YouVersion Logo
Search Icon

Hosea 1

1
CAIB. I.
Los trom‐ḃreṫeaṁnus Dé do ṫaisbeanaḋ arson ioḋolaḋraḋ, diarraḋ ar Hosea, meirdreaċ do ġaḃail na mnaói.
1Briaṫar an TIĠEARNA, noċ ṫáinic go Hosea, ṁac Beeri, a láeṫiḃ Ussiah, Iotam, Ahas, Heseciah, ríġṫe Iúdah, agus a láeṫiḃ Ieroboam ṁic Ioas ríġ Israel.
2¶ Tosaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA tre Hosea. Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Hosea, Imṫiġ, gaḃ ċugad bean stríopaċuis agus clann stríopaċuis: óir do rinne an tír stríopaċuis mór, ag deaġail ris an TTIĠEARNA.
3Marsin dimṫiġ sé agus ṫug Gomer inġean Ḋiblaim; noċ do toirrċeaḋ, agus rug mac ḋó.
4Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Goir Iesreel dainm ḋe; óir fós ar feaḋ uáine bige, agus diġeola misi fuil Iesreel air ṫiġ Iehu, agus do ḃéara mé air rioġaċd ṫiġe Israel cosg.
5Agus tiucfuiḋ a ccriċ annsa lósin go mbrisfiḋ mé bóġa Israel a ngleann Iesreel.
6¶ Agus do toirrċeaḋ a rís í, agus rug sí inġean. Agus a duḃairt Día ris, Goir Lo‐ruhamah dainm ḋi: óir ní ḃiáiḋ truáiġe agam ní sa ṁó do ṫiġ Israel; aċt cuirfiḋ mé a múġa ṫríd amaċ íad.
7Aċt biáiḋ truáiġe agum do ṫiġ Iúdah, agus tárrṫeċa mé íad maille ris an TTIĠEARNA a Ndía, agus ní lé bóġa, nó lé cloiḋeaṁ, ṫárrṫoċus mé íad, nó lé caṫ, nó lé heaċaiḃ, nó lé marcslúaġ.
8¶ Anois a núair do ċoisc sí Loruhamah, do toirrċioḋ í, agus rug sí mac.
9Annsin a duḃairt Día, Goir Loammi dainm ḋe: Oir ní siḃ mo ṗobalsa, agus ní buḋ mé ḃur Ndía.
10¶ Gidbeaḋ biáiḋ uiḃir ċlainne Israel aṁuil gaineaṁ na fairge, naċ féidir do ṫoṁas nó dáireaṁ; agus tiucfa a ccríċ, annsa náit a ndúḃraḋ ríu, Ní siḃsi mo ḋaóinesi, annsin a déarṫar ríu, Is siḃsi mic an Dé ḃí.
11Annsin cruinneoċṫar clann Iúdah agus elann Israel a naóinḟeaċd, agus cinnfid aóinċionn dóiḃ féin, agus tiucfuid súas as an ttír: óir buḋ mór lá Iesreel.

Currently Selected:

Hosea 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in