Ioel 1
1
Caibidil I.
Fuágra dóilġios agus trosgaáh arson an tart agus na gorta, a ttáinic a leiṫ meisce agus an caiṫeaṁ.
1Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic ċum Ioel ṁac Petúel.
2Cluiniḋ so, a ḋaóine foirfe, agus tugaiḋ éisdeaċt uáiḃ, siḃsi uile ḋúṫċusaiġ na tíre. An raiḃ so ann ḃur laéṫeiḃsi, nó a láeṫiḃ ḃur naiṫreaḋ?
3Innisiḋ dá ḃur ccloinn é, agus innisioḋ ḃur cclannsa dá ccloinn féin, agus a cclannsan do ġinealaċ oile.
4Diṫ an lócust an ní dfág an ṗíast palmer; agus an ní dfág an lócust a duáiġ an ṗéist ċancair; agus an ní dfág an ṗéist ċancair a duáiġ an caterpiler é.
5Múscluiḋ, a luċt na meisce, agus guiliḋ; agus nualluiḋ, a uile luċt óla fiona, do ḃríġ a nfíona nuáiḋ; óir do gearraḋ ó ḃur mbéul é.
6Oír ṫáinic cineaḋ a níos ar mfearan, láidir, agus gan áireaṁ, a ḃfuilid a fíacla aṁuil fíacla leoṁuin, agus atáid fíacla carbaid leoṁuin ṁóir aige.
7Do rinne sé mfíneaṁuin na fásaċ, agus do ḃean an ċairt dom ċrann fíge: do rinne sé lom go hiomlán é, agus do ṫeilg úaḋ é; do rinneaḋ a géaga geal.
8¶ Caóiḋ do nós maiġdine ar na gaḃáil a saiceadaċ ar son ċéile a hóige.
9Do gearraḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofrail ḋiġe ó ṫiġ an TIĠEARNA; caóinid na sagairt, seirḃísiġ an TIĠEARNA.
10Atá an maċaire na ḟásaċ, do ní an talaṁ doilġios; óir do hanċaiṫeaḋ an tarḃar: do ṫiormaiġ an fíon núaḋ, atá a nola ag cnaói.
11Bioḋ náire oruiḃsi, a ḟeara tiġe; núalluiġ, a luċt ḋeasuiġṫe na fíneaṁna, ar son na cruiṫneaċda agus ar son na héorna; do ḃríġ gur ṁeaṫ fóġṁar an ṁaċaire.
12Do ṫiormaiġ a nfíneaṁuin súas, agus searguiḋ an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a naḃall, eaḋon do ċríonadar, uile ċrainn an ṁaċaire: do ḃríġ gur ċríon gáirdeaċus ó ṁacaiḃ na ndaóine.
13Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé.
14¶ Náoṁuiḋse troscaḋ, goiriḋ coiṁṫionól sollamonta, cruinniġiḋ na sinnsir, agus aitreaḃuiġ talṁan uile asteaċ a dtiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus éiġiḋ ċum an TIĠEARNA,
15Mo ṫruáiġe ar son an laói! óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair, agus tiucfa sé aṁuil scrios ó Nuileċuṁaċdaċ.
16Naċ ar gearraḋ amaċ an biáḋ as coinne ḃur súl, gáirdeoċas fós, agus lúaṫġáir ó ṫiġ ar Ndé?
17Do loḃ an síol fáoi na fóduiḃ, do fágḃaḋ na gairneal folaṁ, do briseaḋ sios na scióbóil; óir do ċríon an tarḃar,
18Ciondus osnaḋuid na beaṫuiġ! atáid na healḃaḋa airnéise buáiḋearṫa, do ḃríġ naċ ḃfuil beaṫa ar bioṫ aca; fós, do fágḃaḋ na tréuda cáoraċ áonranaċ.
19O a TIĠEARNA, is ċugadsa éiġfios misi: óir do ḋóiṫ an teine inḃeara a nfásuiġ, agus do loisc an lasair uile ċrainn an ṁaċaire.
20Coṁaircid fós beaṫaiġ an ṁaċaire ċugad: óir do tiormuiġeaḋ súas aiḃne na nuisgeaḋ, agus do ḋóiṫ an teine inḃeara a nfásaiġ.
Currently Selected:
Ioel 1: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: