YouVersion Logo
Search Icon

Ccolossianaċ 4

4
Caibidil IV
Día do ġuiḋe arson na minisdreaḋ; agus siúḃal go haiṫreaċ fa ċóṁair na míċreidṁeaċa.
1A Ṁaiġisdriġe, déunuiḋ coir agus coṁṫrom ré ḃur searḃḟoġantuiġiḃ; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuil Maiġisdir aguiḃ féin mar an gcéudna ar neaṁ.
2Bíġiḋ búan a núrnuiġe, ag faire innte maille ré breiṫ ḃuiḋeaċais; 3Ag úrnuiġṫe mar an gcéudna air ar soinne, ċum Dé dfosglaḋ ḋoruis na húrlaḃra ḋúinn, as go laiḃeóramis rúindíaṁair Ċríosd, tré a ḃfuilim fós a gcuiḃriġṫiḃ: 4As go ḃfoillséoċuinn í, aṁuil as coir ḋaṁ láḃairt. 5Siúḃluiḋ go héagnuiḋe a dtáoḃ na druinge atá a muíṫ, ar mbeiṫ ḋíḃ ag fúasglaḋ na haimsire. 6Bíoḋ ḃur gcoṁráḋ do ġnáṫ grásaṁuil, ar na ṫumaḋ a salann, ionnas go mbíaḋ a ḟios aguiḃ cionnas as coir ḋíḃ gaċ áon do ḟreagra.
7Foillséoċuiḋ Tiċicus, dearḃráṫair gráḋaċ agus minisdir díleas, agus cóṁṡearḃḟoġantúiḋe sa Dtíġearna, mo ċórsa uile ḋíḃ: 8Noċ do ċuir mé ċuguiḃ fá a náḋḃar ċéudna, ionnus go mbíaḋ a ḟios aige créd as cor ḋaóiḃ, agus go dtiuḃraḋ furtaċd da ḃur gcróiḋṫiḃse; 9Má ráon ré Honesimus déarḃráṫair díleas gráḋaċ, noċ as díḃ féin. Foillséoċuid ḋíḃ na huile neiṫe atá ann so.
10Cuiriḋ Aristarċus mo ċóiṁṗríosúnaċ beaṫa agus sláinte ċuguiḃ, agus Marcus, bráṫair Ḃárnabais, agá ḃfúaraḃair áiṫeanta ḋá ṫáoḃ: má ṫig sé ċuguiḃ, gaḃuiḋ leis; 11Agus Iósa, da ngoirṫear Iustus, noċ as don timċillġearraḋ, A síad aṁáin mo luċd cúngantasa do ċum ríoġaċda Dé, agus a síad bá ḟurtaċd daṁ. 12Cuiriḋ Epaṗras, searḃḟoġantuiḋe Ċríosd, noċ is díḃ féin, beannaċd ċuguiḃ, ag déunaṁ sbárna do ṡíor a núrnuiġiḃ ar ḃur son, ċum seasda ḋíḃ go diongṁálta agus líonta a nuile ṫoil Dé. 13Oír do ním dfíaḋnuise ris, go ḃfuil teasgráḋ aige ḋíḃse, agus do luċd Laodicéa, agus do luċd Híerapólis. 14Cuiriḋ Lucás, an liáiġ gráḋaċ, agus Démas, beannaċd ċuguiḃ. 15Beiriḋ beannaċd ċum na ndearḃráṫar atá a Laodicéa, agus ċum Nimṗáis, agus ċum na heagluise atá ann a ṫiġ. 16Agus an tan léiġfiġṫear a neipisdilse eadruiḃ, tuguiḋ fé deara a léaġaḋ mar an gcéudna a neagluis na Laodicéanaċ; agus léiġiḋse fós a neipisdil ó Laodicéa. 17Agus abruiḋ ré Harċippus, Taḃair haire leaċd fán miniosdrálaċd fuáir tú sa Dtíġearna, do ċoiṁlíonaḋ.
18Beaṫa agus slainte ċugaiḃ ré mo láiṁse Pól. Bíoḋ cuíṁne aguiḃ arm o ġéiṁleaċuiḃ. Grása maille riḃ. Amén.

Currently Selected:

Ccolossianaċ 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in