YouVersion Logo
Search Icon

Galatiánaċ 1

1
Caibidil I
Muinntir na Galatia corraċ, diombuán a gcreidiṁ.
1Pol, absdal, (ní ó ḋáoiniḃ, ná tré ḋuine, aċd tré Iósa Críosd, agus tré Ḋía an Taṫaír, noċ do ṫóg súas é ó ṁarḃuiḃ;) 2Agus na dearḃráiṫreaċa uile atá maille riom, ċum eagluiseaḋ na Galátia: 3Grása maille riḃ agus síoṫċáin ó Ḋía Aṫar, agus ó ar Dtíġearna Iósa Ċríosd, 4Tug é féin ar son ar bpeacuiġne, ċum ar sáorṫa ón droċṡáoġalsa do láṫair, do réir ḋeáġṫoile Dé eáḋon ar Naṫaírne: 5Agá ḃfuil glóír go sáoġal na sáoġal Amén.
6As iongnaḋ leam ḃeiṫ ar niompóġ ḋiḃ coṁlúaṫ sin ċum soisgéil eile ón tí do ġoir siḃ ċum grás Ċríosd: 7Ag náċ soisgéul eile é; aċd aṁáin go ḃfuil dream áiriġe dá ḃur mbuáiḋreaḋ, agus lér mían soisgél Ċríosd do ċur neimbríġ. 8Aċd boiḋ go ndéanamáoisne, no aingeal ó neaṁ, soisgéul eile do ṡeanmóir ḋáoiḃ tar an tsoisgéul do rinneamar do ṡeanmóir ḋáoiḃ ċeana, bíoḋ sé malluiġe. 9Aṁuil a duḃramar roiṁe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé ḋéanas soisgéul do ṡeanmóir ḋáoiḃ leiṫ amuíġ ḋe súd do ġaḃaḃair ċuguiḃ, bíoḋ sé malluiġṫe.
10Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día ṫeaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a ḋéunaṁ? go deiṁin dá mbéinn gus a nois ag déunaṁ toil na ndáoine, ní ḃéinn um ṡearḃḟoġantuiḋe ag Críosd. 11Agus do ḃeirim a ḟios ḋíḃ, a ḋearḃráiṫre, an soisgéil do seanmóraḋ leamsa náċ do réir ḋuine atá sé. 12Oír ní ó ḋuine fúair mé é, ná do ṫeaguisgeaḋ mé, aċd tré ṫaisbéaunaḋ Iósa Críosd.
13Oír ṡo ċúalaḃair mo ċoinḃearsáid a nallód a gcreideaṁ na Niúduiġeaḋ, eaḋon go raiḃ mé ag gérleanṁuin eagluisi Dé tar ṁóġ, agus dá sgrios. 14Agus gur mó ṫáinic mé ar maḋuiġ a gcreideaṁ na Niuduiġeaḋ ná morán dom ṁaca saṁla a measg mo ċiniḋ, ar mbeiṫ ḋaṁ ní as dúṫraċduiġe ag leanṁuin luirg mo ṡinnsear. 15Giḋeaḋ an tan do ṫoguir Día, (noċ do ċuir air leiṫ mé ó ḃruinn mo ṁáṫar, agus do ġoir tré na ġrás,) 16A ṁac féin dfoillsiuġaḋ ionnam, ionnus go mbéinn dá ṡeanmóir a measg na gcineaḋaċ; air a nuáirsin ní deárna mé cóṁairle ré fuil agus re féoil: 17Agus níor ḟill mé go Hiarusalem ċum na druinge do ḃí na napsdaluiḃ róṁam; aċd do imṫiġ mé go Harábia, agus tainic mé ar mais arís go Damascus. 18Na ḋiáiġ sin a gcionn ṫrí mblíaḋan do ḟill mé go Híarúsalém dfeuċáin Ṗeadair: agus dfan mé na ḟoċair cúig lá ḋéug. 19Agus ní ḟaca mé neaċ ar biṫ eile do na hapsdaluiḃ, aċd aṁáin Séumus dearḃráṫair an Tiġearna. 20Agus sna neiṫiḃ sgrioḃuim ċuguiḃ, féuċ, tógḃuim Día dfíaḋnuisi, náċ bréug do ním. 21Na ḋiáiġ sin ṫáinic mé go críoċaiḃ na Síria agus Cilícia: 22Agus ní raiḃ eólas oram do réir mfaicsiona ag eagluísiḃ ṫíre Iúdaiġe noċ do ḃí a Gcríosd; 23Aċd aṁáin do ċúaladar, An tí do ḃí dár ngérleanṁuin roiṁe so go ḃfuil sé a nois ag soisgéuluġaḋ an ċreidiṁ do sgrios sé roiṁe. 24Agus tugadár glóir do Ḋía dom ṫáoḃ.

Currently Selected:

Galatiánaċ 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in