YouVersion Logo
Search Icon

Eseċiel 48

48
Caibidil XLVIII.
Cuid ronna gaċ ḋuine ar leiṫ, don talaṁ naóṁṫasa.
1Anois isiad so anmanna na ttreaḃ. On ċionn ṫuáiġ go cósda ṡliġe Hetlon, mar ṫéid duine go Hamat, Hasar‐enan, téora Ḋamascus don leaṫ ṫuáiġ, go cósda Hamat; (óir is íad so a ṫáoḃa soir agus síar;) cuid ronna do Ḋan.
2Agus láiṁ ré téoruinn Dan, ón taóiḃ ṡoir eaḋon go nuige an taoiḃ ṡíar, cuid ronna do Aser.
3Agus láiṁ ré téoruinn Aser, ón taoiḃ ṡoir, eaḋon go nuige an taoiḃ ṡíar, cuid ronna do Naṗtali.
4Agus láiṁ ré téoruinn Naṗtali, ón táoiḃ ṡoir gus an dtaóiḃ ṡíar, cuid ronna do Ṁanasseh.
5Agus láiṁ ré téoruinn Ṁanasseh, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, cuid ronna do Eṗraim.
6Agus láiṁ ré téoruinn Eṗraim, ón táoiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, cuid ronna do Reuben.
7Agus láiṁ ré téoruinn Reuben, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, cuid ronna do Iúdah.
8¶ Agus laiṁ ré téoruinn Iúdah, ón taóiḃ ṡoir gus an ttaóiḃ ṡíar, do buḋ í sin a nofráil noċ ofráilfiḋe don ċúig ṁíle ḟiṫċiod slat ar leiṫead, agus air fad aṁuil cuid do na codċaiḃ oile, ón taóiḃ ṡoir gus an ttaóiḃ ṡíar: agus biáiḋ an tsanctóir iona lár.
9 Biáiḋ a nofráil do ḃéarṫaoi don TIĠEARNA cúig míle ḟiṫċiod ar fad, agus deiċ mile ar leiṫiod.
10Agus is dóiḃsin, eaḋon do na sagartaiḃ, ḃías a nofráil naoṁṫaso; don leiṫ ṫuáiġ cúig míle ḟiṫċiod ar fad, agus don leiṫ ṡiar deiċ míle ar leiṫiod, agus don leiṫ ṡoir deiċ míle air leiṫiod, agus don leiṫ ṫeas cúig míle ḟiṫċiod ar fad: águs biáiḋ sanctóir an TIĠEARNA iona lár sin.
11 Buḋ leis na sagartaiḃ é atá náoṁṫa do ṁacaiḃ Sádoc; noċ do ċoiṁéad mórduiġṫesi, naċ deaċuiḋ ar seaċrán an tan do ċúadar clann Israel ar seaċrán, mar do ċúadar na Leḃítiġ ar seaċrán.
12Agus buḋ ní ro náoṁṫa ḋoiḃsion ofráil a nfearuinnsi do ḃéarṫar amaċ láiṁ ré téoruinn na Leḃiteaċ.
13Agus biáiḋ ag na Leḃítiḃ ṫall as coinne na sagart cúig míle ḟiṫċiod air fad, agus a leiṫiod deiċ míle: buḋ cuig míle agus fiṫċe an faide eile, agus a leiṫiod deiċ míle.
14Agus ni reacfuid síad é, agus ní ṁalartfuid, ní mó ḃéuruid úaṫa féin primidil a nfearuinn: óir atá sé náoṁṫa don TIĠEARNA.
15¶ Agus biaiḋ na cúig ṁíle, do fágḃaḋ annsa leiṫead ṫall as coinne na ccúig míle ḟiṫċiod, na áit neaṁṫa don ċaṫruiġ, ċum áitreiḃṫe, agus mar ċuimíniḃ: agus biáiḋ an ċaṫair iona lár.
16Agus buḋ íadso a ttoṁais sin; an taóiḃ ṫuáiġ ceiṫre ṁile agus cúig ċéad, agus don taóiḃ ṫeas ceiṫre ṁíle agus cúig ċéad, agus don taóiḃ ṡoir ceiṫre ṁíle agus cúig ċéad, agus don taóiḃ ṡíar ceiṫre ṁíle agus cúig ċéad.
17Agus biáiḋ cuimíniḋe na caiṫreaċ don leiṫ ṫuáiġ ḋa ċéad agus cáogad, agus leaṫ ris an táoḃ ṫeas ḋa ċéad agus cáogad, agus leaṫ ris a noirṫear ḋá ċéad agus cáogad, agus don leaṫ ṡíar ḋa ċéad agus cáogad.
18Agus an ċuid oile ar leiṫne ṫall as coinne ofrála na ronna náoṁṫa biáiḋ deiċ míle don leiṫ ṡoir, agus deiċ míle don leiṫ ṡíar: agus biáiḋ sé ṫall as coinne ofrála na coda náoṁṫa; agus biáiḋ a ḃiseaċ sin mar ḃeaṫa don druing ḟriṫeolas don ċaṫruiġ.
19Agus an ṁéid friṫeolas don ċaṫruiġ foiġeonuid di as uile ṫreaḃuiḃ Israel.
20 Buḋ cúig ṁile ḟiṫċiod a nofráil uile le cúig ṁíle ḟiṫċiod: ofráilfiḋe a nofráil náoṁṫa ceaṫairḃeannaċ, maille ré seilḃ na caiṫreaċ.
21¶ Agus biáiḋ an ḟuiġioll ag an bprionnsa, air áontaóiḃ agus air an taóiḃ oile do nofráil náoṁṫa, agus do ṡeilḃ na caiṫreaċ ṫall, as coinne na cúig míle ḟiṫċiod do nofráil leaṫ ris an ttéoruinn ṡoir, agus leaṫ ṡíar ṫall as coinne na cúig mile ḟiṫċiod leaṫ ris an ttéoruinn ṡíar, ṫall as coinne ċuid ronna an ṗríonnsa: agus buḋ í sin a nofráil náoṁṫa; agus biáiḋ sanctóir an tiġe iona lár sin.
22Tuilleaṁ oile buḋ leis an bprionnsa ó ṡeilḃ na Leḃíteaċ, agus ó ṡeilḃ na caiṫreaċ, ar mbeiṫ a lár an neiṫe is leis an bprionnsa, idir ṫéoruinn Iúdah agus ṫéoruinn Ḃeniamin.
23¶ Ar son na coda oile do na treaḃuiḃ, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃṡíar biáiḋ roinn ag Beniamin.
24Agus ag téoruinn Ḃeniamin, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, do ġeaḃuiḋ Simeon roinn.
25Agus ag téoruinn Ṡímeon, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, do Isaċar roinn.
26Agus ag teóruinn Isaċar, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, do Sebulun cuid ronna.
27Agus ag téoruinn Ṡebulun, ón taóiḃ ṡoir gus an taóiḃ ṡíar, cuid ronna ag Gad.
28Agus ag téoruinn Ġad, don taóiḃ ṫeas leaṫ ris an deisceart, biáiḋ an téora eaḋon ó Ṫamar gus na sroṫaiḃ imreasuin ann Cades, agus gus a naḃuinn leaṫ ris an ḃfairge ṁóir.
29Isé so an fearann roinnfiḋesi lé crannċar do ṫreaḃuiḃ Israel mar oiġreaċd, agus siad so na ronna, a deir an Tiġearna DIA.
30¶ Agus síad so dula amaċ na caiṫreaċ don taóiḃ ṫuáiġ, ceiṫre ṁíle, agus cúig ċéad miosúr.
31Agus biáiḋ geataḋa na caiṫreaċ do réir anmann ṫreaḃ Israel, trí ġeata ṫuáiġ; aoin ġeata do Reuben, aoinġeata do Iúdah, aoinġeata do Leḃi.
32Agus don taóiḃ ṡoir ceiṫre ṁíle agus cúig ċéad: agus trí ġeata; agus áoinġeata do Ióseṗ, áoinġeata do Ḃeniamin, áoinġeata do Ḋan.
33Agus don taoiḃ ṫeas ceiṫre ṁíle agus cúig ċéad miosúr: agus trí ġeata; áoinġeata do Ṡimeon, áoinġeata do Isaċar, aóinġeata do Ṡebulun.
34Don taóiḃ ṡíar ceiṫre ṁíle agus cúig ċéad, maille ré na ttrí ġeatuiḃ; áoinġeata do Ġad, aóinġeata do Aser, aóinġeata do Naṗtali.
35Do ḃí sé timċioll fa ccuáirt oċt míle ḋéag miosúr: agus buḋ é áinm na caiṫreaċ ón ló sin, Ata TIĠEARNA annsin.

Currently Selected:

Eseċiel 48: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in