Hosea 3
3
Caibidil III.
Cláonaḋ, teilge seaċad, agus aṫċruinniuġaḋ Israel.
1Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Imṫiġ fós, graḋuiġ bean (ġráḋaċ agá caruid, giḋeaḋ atá na haḋaltrannuiġ) do réir ġráḋa an TIĠEARNA do ċloinn Israel, noċ ḟéaċus do ḋéeiḃ oile, agus ġráḋuiġios flagúin ḟíona.
2Ann sin do ceannuiġ mé ḋaṁ féin í, air ċúig ṗíosa ḋéag airgid, agus air hómer éorna, agus air leaṫ hómer éorna:
3Agus a duḃairt mé ría, Anfa tú riom mórán do láeṫiḃ; ní ḋéana tú méirdreaċus, agus ní ḃía tú aig fear oile: marsin biáiḋ misi mar an ccéadna agadsa.
4Oír biáiḋ clann Israel mórán do laéṫiḃ gan ríġ agus gan ṗrionnsa, agus gan íoḋbairt, agus gan ioṁáiġ, agus gan eṗod, agus gan teraṗim:
5Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.
Currently Selected:
Hosea 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.