Hosea 7
7
Caibidil VII.
Géur‐smaċt fa ċoinne ṗobuil doṫleiġis.
1Anuair buḋ mían liom Israel do leiġios, annsin do foillsiġeaḋ éigceart Eṗraim, agus urċóid Ṡamária: óir do níd síad bréaga; agus ṫig an gaduiġe a steaċ, agus milliḋ an ċoṁláiṁ ṡladṁóireaḋa amuiġ.
2Agus ní ṁeasuid siad iona ccroiḋṫiḃ go ccuiṁniġimsi a nuile olc: a nois do ṡuiġ a ngníoṁa féin iona ttimċioll, atáid as coinne maiġṫe.
3Cuirid síad lúaṫġair air an ríġ le na cciontaiḃ, agus air na prionnsaḋuiḃ le na mbréuguiḃ.
4 Atáid uile na naḋaltrannaċaiḃ, aṁuil uáiṁ te ón ḃáicéir, noċ scuirios do ṫógḃáil tairéis an taóis do ṡúaṫaḋ, nó go raiḃ na loiḃín.
5A ló ar riġ do rinneadar na prionnsaḋa tinn é le buidealuiḃ fíona; síniḋ sé a láṁ amaċ le haḃlóiriḃ.
6Oír do rinneadar a ccroiḋe ullaṁ aṁuil uáiṁ, an feaḋ luiġid a luiġeaċán: codluiḋ a mbáicéir feaḋ na hoiḋċe; ar maidin loisciḋ sé mar ṫeine lasaṁuíl.
7Atáid uile te aṁuil bácús, agus do ṡlnigeadar a mbreiṫeaṁuin; do ṫuiteadar a riġṫe uile: ní ḃfuil áon na measg ġoirios orumsa.
8Do ċumaisc Eṗraim é féin a measc an ṗobail; atá Eṗraim na ḃairġin naċ ar hiompoiġeaḋ.
9Do ṡluigeadar coiṁṫiġiḋ a neart, agus ní ḃfuil a ḟios aige: fós, atá grúag liaṫ air ann so agus ann súd, giḋeaḋ ní ḃfuil a ḟios aige.
10Agus fiaḋnuiġid úaḃar Israel a cclár a éadain: agus ni ḟillid ċum an TIĠEARNA a Ndía, agus ní íarruid é ṫairis so uile.
11¶ Is cosṁuil Eṗraim mar an ccéadna re colum súarraċ gan ċroiḋe: goirid ar a Négipt, tíaġuid do Nassíria.
12A nuáir imeoċuid siad, leiṫneoċa misi mo líon orra; do ḃéara mé síos íad aṁuil éunlaiṫ neiṁe; smaiċteoċa mé íad, aṁuil do ċúaluiḋ a ccoiṁṫionól.
13A ṁairg ḋóiḃsion! óir do ṫeiṫiodar uáimse: donas orra! do ḃriġ gur ċiontuiġeadar am aġaiḋ: bíoḋ gur ḟúascail mé íad, giḋeaḋ do laḃradar bréaga am aġaiḋ.
14Agus níor ġoireadar orum le na ccroiḋe, an tan do núalladar orum iona leabuiḋ; do ċruinniġeadar íad féin ċum arḃa agus fíona, agus do níd cogaḋ am aġaiḋsi.
15Matá gur ċeangail mé agus gur neartuiġ mé a láṁa, ṫáirissin tionscnuid síad urċóid am aġaiḋ.
16Fíllid síad, aċd ní ċum an té is ro Airde: is cosṁuil re boġa mealltaċ íad: tuitfid a bprionsaḋa leis an ccloiḋeaṁ, do ḃríġ díḃḟeirge a tteangaḋ: buḋ é so a magaḋ a ccríċ na Hégipte.
Currently Selected:
Hosea 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: