Eseċiel 47
47
Caibidil XLVII.
Na huisgeaḋa, agus ranna na tíre, ag cialluġaḋ fairsinge ġrása De, fa ntiomna núaiḋ.
1Na ḋiáiġsin ṫug sé a rís mé go dorus an tiġe; agus, féuċ, ṫangadar uisceaḋa amaċ ó faói ṫáirsiġ an tiġe leaṫ soir: óir do ṡeas éadan tosuiġ an tiġe leaṫ soir, agus ṫangadar na huisceaḋa núas ó ṫáoḃ deas an tiġe, don taóiḃ ó ḋeas do naltóir.
2Annsin ṫug sé me as sliġe an ġeata buḋ ṫuáiḋ, agus rug sé leis mé annsa tsliġe amuiġ gus an ngeata amuiġ annsa tslíġe ḟéuċus leaṫ soir; agus, féuċ, do rioṫadar uisgeaḋa air an ttaóiḃ deas amaċ.
3Agus an tan do ċuáiḋ an té agá raiḃ an doruḃa iona láiṁ amaċ leaṫ soir, do ṫoṁais sé míle cuḃad, agus ṫug sé misi ṫríd na huisgeaḋuiḃ; da ḃádar na huisgeaḋa go nuige na muġarláin daṁ.
4A ris do ṫoṁais sé míle cuḃad; agus ṫug sé misi ṫríd na huisgeaḋuiḃ; do ḃádar na huisgeaḋa gus na glúiniḃ. A rís do ṫoṁais sé míle, agus ṫug sé misi ṫríd; do ḃádar na huisgeaḋa gus na leasraċaiḃ.
5Na ḋiáiġsin do ṫoṁais sé míle; agus do ḃí na ṡruṫ naċ ar ḟéud mé dul ṫairis; óir déirġeadar na huisgeaḋa, uisgeaḋa do ṡnáṁ ionta, aḃuinn nár ḃféidir dul ṫairse.
6¶ Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, an ḃfaca tú so? Annsin rug sé leis mé, agus ṫug sé orum filleaḋ go brúaċ na haḃann.
7Anois an tan dfill mé, féuċ, do ḃádar ro ṁórán crann air ḃrúaċ na haḃann air an ttaóiḃsi agus air an ttaóiḃ oile.
8Annsin a duḃairt seision riomsa, Silid na huisgeaḋa so amaċ leiṫ ris an ttír ṡoir, agus téid síos annsa díoṫraṁ, agus téid gus an ḃfairge: air na ttaḃairt amaċ ċum na fairge, léiġeostar na huisgeaḋa.
9Agus tiucfuiḋ a ccríċ, go mairfiḋ gaċ aoinní beó, dá ccorruiġionn, gioḋ bé ar bioḋ táoḃ a rioṫuid na huisgeaḋa: agus biáiḋ iomad roṁór éisg ionta, do ḃríġ go ttiucfuid na huisgeaḋa annsin: óir béid slán; agus mairfiḋ gaċ uile ní mar a ttiucfa an sruṫ.
10Agus tiucfa a ccriċ, go seasfuid na híascairiḋe air ó En‐gedi go Hen‐eglaim; béid na náit leaṫnuiġṫe líon amaċ; béid a néisg do réir a ccinéil, aṁuil éisc na fairge móire, ro iomadaṁuil.
11Aċt ní leiġeostar a áite lábáin sin agus a áite uisgeaṁla; do ḃéarṫar do ḋéanaṁ ṡalainn íad.
12Agus fásfuiḋ láiṁ ris a naḃuinn air a brúaċ, air an táoiḃsi agus air an taoiḃ oile, a nuile ċrann ċum bíḋ, naċ ccríonfa a ḋuille, nó naċ ccaiṫfiġear a ṫoraḋ: do ḃéara amaċ toraḋ núaḋ do réir a ṁíos, do ḃríġ gur ġeiniodar a nuisgeaḋa amaċ ón tsanctóir: agus biáiḋ a ṫoraḋ mar ḃíaḋ, agus a ḋuille ċum leiġis.
13¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Búḋ í so an teora, lé ngéaḃṫaoi oiġreaċt na tíre do réir ḋa ṫreaḃ ḋéag Israel: do ġeaḃa Ióseṗ ḋa ċuid ranna.
14Agus ġeaḃṫaóise a oiġreaċt, áon coṁmaiṫ ré ċéile: noċ ar ṫóg misi mo láṁ súas da ṫáoḃ dá ṫaḃairt da ḃur naiṫriḃse: agus tuitfiḋ an fearann oruiḃ mar oiġreaċt.
15Agus buḋ í so teóra a nfearuinn leaṫ rís an ttáoḃ ṫuáiġ, ón ḃfairge móir, a sliġe Hetlon, mar ṫéid daoine go Sédad;
16Hamat, Berotah, Sibraim, noċ atá idir ṫéoruinn Damascus agus téora Hamat; Hasar‐hatticon, noċ atá láiṁ ré cósta Haḃran.
17Agus buḋ í an téora ón ḃfairge Hasar‐enan, téora Ḋamascus, agus an tuáisceart buḋ ṫuáiġ, agus téora Hamat. Agus isí so an taoiḃ ó ṫuáiġ.
18Agus toiṁeostáoi an táoḃ ṡoir ó Haḃrann, ó Ḋamascus, agus ó Ġílead, agus ó ṫír Israel laiṁ ré Iordan, ón tteóruinn gus an ḃfairge ṡoir. Agus isí so an taóiḃ soir.
19Agus an taóiḃ ó ḋeas buḋ ḋeas, ó Ṫamar go huisgeaḋuiḃ na ceannairge a Ccades, an sruṫ gus an ḃfairge ṁóir. Agus isí so an táoḃ ó ḋeas buḋ ḋeas.
20An táoḃ ṡíar mar an ccéadna buḋ í a nfairge ṁor ón ttéoruinn, nó go ttí duine a nall as coinne Hamat. Isí so an táoḃ ṡíar.
21Marsin roinnfiḋe an fearann so ḋiḃ féin do réir ṫreaḃ Israel.
22¶ Agus ttiucfa a ccriċ, go roinnfiḋe é le crannċair mar oiġreaċt díḃ féin, agus do na coiṁiġṫeaċaiḃ ḃíos ar ccuairt ḃur measc, noċ dá mbéarṫar clann ann ḃur measg: agus béid daóiḃsi mar ḋaómiḃ ḃearṫar annsa tír a measg ċloinne Israel; do ġeaḃuid síad oiġreaċd aguiḃ a measg ṫreaḃ Israel.
23Agus tiucfuiġ a ccríċ, giḋ bé tréaḃ iona ccoiṁneoċuiḋ an coiṁṫiġeaċ, garob annsin do ḃéarṫaoi oiġreaċd dó, a deir an Tiġearna DIA.
Currently Selected:
Eseċiel 47: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.