YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 38

38
Caibidil XXXVIII.
Moḋ air a ttugaḋ obair an tabernacuil go críċ.
1Agus do rinne sé altóir na nofrálaḋ loisge do ċrann Sitim: cúig cuḃad a faide, agus cúig cuḃaid a leiṫead; do ḃi sí ceaṫaírbeanaċ: agus trí cuḃad a hairde.
2Agus do rinne sé a beanna ar a ceiṫre coirnéuluiḃ; do ḃádar a beanna don cceadna: agus do ḟoluiġ sé lé prás í.
3Agus do rinne soiṫiġe na haltóra uile, na potuiġe, agus na sluáiste, agus na báisíniġ, agus na haḋail; agus na hoiġne teineaḋ: a soiṫiġe uile do rinne sé do ṗrás íad.
4Agus do rinne sé do naltóir gráta práis dobair lín fáoi na compás ṡíos nuige a lár.
5Agus do ṫeilg ceiṫre ḟáinne dá ċeiṫre ċorruiḃ an ġráta ṗráis, dá mbeiṫ ná náitiḃ do na maidiḋiḃ.
6Agus do rinné na maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiḋ le prás íad.
7Agus do ċuir sé na maidiḋe ann sna fainniḋiḃ ar ṫáoḃuiḃ na haltóra, dá hiomċar; do rinne sé a naltóir toll lé cláruiḃ.
8Agus do rinne an láḃéir do ṗrás, agus a ċos do ṗrás, do scaṫánuiḃ na mban noireaċduis, noċ do ċruinnioġaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
9Agus do rinne sé an ċúírt: ar an ttáoiḃ ó ḋeas leaṫ ó ḋeas bruit na cuirte do líon ḟínealta ċasda, do ċéad cuḃad:
10Bá fiṫċe a bpiléir, agus bá fiṫċe a soicéid práis; crúcuiḋe ná bpiléur agus a ḃfiléid dairgead.
11Agus ċum an táoiḃ ṫuáiġ bruit do ċéad cuḃad, fitċe a bpiléir, agus fitċe a soicéid ṗráis, crúcuiḋe na bpiléur agus a ḃfiléid dairgead.
12Agus ċum an táoiḃ ṡíar: bruit do ċáogad cuḃad, a bpiléir a deiċ, agus a soicéid a deiċ; crúcuiḋe na bpiléur agus a ḃfiléid dairgead.
13Agus don táoiḃ ṡoir, leaṫ ṡoir, cáogad cuḃad.
14Bruit éantáoiḃe an ġeata bá cúig cuḃaid déug; a bpiléir a trí, agus a soicéid a trí.
15Agus don taoḃ eile do ġeata na cuírte, ar an laiṁse agus ar an láiṁ úd do ḃádar bruit do ċúig cuḃaid deug; a bpiléir a trí, agus a soicéid a trí.
16Bruit na cúirte uile timċioll fa gcúairt, do buḋ linéadaċ ḟinealta casda íad.
17Agus na soiceíd do na piléuruiḃ do ṗráis; crúcuiḋe na bpiléur agus a ḃfiléid dairgead; agus folaċ a gcaipitreaċ dairgead; agus piléir na cúirte uile ar na ḃfilléideaḋ lé hairgead.
18Agus an croċaḋ ċum geata na cúirte dobair ṡnáiṫide, do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárláoid, agus do líneadaċ ḟínealta ċasda: agus ba fiṫċe cuḃad a ḟad, agus cúig cuḃaid áirde a leiṫne, coiṁfreagarṫaċ do ḃratuiḃ na cúirte.
19Agus ba ceaṫair á bpiléir, agus a soiceid ṗráis a ceaṫair; a ccrúcuiḋe dairgead, agus folaċ a gcaipitreaċ agus a ḃfiléid dairgead.
20Aċ tairngiḋe an tabernacuil uile, agus na cuirte fa gcúairt, do buḋ práis íad.
21Is é so suim an tabernacuil, ṫabernacuil na fiaḋnuise, mar do háireaṁaḋ é, do réir aíṫne Maóise, ċum ṡerḃíse na Leḃíteaċ, le láiṁ Iṫamar ṁac Aáron an sagart.
22Agus besaleel mac Uri, ṁíc Hur, do ṫreiḃ Iudah, do rinne a nuile ní do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
23Agus do ḃí maille ris Aholíab mac Ahisamaċ do ṫreiḃ Dan: graḃaluiġ, agus oibriġ céardaṁuil, agus bróidinéir a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scárláoid, agus a líneadaċ ḟínealta.
24An ṁéid óir do caiṫeaḋ uile leis a nobair le uile obair na háite naoṁṫa, eaḋon ór na hofrála, ba fiṫċe agus naói ttalanna, agus seaċt ccéad agus tríoċad secel, do reir ṡecel na sanctóra.
25Agus méid airgead na ndaoine do háirṁeaḋ don ċoṁċruinniuġaḋ bu céad tallann, míle agus seaċt ccéad agus trí fiṫċid agus cúig secel déug, do reír ṡecel na sanctóra.
26Beca ar son gaċ éanduine, is é sin leaṫ secel, do réir ṡecel na sanctóra, ar son gaċ aónduine da ndeaċuiḋ ḋá áireaṁ, ó ḟiṫċid bliaḋan daóis agus ós a ċionn, a sé céad míle agus tri ṁile agus cúig ċéud agus caogad fear.
27Agus don ċéud tallann airgid do teilgeaḋ soicéid na sanctora agus soiceíd an ḟoluiġ; céad soicéad don ċéud tallann, talann ar son an tsoicéid.
28Agus don ṁíle seaċd ccead seaċdṁoġad agus a ccúig secel do rinne se crúcuiḋe dona piléuruíḃ, agus do ḟoluiġ a ccaipitre, agus do ḟiléidiḋ íad.
29Agus do ḃí prás na hofrala na ṡeaċdṁoġad tallann, agus na ḋá ṁíle agus an ceiṫre ċéud secel.
30Agus is leis sin do rinneaḋ soicéid do ḋorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus a naltóir ṗráis, agus an gráta práis di, agus a nuile ṡoiṫeaċ no haltóra,
31Agus soicéid na cúirte timċioll fa gcúairt, agus soicéid ġeata na cúirte, agus tairngiḋe an tabernacuil uile, agus tairngiḋe na cúirte uile timċioll fá gcuairt.

Currently Selected:

Exodus 38: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in