YouVersion Logo
Search Icon

Daniel 10

10
Caibidil X.
Dḟoillsiġeaḋ do Ḋániel fis ġlóire Dé.
1Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
2Annsna laéṫiḃsin do ḃí misi Dániel ag doilġios trí seaċdṁuine iomlána.
3Níor iṫ mé bíaḋ blasda ar bioṫ, ní mó ṫáinic feóil nó fíon ann mo ḃéul, ní mó do ḟoṫruiġios mé féin ar áonċor, nó gur coiṁlíonaḋ trí seaċdṁuine iomlána.
4Agus annsa ċeaṫraṁaḋ la fiṫċiod don ċéid ṁí, mar do ḃí mé ré táoḃ na haḃann móire, noċ Hiddecel;
5Annsin do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus do ċonnairc mé, agus féuċ duine áiriġ a néadaċ lín, agá raḃadar a leasraċ criosluiġṫe lé hór fínealta Uṗas:
6 Do buḋ cosṁuil a ċorp mar an ccéadna lé berill, agus a ġnúis aṁuil ṫaisbeanaḋ tinntiġe, agus a ṡúile mar lampaḋa teineaḋ, agus a láṁa agus a ċosa cosṁuil a ndáṫ ré prás líoṁṫa, agus fuáim a ḃríaṫar cosṁuil ré gúṫ ṁóráin.
7Agus misi Dániel aṁáin dó ċonnairc a nfis: óir ní ḟacadar an ṁuinntir do ḃí am ḟoċair a nfis; aċt do ṫuit crioṫ mór orra, iondus gur ṫeiṫeadar dá ḃfolaċ féin.
8Uimesin do fágḃaḋ misi am áonar, agus do ċonairc mé a naisling ṁórso, agus níor ḟan spracaḋ ar bioṫ ionnam: óir diompóiġ mo ṁaise ar míoṁaise ionnam, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.
9Ṫairis sin do ċúala mé gúṫ a ḃriaṫar: agus an tan do ċúala me gúṫ a ḃríaṫra, annsin do ḃí mé a ccodlaḋ ṫrom air maġaiḋ, agus méadan ris an ttalaṁ.
10¶ Agus, féuċ, do ḃean láṁ riom, noċ do ċuir air mo ġlúiniḃ mé agus air ċláruiḃ mo ḋearnann.
11Agus a dúḃairt sé riom, A Ḋániel, a ḋuine air a ḃfuil gráḋ mór, tuig na bríaṫra a déara misi riot, agus seas súas go direaċ: óir is ċugad do cuireaḋ mé anois. Agus an tan do laḃair sé riom, do ṡeas mé ar crioṫ.
12Annsin a duḃairt sé riom, Ná heagluiḋ, a Ḋániel: óir ón ċéad lá fár ṡuiġiḋ tú do ċroiḋe ar ṫuicsi, agus ar úṁluiġis ṫú féin a ḃfíaġnuisi do Ḋé, do ċlos do ḃríaṫra, agus ṫáinic misi ar son do ḃríaṫar.
13Aċt do ṡeas prionnsa rioġaċda na Persia riom lá agus fiṫċe: aċt, féuċ, ṫáinic Miċael, áon do na haird ṗrionnsaḋuiḃ, dom ċaḃair; agus do ċoṁnuiġ mé annsin ag ríġṫiḃ na Persia.
14Anois ṫáinic mé do ṫaḃairt ortsa a ṫuicsin, créd ṫeigeoṁus dot ḋaóiniḃ annsna láeṫiḃ deiġionaċa: óir atá a nfis fós ar feaḋ ṁóráin láeṫe.
15Agus an tan do laḃair sé a leiṫéid sin do ḃríaṫruiḃ riom, do ċuir mé maġaiḋ air an ttalaṁ, agus do ḃí mé balḃ.
16Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.
17Oír ciondus do ḟéadfaḋ seirḃíseaċ mo ṫiġearna laḃairt ris so mo ṫiġearna? óir ar mo ṡonsa, ar ball níor ḟan bríġ ar bioṫ ionnam, ní mo do fágḃaḋ anál ionnam.
18Annsin ṫáinic a rís agus do ḃean riom áon cosṁuil ré taisbeanaḋ duine, agus do neartuiġ sé mé,
19Agus a dúḃairt, A ḋuine air a ḃfuil róġráḋ, ná bíoḋ eagla ort: síoṫċáin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do laḃair riom, do neartuiġeaḋ mé, agus a dúḃairt, Laḃraḋ mo ṫiġearna; óir do neartuiġ tú mé.
20Annsin a duḃairt sé, An ḃfeadair tú cred fa ttáinic misi ad ċoinne? agus anois fillfiḋ mé do ṫroid ré prionnsa na Persia: agus an tan raċfus mé amaċ, féuċ, tiucfuiḋ prionnsa na Gréige.
21Aċt taisbeanfa mé ḋuit an ní atá aiṫniḋ a scrioptúir na fírinne: agus ní ḃfuil áon ċungnas liom annsna neiṫiḃse, aċt Miċael do ṗrionnsasa.

Currently Selected:

Daniel 10: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in