YouVersion Logo
Search Icon

Ccolossianaċ 1

1
Caibidil I
An Críosd firinneaċ, 18 ceann na heagluise; 26 noċ a nallod ḃi diaṁar ar na cineaḋaċaiḃ.
1Pol, absdal Iosa Críosd tré ṫoil Dé, agus an dearḃraṫair Timotéus, 2Ċum na náoṁ agus na ndearḃráṫar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille riḃ, agus siotċáin, ó Ḋía Aṫair agus ón Dtíġearna Iosa Críosd.
3Beirmíd a ḃuiḋe ré Día agus ré Haṫair ar Dtíġearna Iosa Críosd, ag déunaṁ urnuiġe do ṡíor ar ḃur sonsa, 4On tráṫ fá gcúalamar iomráḋ ḃur gcreidiṁ a Níosa Críosd, agus ḃur ngráḋ do na huile náoṁuiḃ, 5Ar son ná muiniġne atá ar na cur a gcoiṁéud ḃur noirċill air neaṁ, agá ḃfuáraḃair a túarásgḃáil roiṁe a mbréiṫir ḟírinne an tsoisgéil; 6Noċ ṫáinic ċuguiḃse, coṁmaiṫ ris an ndoṁan uile; agus do ḃeir toraḋ úaḋa, mar do ḃeir ḃur measgsa, ón lá fá gcúalaḃair, agus fá ḃfúaraḃair éola air ġrás Dé go fírinneaċ: 7Aṁuil fós do ḟoġluim siḃ ó Epaṗras ar gcoiṁṡearḃfoġantuiḋ gráḋaċ, noċ atá ar ḃur sonsa na ṁinisdir díleas ag Críosd; 8Noċ fós do ḟoillsiġ ḋúinne ḃur ngráḋsa trés an Sbioruid.
9Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá ḃeiṫ ag úrnuiġe ar ḃur son, agus ag aṫċuinġe siḃse do ḃeiṫ líonta déolas a ṫoilesion a nuile éagna agus ṫuidge sbioradalta; 10Ionnus go siúḃalfaḋ siḃ mar as cuḃaiḋ don Tíġearna maille ré sa ṫoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ, ag taḃairt toruiḋ uáiḃ sa nuile ḋeaġobair, agus ag fás a néolas Dé; 11Ar ḃur neartuġaḋ maille ris a nuile neart, tré na ċúṁaċd glórṁarsan, ċum na huile ḟoiġide agus ḟulaing maille ré gáirdeaċas; 12Ag breiṫ ḃuíḋeaċais ris a Naṫair, noċ do rinne sinne iomċuḃaiḋ ċum coda dóiġreaċd na náoṁ sa tsoillse: 13Noċ do ṡáor sinn ó ċúṁaċduiḃ an dorċaduis, agus do aṫarruiġ sinn go rioġaċd a Ṁic ionṁuin féin: 14Ion a ḃfuil an fúasglaḋ aguinn tré na ḟuil, eaḋon maiṫṁeaċas na bpeacaḋ:
15Noċ atá na ioṁáiġ don Día doḟaicsiġ, na ċéidġin na nuile ċreatúr: 16Oír is leisean do crúṫuiġeaḋ na huile neiṫe, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, sóḟaicsiġ agus dóḟaicsiġ, más árdċaiṫireaċa íad, nó tíġearnuis, nó úaċdaránaċd, nó cúṁaċda: as leision agus ar a ṡonsan, do crúṫuġeaḋ íad uile: 17Agus atá féin roiṁ na huile neiṫiḃ, agus is trídsion ṡeasaid na huile neiṫe a ḃfoċair a ċéile. 18Agus as eision ceann ċuirp, na heagluisi: agar ab é an tosaċ é, an ċéidgin ó ṁarḃuiḃ; ċum airdċeannuis do ḃeiṫ aige ós cionn na huile. 19Oír do ṫogair an Taṫair a nuile iomláine so ċóṁnuiḋe annsan: 20Agus, na huile neiṫer do ḋéunaṁ réiḋ ris féin ṫrídsion, ar ndéunaṁ sioṫċána tré ḟuil a ċroiċesean; mas air talaṁ íad, no air neaṁ.
21Agus siḃse, do ḃí a nallód ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ agus ḃur náiṁdíḃ ann ḃur ninntinn tré droċóibriġiḃ, do réiḋiġ sé a nois daóiḃ 22A gcorp a ḟéola féin tré ḃás, ċum ḃur ndéunta náoṁṫa glan agus neiṁċiontaċ na ḟíaḋnuise féin: 23Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir; 24Noċ do ní a nois gairdeaċas ann sna neiṫiḃ ḟuilingim ar ḃur sonsa, agus ċoiṁlíonas fuiġeall buáiḋearṫa Ċríosd am ḟeóil ar son a ċuirpsion, eaḋon a neagluis: 25Dá ndearnaḋ minisdir ḋíom, do réir ḟeaḋmanntuis Dé tugaḋ ḋaṁ ḃur dtáoḃsa, ċum breiṫre Dé do ċoiṁlíonaḋ; 26An ruindiaṁair do ḃí folaiġṫe ó ṫus an doṁuin agus ó ré na sinnsear, aċd a nois atá ar na ḟoillsiuġaḋ ḋá naóṁuiḃsion: 27Dar ṫogair Día a ḟoillsiuġaḋ créd é siaḋḃread ġlóire an ruindíaṁairse a measg na Gcineaḋaċ; agar ab é Críosd é ḃur measgsa, muiniġin na glóire: 28Noċ do nímidne ṡeamóir, agus taḃair fógra dá gaċ áon, agus ag teagusg gaċ aóin sa nuile eagna; ċum gaċ áon do ṫaḃairt a láṫair iomlán a Níosa Críosd: 29A ní ċum a ḃfuilimse ag déunaṁ díṫċill, ar mbeiṫ ḋaṁ ag sbáirn do réir mar oibriġeas a oibriuġaḋsan ionnam go cuṁaċdaċ.

Currently Selected:

Ccolossianaċ 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in