Neaḃruiḋeaċ 3
3
Caibidil III
Muna ccreidiom Díosa, neaċ rug barr ar Maóisi, 7 buḋ truime ḋúine, na an smaċd fuáir Israel crúaḋ-ċroiḋeaċ.
1Uime sin, a ḋearḃráiṫre náoṁṫa, agá ḃfuil ḃur gcuid ranna don ġairm neaṁḋa, tuguiḋ ḋá ḃur náire Absdal agus Ardṡagart ar nadṁála, eaḋon Iósa Críosd. 2Noċ do ḃí díleas don tí do órduiġ é, aṁuil do ḃí Máoisi fós ann a ṫiġsean uile. 3Oír measdar gur fíu an fearsa glóir as óirḋearca ná Máoisi, an ṁéid gur mó onóir an tí ṫógḃas an tíġ, ná an tíġ é féin. 4Oír ní ḃfuil tíġ ar bíṫ naċ duine éigin ṫógḃus é; agus an tí do ṫóg na huile neíṫe sé Día é. 5Agus go deiṁin do ḃí Máoise díleas ann a ṫíġsean uile, mar ṡearḃḟoġantuiġ, ċum fíaḋnuise na neíṫeann do ḃí ċum a laḃarṫa; 6Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne. 7Uime sin aṁuil a deir an Sbiorad Náoṁ, a niúġ má ċluin siḃ a ġúṫ, 8Ná crúaiḋiġe ḃur ccroíḋṫe, aṁuil a ló na díḃfeirge, eaḋon lá an ċaṫaiġe sa ḃfásaċ: 9Sa náit ar ċuireadar ḃur náiṫreaċa caṫúġaḋ óram, ar ḋearḃadar mé, agus a ḃfacadar moibreaċa ar feaḋ ḋá ḟiċead blíaḋan. 10Uime sin do ḃí ro ḟearg oram ris an gcineaḋ sin, agus a duḃairt mé, Atáid síad do ġnáṫ ar seaċrán ann a gcroiḋe; agus ní ḃfúaradar eólas mo ṡliġeaḋsa. 11Ionnus go dtug mé mionna um ḟeirg, Náċ raċdáois a steaċ am ṡuáiṁnios. 12Tuguiḋ aire riḃ, a ḋearḃráiṫre, náċ mbiáiḋ ḋroċ ċroíḋe gan ċreideaṁ ag éinneaċ aguiḃ uáir ar biṫ, ré dtuitfeaḋ siḃ ón Día ḃeó. 13Aċd teagusguiḋ a ċéile go láeṫ eaṁuil, an feaḋ ġoirṫear An lá niúġ ḋe; deagla éanduine aguiḃ do ḋul a gcrúas tré ṁealltóireaċd an ṗeacuiḋ. 14Oír atá ar gcuid do Ċríosd aguinn, má ċongṁamáoid go diongṁálta céudṫosaċ ar muiniġine go teaċd don ċriċ ḋeiġeanuiḋ; 15An feaḋ a deirṫear, A niúġ má ċluin siḃ a ġúṫ, ná cruáiḋiġe ḃur ccróiḋṫe, aṁuil a ló na díḃfeirge. 16Oír ar na ċluinsin, do ḋruing áiriġe, do ḃrósduiġeadar: bíoḋ náċ dearnadar uile an ṁéid ṫáinic as a Néigipt tré Ṁáoise mar sin. 17Aċd cía an dream ré a raiḃ a ḟearg ar feaḋ ḋá ḟiṫċead blíaḋan? an é náċ ris an druing do ṗeacuiḋ, agár ṫuiteadar a gcuirp sa ḃfásaċ? 18Agus cía an dream ḋá dtug sé mionna náċ raċdáois a steaċ ḋá ṡuáiṁnios, aċd aṁáin don luċd do ḃí easúṁal? 19Agus do ċímid nar ḃféidir ríu dul a steaċ tré ṁíċreideaṁ.
Currently Selected:
Neaḃruiḋeaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.