Ccolossianaċ 3
3
Caibidil III
Na seanḃéusa do ċur fac ccul, 18 agus caiṫeam ar réaċd tíġe na nccreidṁeaċ, lé mía-beaṫa.
1Uime sin má deirséirġe siḃ má ráon ré Críosd, íarruiḋ na neiṫe atá ṡúas, sa nionad ann a ḃfuil Críosd na ṡuíḋe ar deis Dé. 2Bíoḋ ḃur ndúil sna neiṫiḃ atá ṡúas, agus ní sna neiṫiḃ atá air talaṁ. 3Oír atá siḃ marḃ, agus atá ḃur mbéaṫa folaiġṫe má ráon ré Críosd a Ndía. 4An tan ḟóillséoċṫar Críosd, ar mbéaṫainne, foillséoċṫar siḃse fós an tan sin a nglór má ráon ris.
5Uime sin claóiḋiġ ḃur mbuill ṫalṁuiḋe, sdríopaċas, neaṁġloine, fonn colluiḋe, ainṁían, agus saint, noċ as ioḋaláḋraḋ: 6Tré na dtig díoġaltus Dé ar ċloinn na heasúṁlaċda: 7Ann a raḃaḃairse fós ag siuḃal a nallód, ar mbeiṫ ḋíḃ ag caiṫeaṁ ḃur mbeaṫa ionnta. 8Aċd a nois cuiriḋ uáiḃ na neiṫesi uile; fearg, buirfe, blaisṗéime, droiċṁéin, coṁraḋ salaḋ as ḃur mbéul. 9Ná déunuiḋ bréug ré ċéile, ó ċuireaḃair an seanduine ḋíḃ maille ré na ġníoṁarṫuiḃ; 10Agus ó ċuireaḃair an duine núaḋ iomuiḃ, noċ atá ar na aṫnúaḋuġaḋ a néolas do réir íoṁáiġe an ti do ċrúṫaiḋ é: 11Mar naċ ḃfuil Gréugaċ agus Iúduiġe, timċillġearraḋ agus neaṁṫimċillġearraḋ, duine barbarṫa, agus Scitían, dáor agus sáor: aċd Críosd na uile agus ann sna huiliḃ.
12Uime sin cuiriḋ iomuiḃ, mar ċloinn ṫoġṫa, náoṁṫa ionṁuin Dé, inniġe trócaire, cáoine, úṁlaċd inntinne, ceandsaċd, agus foiġid; 13Ag taḃair íomċair ḋá ċéile, agus ag maiṫeaṁ ḋá ċéile, má tá gearan ag neaċ a naḋuiġ aroile: aṁuil tug Críosd maiṫeaṁnas díḃse, go maḋ haṁluiḋ sin ḋéunas siḃse. 14Aċd ós cionn na neiṫeannsa uile bioḋ aguiḃ carrṫannaċd, noċ as coimċeangal diongṁáltaċda ann. 15Agus bíoḋ sioṫċáin Dé ag ríaġluġaḋ ḃur gcroiḋeaḋ, ċum a ḃfuiltí fós ar ḃur ngairm a néunċorp; agus bíġiḋ buiḋeaċ. 16Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean. 17Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.
18A ṁnám, bíġiḋ úṁal da ḃur ḃfearuiḃ, mar is cuḃaiḋ sa Dtíġearna. 19A ḟiora, gráḋuiġe ḃur mná, agus ná bíġiḋ searḃ ḋóiḃ.
20A ċlann, bíġiḋ úṁal do ḃur naiṫriḃ agus do ḃur máṫriḃ sna huile neiṫiḃ: óir as mór gean an Tíġearna ar so. 21A aiṫreaċa, na brosduiġe ḃur gclann ċum feirge, deagla a meisniġe do ċur ar gcúl.
22A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal sna huile neiṫiḃ don druing is maiġisdriḋe oruiḃ do réir na feóla; ní a seirḃís súl, mar luċd do ní toil na ndaóine; aċd maille re neaṁurċóid ċroiḋe, ar mbeiṫ eaglaċ ḋíḃ roiṁe Ḋía: 23Agus giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, déunuiḋ é ó ċroíḋe, aṁuil don Tíġearna, agus ní do ḋaóiniḃ; 24Ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuiġe siḃ ón Dtíġearna luáiḋeaċd oiġreaċda: óir as don Tíġearna Críosd do ní siḃ seirḃis. 25Aċd giḋ bé ní eúgcoir, do ġéuḃuiḋ sé lúaċ sáoṫair na héugcóra do rinne sé: agus ní ḃfuil féuċuin do ṗearsuinn seaċ a ċéile.
Currently Selected:
Ccolossianaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.