuċ, do loisceaḋ é: agus do ḃí sé feargaċ le Heléasar agus re Hatimar, mic Aaron do fágḃaḋ beó, gá ráḋ,
17Cread fá nár iṫeaṁair a nofráil ṗeacuiḋ an sa náit náoṁṫa, ó ta sé ró náoṁṫa, agus do ṫug Día ḋiḃsi é diomċar ċionta an ċoṁċruinniġṫe, do ḋéanaṁ sióḋa ar a son a laṫáir an TIĠEARNA?
18Féuċ, nír tugaḋ a ḟuil asteaċ taoḃ asteaċ don áit náoṁṫa: do buḋ cóir ḋaóiḃ go deṁin iṫe annsa náit naoṁṫa, mar do aiṫin mise.
19Agus a duḃairt Aáron re Maóise, Féuċ, a niuġ do ofraladar a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarládar a leiṫeid sin do neiṫiḃ ḋaṁsa: agus niṫinn a nofráil ṗeacaiḋ a niuġ, an ngéaḃṫaoi a ḃfiáḋnuise an TIĠEARNA é?
20Agus a núáir do ċualaiḋ Maóise, do ḃí se ríarṫa.

Currently Selected:

Leḃiticus 10: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in