YouVersion Logo
Search Icon

Hosea 6

6
Caibidil VI.
Searmóin ṡoillier ṡolasaċ a ttáoḃ aiṫreaċus.
1Deanam, agus filleam ċum an TIĠEARNA: óir isé do ḃris, agus leiġiosuiḋ sé sinn; isé do ḃuáil, agus ceingeola sé súas sinn.
2A ccionn dá lá aiṫḃeóġa sé sinn: annsa treas lá tóigfe sé súas sinn, agus mairḟiom iona raḋarc.
3Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.
4¶ O a Eṗraim, cred do ḋéana mé riot? O a Iúdah, créad do ḋéana mé riotsa? óir atá ḃur maiṫ aṁuil néull maidne, agus imṫiġiḋ roiṁe mar an ndrúċt ṁóċ.
5Uime sin do ġeárr mé íad léis na faiġiḃ; do ṁarḃ mé íad lé bríaṫruiḃ mo ḃéil: agus atáid do ḃreiṫeaṁnuis mar an solus ṫéid amaċ.
6Oír do ḋúiliġ mé trócaire, agus ní híoḋbuirt; agus eólus Dé ní sa ṁó ná ofráil loisge.
7Aċt do ṡáruiġeadarsan mar ḋaóiniḃ, an ċunnraḋ: annsin do rinneadar go fealltaċ am aġaiḋse.
8 Is caṫair Gílead don druing oibriġios éigceart; agus atá sí ar na truáilleaḋ le fuil.
9Agus aṁuil ḟeiṫios cuideaċda ṡladṁoireaḋair ḋuine, aṁluiḋ si n marḃuid cuideaċda ṡagart annsa tsliġe dáontoil: óir do níd síad úallaċus.
10Do ċonnairc mé ní gráineaṁuil a ttiġ Israel: atá stríopaċus Eṗraim annsin, do truáilleaḋ Israel.
11Mar an ccéadna, a Iúdah, do ṡuiġiḋ sé foġṁar ḋuitsi, a nuáir do iompoiġ misi daóirsine mo ṗobail.

Currently Selected:

Hosea 6: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in