Daniel 11
11
Caibidil XI.
Claói na Bpersianaċ le rí na Gréige, 30 agus scrios na Gréige leis na Roṁanaċ.
1Agus annsa ċéidḃlíaḋuin do Ḋárius an Médianaċ, do ṡeas misi, eaḋon misi, dá ḋaingniuġaḋ agus dá neartuġaḋ.
2Agus anois taisbeanfuiḋ mé ḋuitsi a nfírinne. Féuċ, seasfuid súas fós trí ríġṫe san Ṗersia; agus buḋ saiḋḃre an ceaṫraṁaḋ ríġ ná íad uile go ro ṁór: agus le na neart tré na ṡaiḋḃrios corroċuiḋ sé súas a nuile ḋuine a naġaiḋ ríoġaċda na Gréige.
3Agus seasfuiḋ ríġ cuṁaċdaċ súas, ṫiġearnfus maille re cuṁaċtaiḃ móra, agus do ḋéana sé do réir a ṫola féin.
4Agus a nuáir éireoċus sé súas, brisfiġear a rioġaċt, agus roinnfiġṫear í leaṫ ré ceiṫre ġáoṫaiḃ neiṁe; agus ní dá ṡlioċd féin, nó do réir a ṫíġearnuis noċ do ríaġluiḋ sé: óir tarruingṫar súas a rioġaċt, eaḋon do ḋáoiniḃ oile táoḃ amuiġ ḋíoḃsan.
5¶ Agus biaiḋ ríġ an deisceirt láidir, agus áon da ṗrionnsaḋuiḃ; agus biáiḋ sé láidir ós a ċionnsan, agus biáiḋ sé a ttiġearnus; buḋ tiġearnus mór a ṫiġearnus.
6Agus a ccionn ḃliaḋan ceingeoluid féin dá ċéile; óir tiucfa inġean ríġ an deisceirt ċum ríġ an tuáisceirt do ḋéanaṁ réitiġ: aċt ní ċoinneoċa sí cuṁaċd na láiṁe; ní mo ṡeasfas seision, ná a láṁ: aċt seaċodṫar ise súas, agus an drong ṫug leó í, agus an té dá rugaḋ í, agus an té do neartuiġ í, annsna haimsearuiḃsi.
7Aċt as beangán dá fréiṁ seasfuiḋ áon súas iona staid, noċ ṫiucfas lé sluáġ, agus raċfus a steaċ a ndaingionn ríġ an tuáisgeirt, agus ċuirfios na naġaiḋ, agus ḃéarus buáiḋ:
8Agus ḃéarus mar an cceadna braiġde don Négipt maille le na ndeéiḃ, maille re na bprionnsaḋuiḃ, gon a soiṫiġiḃ mórluáiġ airgid agus óir; agus béaruiḋ sé ní sa ṁó do ḃlíaḋnuiḃ ná ríġ an tuáisceirt.
9Marsin tiucfa ríġ an deisceirt ċum a rioġaċda, agus fillfiḋ sé ċum a ḋúiṫċe fein.
10Agus coirreoċṫar a ṁic súas, agus cruinneoċuid iomad slóiġ do armiḃ móra: agus tiucfa aon go deiṁin, agus tuilleoċuiḋ ṫairis, agus raċuiḋ ṫríd: annsin fillfiḋ sé, agus corroċṫar súas é, dá ḋaingionn.
11Agus corroċṫar ríġ an deisceirt le feirg, agus tiucfa amaċ agus troidfiḋ ris, eaḋon lé ríġ an tuáisceirt: agus cuirfiḋ sé slúaġ mór amaċ; aċd do ḃéarṫar an slúaġ iona láiṁ.
12 Agus a núair scríosfas sé an slúaġ, tóigfiġear a ċroiḋe súas; agus teilgfe sé síos iomad do ḋeiċ míltiḃ: aċt ní neirteoċar le sin é.
13Oír filliḋ ríġ an tuáisceirt, agus cuirfiḋ sé slúaġ mór amaċ is mó ná an ċéadṡlúaġ, agus tiucfa go deiṁin (tar éis ḃliaḋan áiriġ) go slúaġ mór agus saiḋḃrios mór.
14Agus ann sa naimsin seasfuid mórán súas a naġaiḋ ríġ an deisceirt: mar an ccéadna áirdeoċuid sladṁóire do ḋaóinesi íad féin do ċruṫuġaḋ na fise; aċt tuitfid síad.
15Ann sin tiucfa ríġ an tuáisceirt, agus teilgfiḋ móta súas, agus géaḃuiḋ sé na caiṫreaċa is ró láidre: agus ní ṡeasfuid láṁa an deisceirt, nó a ḋaóine toġṫa, ní mó ḃías neart air bioṫ ré seasaṁ na naġaiḋ.
16Aċt an té ṫig na aḋuiġ do ḋéana sé do réir a ṫola féin, agus ní ṡeasfa duine ar bioṫ ris: agus seasfuiḋ sé annsa tír ġlórṁair, noċ scriostar le na láiṁ.
17Suiḋeoċa sé a aġaiḋ fós do ḋul a steaċ maille re neart a rioġaċda uile, agus iomad do ḋaóiniḃ fíréunta maille ris; do ḋéana sé so: agus do ḃéara ḋó inġean na mban, da truáilleaḋ: aċt ní ṡeasfa sí, agus ní mó ḃías sí dá ṫáoiḃsin.
18Na ḋiáiġ so fillfiḋ sé a aġaiḋ air na hoileanuiḃ, agus géaḃa sé mórán díoḃ: aċt do ḃéara prionnsa air a ṡon féin fa deara an ṁasla ṫug sé úaḋ do scur; gan scannail dó féin do ḃéara sé air iompoġ airsion.
19Annsin fillfiḋ sé a aġaiḋ leaṫ re daingionn a ṫíre féin: aċd do ġeaḃa sé tuisleaḋ agus tuitfiḋ sé, agus ní ḃfuiġṫear é.
20Annsin seasfuiḋ súas iona ionad suíġe fear tógḃalaċ géarrṫaḋ a nglóir na rioġaċta: aċt táoḃ a stiġ do ḃeagán laéṫeaḋ muirfiġear é, ní a ḃfeirg, nó a ccaṫ.
21¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
22Agus lé láṁuiḃ tuile báiṫfiġear íad ó ḃeiṫ roiṁe, agus biáid briste; fós, mar an ccéadna prionnsa an ċunnarṫa.
23Agus tar éis na síoḋċána do ḋéanaṁ ris oibreaċa sé go cealgaċ: óir tiucfa sé súas, agus fásfuiḋ sé láidir lé beagan daóine.
24Raċuiḋ sé a steaċ go síoṫċánta air na háitiḃ is féarr annsa bproḃinnsi; agus do ḋéana sé an ní naċ deárnadar a aiṫre, nó aiṫre a aiṫreaḋ; sgaóilfe sé iona measc an ċreaċ, agus a néadáil, agus an saiḋḃrios: fós, teilgfiḋ sé roiṁe láiṁ a ṫionsganta a naġaiḋ na ndaingion láidir, eaḋon ar feaḋ aimsire.
25Agus corroċa sé súas a ċuṁaċta agus a ṁeanma a naġaiḋ ríġ an deisceirt maille ré slúaġ mór; agus corroċṫar súas ríġ an deisceirt ċum caṫa maille ré slúaġ ro ṁór neartṁar; aċt ní ṡeasfuiḋ sé: óir gléusfuid tionnscanta na aġaiḋ.
26Aseaḋ, an luċt ḃíaṫas ar a ċuid bíḋ féin muirfid é, agus tuileoċa a ṡlúaġ: agus tuitfiḋ mórán síos marḃ.
27Agus biáiḋ croiḋe an dá ríoġso ré déanaṁ uile, agus laiḃeoruid bréaga air áonḃord; aċt ní ḃéara sin búaiḋ: óir biáiḋ an ċríoċ fós annsa nam ċinte.
28Annsin fillfiḋ sé ḋá ḋúṫaiġ féin maille ré sáiḋḃrios mór; agus a ċróiḋe a naġaiḋ an ċunnarṫa náoṁṫa; agus do ḋéana sé ní mór, agus fillfiḋ sé ḋá ṫír féin.
29Ann sa nam ċinnte fillfe sé, agus tiucfa sé leaṫ ris an ndeisceart; aċd ní ḃiáiḋ sin mar an ccéidní, nó mar an ní deiġionaċ.
30¶ Oír tiucfuid longa Ċittim na aġaiḋ: uimesin biáiḋ sé doilġiosaċ, agus fillfiḋ sé, agus biáiḋ fearg air a naġaiḋ an ċunnarṫa náomṫa: marsin féin do ḋéana sé; eaḋon fillfiḋ sé, agus do ġeaḃa sé sgéala maille ris an ndruing ṫréigios an cunnraḋ náoṁṫa.
31Agus seasfuid láṁa air a ṫaóḃ, agus truáilleoċuid sanctóir an neirt, agus béaruid léo a níoḋbairt laeṫeaṁuil, agus suiḋeoċuid an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ.
32Agus an luċt do ní go holc a naġaiḋ an ċunnarṫa truáilleoċar lé spleaḋuiḃ íad: aċt na daóine agá ḃfuil fios a Ndé béid láidir, agus do ḋeanuid gníoṁa gaisgeaṁla.
33Agus múinfiḋ an luċt atá tuigsionaċ a measc na ndaóine mórán: giḋeaḋ tuitfid síad leis an ccloiḋeaṁ, agus leis an lasair, lé daóirsine, agus le millteaċus, mórán do láeṫiḃ.
34Anois an tan ṫuitfid siad, cuideoċar léo re beagán cuidiġ: aċt druidfid mórán ríu maille ré spleaḋuiḃ.
35Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.
36Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.
37Ní mó ḃías suim aige a Ndía a aṫar, nó a ttoíl ban, ní mó uiṁleoċus sé daóindía: óir méideoċuiḋ sé é féin ós cionn a nuile.
38Aċt iona áit onórfuiḋ sé Día na ndaingneaċ: agus día nar ḃaíṫnid dá aiṫriḃ, onórfuiḋ sé lé hór, agus lé hairgiod, agus lé cloċaiḃ búaḋa, agus lé neiṫiḃ breáġḋa.
39Marso do ḋéana sé annsna daingniḃ láidre lé día coiṁiġṫeaċ, noċ aideoṁas sé, agus ṁéideoċus lé glóir: agus do ḃeara orra ríaġluġaḋ ós cionn ṁóráin, agus roinnfiḋ sé a ndúṫaiġ ar lúaċ.
40¶ Agus a naimsir an deiriḋ cnagfuiḋ ríġ an deisceirt é: agus tiucfa ríġ an tuáisceirt iona aġaiḋ aṁuil gáoṫġuáirdéain, le carbaduiḃ, agus le marcṡlúaġ, agus le mórán long; agus raċuiḋ sé a steaċ annsna tiorṫaiḃ, agus do ḃéara sé an tonn ṫársa agus raċuiḋ ṫairis anonn.
41Raċuiḋ sé mar an ccéadna a steaċ don dúṫaiġ ġlórṁair, agus claoiḋfiġear mórán: aċt raċaid so as ó na láiṁ, Edom, agus Moab, agus toġa ċloinne Ammon.
42Sínfiḋ sé fós a láṁ amaċ air na tíorṫaiḃ: agus ní raċuiḋ dúṫaiġ na Hegipte as.
43Aċt biáiḋ cuṁaċt aige ós cionn na nionnṁus óir agus airgid, agus ós cionn uile neiṫe mórlúaiġ na Hégipte: agus béid na Líbianuiġ agus na Hétíopiġ air a ccoiscéimiḃ.
44Aċt buáiḋreoċuiḋ sgéulta amaċ as a noirṫear é agus as an ttuáisceart: uime sin raċuiḋ sé amaċ ré cúṫaċ mór daiḋṁilleaḋ, agus do scrios ṁórán ṫrid amaċ.
45Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.
Currently Selected:
Daniel 11: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.