Deuteronomi 2
2
Caibidil II.
Cia fearann ar naċ buḋ cóir ionnsaiḋ do ṫaḃairt. 27 Agus cia do ḃí ceaduiġṫe a ċosnaṁ.
1Annsin doḟilleamar, agus doġluaiseamar don nfásaċ a sliġe na mara Ruáiḋe, mar do laḃair an TIĠEARNA riumsa: agus do ṫimċiollamar slíaḃ Ṡeir mórán do laéṫiḃ.
2Agus do laḃair an TIĠEARNA riomsa, ġá ráḋ,
3Do ṫimċiollaḃair an slíaḃso lór a ḟad: filliġ buḋ ṫuáiġ.
4Agus aiṫinsi don ṗobal, ġá ráḋ, Caiṫfiḋe gaḃail tré ímiol ṫire ḃur ndearḃráiṫreaċ clann Esau, noċ áitreaḃus a Seir; agus biáiḋ eagla aca roṁuiḃ: uime sin bioḋ aire ṁaiṫ aguiḃsi oruiḃ féin:
5Ná beanuiḋ riú; oir ní ṫiuḃra misi ḋáoḃ dá ḃfearann, ní ṫiuḃrad, leiṫead éantroiġe aṁáin; do ċionn go ttug mé sliaḃ Seir do Esau mar ṡeilḃ.
6Ceinneoċṫáoi bíaḋ úaṫa ar airgead, ċor go níostáoi; agus cinneoċṫáoi fós uisge úaṫa ar airgead, ċor go nioḃṫáoi.
7Oír do ḃeannuiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa ann uile oibreaċ do láiṁe: atá fios ḃur naistier aige ṫríd an ḃfásaċ ṁórsa: do ḃi an TIĠEARNA do Ḋía an dá ḟiċṫid blíaḋanso maille riot; ní raiḃ easḃaiḋ ar biṫ ort.
8Agus a nuáir do ċuamar ṫar ar ndearḃráiṫriḃ clann Esau, noċ do áitriḃ ann Seir, tré ṡliġe an reitiġ ó Elat, agus ó Hesion‐gaber, do ḟilleamar agus do ċúamar a slíġe ḟasaiġ Ṁoab.
9¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Ná buáiḋriġ ná Moabítiġ, agus na déanuiġ imreasúin riú a gcaṫ: óir ní ṫiubra misi ḋáoiḃ dá ḃfearann mar ṡeilḃ; do ċíonn go ttug mé Ar do ċloinn Lot mar ṡeilḃ.
10Do áitreaḃadar na Hemimiġ ann sin a nallúd, daoine mora, líonṁara, árraċda, mar na Hanacimiġ;
11Noċ ar a raiḃ mar an ccéadna meas aiṫeaċ, do nós na Nanacimeaċ; aċd Emimiġ ġoirid na Moabitiġ ḋíoḃ.
12Do áitreaḃadair na Horimiġ mar an gcéadna a Seir san naimsir roiṁe; aċd is íad clann Esau ṫáinic na ndíaiġ, a núair do ḋíbreadar as a raḋarc íad, agus do áitreaḃadar na náit; mar do ní Israel re dúṫaíġ a ṡeilḃe, noċ ṫug an TIĠEARNA ḋóiḃ.
13Annois éirġiḋ súas, arsa misi, agus téiġiḋ ṫar aḃuinn Ṡered. Agus do ċuámar ṫar aḃuinn Ṡered.
14Agus na laéṫe iona ttangamar ó Ċades‐barnea, nó go ndeaċamar tar aḃuinn Ṡered, ba hoċd mbliaḋna déug air ḟiṫċid íad; nó gur leaġadar a nuile ġeinealaċ don luċd cogaiḋ a measc an tslóiġ, mar do ṁionnuíġ an TIĠEARNA ḋóiḃ.
15Oír go deiṁin do ḃí láṁ an TIĠEARNA na naġaiḋ, dá scrios as measc an tslóiġ, nó gúr díoġḃáiḋeaḋ íad.
16¶ Marsin ṫáinic a ccríċ, a nuáir do díoġḃáiḋeaḋ an luċd cogaiḋ uile agus do éugadar ó ḃeiṫ a measc an ṗobail,
17Gur laḃair an TIĠEARNA riumsa, ḋá ráḋ,
18Raċuiḋ tú anonn tré Ar, annsa ló a niuġ, a tteóruinn Ṁóab:
19Agus a nuáir ṫiocfas tú a ḃfogus ṫall as coinne ċloinne Ammon, ná buaiḋriġ íad, agus ná beanuiḋ riú: óir ní ṫiuḃra misi sealḃ ar biṫ ḋáoiḃ do ḋúṫuiġ ċloinne Ammon; óir ṫug mé do ċloinn Lot í mar ṡeilḃ.
20Do measaḋ mar an gcéadna gur dúṫaiġ aiṫeaċ sin: aiṫiġ do áitreaḃ annsin san tseanaimsir; agus do ġoirdís na Hammonítiġ Samsumimiġ ḋíoḃ;
21Daoíne móra, líonṁara, árraċda, mar na Hanacimiġ; aċd do scrios an TIĠEARNA íad rompa; agus tangadarsan na ndiáiġ, agus do áitreaḃadar na nionad:
22Mar do rinne sé ré cloinn Esau, noċ do áitreiḃ ann Seir, a nuáir do scríos sé na Horimiġ rompa; agus tangadarsan na ndiáiġ, agus do áitreaḃadar na náit gus a niuġ:
23Agus na Haḃimiġ noċ do ċoṁnuiġ ann Haserim, go nuige Assah, do ḋibreadar na Caṗtorimiġ íadsin, noċ ṫáinic amaċ as Caṗtor, agus do áitreaḃadar na nionad.
24¶ Eíriġsi súas, ġluáisiġ ann ḃur tturus, agus imṫiġiḋ a nonn ṫar a naḃuinn Arnon: féuċ, ṫug mé ad láiṁ Sihon an Tamoríteaċ, ríġ Hesbon, agus a ḋúṫaiġ: tionnscain a sealḃuġaḋ, agus troid ris a ccaṫ.
25A niuġ ṫoiseoċus misi ar uaṁan agus eagla roṁadsa do ċur ar a ḃfuil fáoi neaṁ uile, noċ ċluinfeas túaruscḃáil ortsa, agus crioṫnoċuid, agus béid a ndoilġios ar heaglasa.
26Agus do ċuir mé teaċda amaċ as fasaċ Cedemot go Síhon ríġ Hesbon lé bríaṫruiḃ síoṫċána, ḋá ráḋ,
27Léig ḋaṁsa gaḃáil ṫríd do ḋúṫaiġ: iméoċa mé roṁam annsa tsliġe ṁóir, agus ní iontóċa mé ar an láiṁ ḋeis nó ar an láiṁ ċlé.
28Reacfaiḋ tú bíaḋ riom ar airgiod, go niṫe mé; agus do ḃéura tú ḋaṁ uisge ar airgiod, go nólfa mé: aṁáin siuḃoluiġ mé roṁum dom ċosuiḃ;
29Mar do rinneadar rium clann Esau noċ áitreaḃus a Seir, agus na Moabítiġ noċ áitreaḃus ann Ar; nó go ndeaċuiḋ mé anonn ṫar Iordan don dúṫaiġ do ḃéir an TIĠEARNA ar Ndía ḋúinn.
30Aċd nior áill lé Sihon ríġ Hesbon léigean dúinn gaḃáil ṫairis: óir do crúaḋuiġ an TIĠEARNA ḃur Ndíasa a spiorad, agus do rinne sé a ċroiḋe easuṁal, ċor go seaċódaḋ sé ad láiṁse é, mar as follus a niuġ
31Agus a duḃairt an TIĠEARNA riumsa, Féuċ, do ṫosuiġ mé ar Ṡihon agus ar a ḋúṫaiġ do ċur roṁad: tosuiġsi a ṡealḃuġaḋ, go maḋ leaċd a ḋúṫaíġ a noiġreaċd.
32Annsin ṫainic Sihon amaċ ar naġuiḋ, é féin agus a ḋáoine uile, do ṫroid ag Iahas.
33Agus do ṡeaċuid an TIĠEARNA ar Ndía roṁuinn é; agus do ḃuáileamar é féin, agus a ċlann, agus a ḋáoine uile.
34Agus do ġaḃamar a ċaiṫreaċa uile fa namsin, agus do ḃuaileamar ṫríd amaċ na dáoine, agus na mna, agus a cclann ḃeag, ann gaċ aon ċaṫair, níor ḟágḃamair áon na ḃeaṫaiġ:
35Aṁáin do ṫógḃamar a náirnéis ċuguinn féin mar ċreiċ, agus éadail na ccaiṫreaċ noċ do ġaḃamar.
36O Aroer, noċ atá ar ḃrúáċ na haḃann Arnou, agus on ċaṫruiġ atá láiṁ ris an naḃuinn, go nuige Gilead, ni raiḃ aon ċaṫair aṁáin róláidir ḋúinn: do ṡeaċuid an TIĠEARNA ar Ndía ḋúinn uile íad:
37Aṁáin go dúṫaiġ ċloinne Ammon ní ṫangaḃair, nó go héanáit don naḃuinn Iabboc, nó do na caiṫreaċaiḃ ann sna sléiḃtiḃ, nó go héanáit dar ṫóirmísg an TIĠEARNA ár Ndía oruinn.
Currently Selected:
Deuteronomi 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.