YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 24

24
Caibidil XXIV
Fréagra Ṗóil do Ṫertullus a laṫair Ḟelics, 25 neaċ do ċríoṫnuiġ re an ṫeagasc.
1Agus a gcionn ċúig lá na ḋiáiġ sin ṫáinig Ananias an tárdsagurt a núas maille ris na sinnsearuiḃ, agus ré Tertullus fear deaġ laḃarṫa áiriġe, noċ do ḟoillsiġ íad féin a ḃfiaḋnuisi a núaċdaráin a naġuiḋ Ṗóil. 2Agus a núair do goireaḋ amaċ é, do ṫionnsguin Tertullus a éiliuġaḋ, ag ráḋ, 3A Ḟélix ro oirḋeirc, adṁamáoid go follus, agus an gaċ áonáit, maille ré gaċ uile ḃuiḋeaċas, go ḃfuilmíd ag faġáil iomud sióḋċana ṫriódsa, agus go ḃfuilid mórán do neiṫiḃ tré do ġliocasa ar na gceartuġaḋ a measg an ċiniḋsi. 4Aċd deagla, go dtuirseóċuinn ṫú ní sa ṁó, guiḋim ṫú dod ṁóirċeart féin, éisdeaċd linn go haiṫġearr. 5Oír do fuaramar an fearsa mar ṗláiġ, agus ag cur ċeannairc eidir na Iúduiġiḃ uile ar feaḋ an doṁuin, agus na ċeannfeaḋna dórd na Nasaréunaċ: 6Agus mar an gcéudna do ṫogair sé an teampall do ṡalċaḋ: agus do ċuireamairne láṁ ann, agus do ṡanntuiġeamar breiṫeaṁnus do ṫaḃairt air do réir ar ndliġe féin. 7Aċd táinic an túaċdarán Lísias orainn, agus rug sé lé hainneart mór as ar láṁuiḃ é, 8Agus do áiṫin sé da luċd éiliġṫe teaċd ċugadsa: ó na ḃféudfa tusa gaċ éun sgéula dfaġáil fá na neiṫiḃse ċuirmídne na leiṫ, dá leana tú ar a níarruiḋ. 9Agus do áontuiġeadar na Iúdaiġe mar an gcéudna leis, dá ráḋ gurab mar sin do ḃadár na neiṫe sin.
10Aċd ar sméideaḋ do núaċdarán air Ṗól ċum laḃarṫa, do ḟreaguir sé, As roṁóide mfonn fá ḟreagra ar mo ṡon féin, go ḃfuil a ḟios agum ṫusa ḃeiṫ ré mórán do ḃlíaḋnuiḃ ad ḃreiṫeaṁ ar an gcineaḋso. 11Oír féuduiġ tú a ḟios dfaġáil, naċ mó ná ḋá lá ḋéug ó ċúaiḋ misi súas go Híarusalém do ḋéunaṁ eadarġuiḋe. 12Agus náċ ḃfuaradar ag diosbóireaċd ré duine ar biṫ sa teampall mé, ná ag glúasaċd an ṗobail, ná ann sna sinagóguiḃ, na fós sa ċaṫraiġ: 13Agus ní héidir léo na neiṫesi atáid síad déiliuġaḋ oram a nois a ċrúṫúġaḋ. 14Aċd adṁuim so ḋuitsi, go ndéunuim seirḃís do Ḋía ar naiṫreaċ, do réir na sliġeaḋ úd dá ngoiridsean eiríceaċd, ag creideaṁ dá gaċ uile ní ḋá ḃfuil sgrioḃṫa ann sa dliġeaḋ agus ann sna faiḋiḃ: 15Agus go ḃfuil dóiġ agam a Ndía, ré a ḃfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséiriġe na marḃ, eidir firéun agus neiṁḟíréun. 16Is ar a ṡon so ṡáoṫruiġim coinsías glan do ḃeiṫ agam, gaċ uile úair a dtáoḃ Dé, agus dáoine. 17Agus táinic mé a nois tar éis ṁórán blíaḋan a measg mo ċiniḋ féin, ċum déirce agus ofrála ḋéunaṁ. 18Ann a ḃfúaradar Iúdaiġe áiriġe don Asía mé ar mo ġlanaḋ sa teampoll, gan ċonġair, gan ḃuaiḋreaḋ. 19Noċ dar ċóir seasaṁ ann so ad ḟiaḋnuisisi maille riumsa, agus méiliuġaḋ, ḋa mbeiṫ ní ar biṫ aca ré a ċur am aġaiḋ. 20No abruid an ṁuintírse féin, ma fuáradar éugcóir ar biṫ ionnam, an tan do ṡeas mé a ḃfíaḋnuisi na coṁairle, 21Aċd aṁáin ar son a néanġoṫa so, do éiṁ mé an tráṫ do ṡeas me na lár, Gur ab fa eiseirġe na marḃ atáim dom éiliuġaḋ aguiḃsi a niuġ.
22Agus mar do ċúaluiḋ Félics na neiṫesi, dó ċuir sé ar aṫlá íad, ag ráḋ, A núair do ġéuḃa mé fios na neiṫeaḋ ḃeanus ris a tsliġese ní as fearr, an tan ṫiocfas Lísias an tuaċdarán a núas, cuirfiḋ mé ḃur gcúis a gcríċ. 23Agus do aiṫin sé don ċaiptín Pól do ċúṁdaċ, agus socaṁal do ṫaḃairt , agus gan a ḃacaḋ déunduíne dá ċáirdiḃ a ḟrioṫólaṁ ná ḋúl dá ionnsuiġiḋ.
24Agus a gcionn laeṫeaḋ áiriġe, ar mbeiṫ do Ḟélics maille ré na ṁnáoi Drusilla, noċ do ḃí na Iúdaiġe a laṫair, do ċuir sé fios ar Ṗól, agus do éisd sé ris a dtimċeall an ċreidiṁ a Gcríosd. 25Agus an tan do laḃair sé riu a dtimċeall na firéantaċda, agus na measarrḋaċda, agus an ḃreiṫeaṁnuis atá ag teaċd, ar gcrioṫnuġaḋ Dfélics, a duḃairt sé, Imṫiġ roṁad a nois; agus a núair ḃías úain agamsa air, cuirfiḋ mé fios ort. 26Agus do ḃí súil aige fós go dtiuḃraḋ Pól airgead dó do ċionn a sgáoilte: air a naḋḃarsin ag cur feasa air go minic, do laḃraḋ sé ris. 27Agus ar gcoiṁliónaḋ ḋá ḃlíaḋan táinic Porcius Festus a náit Ḟélics: agus ar mbeiṫ fonnṁar Dfelics air ḃuíḋeaċus na Niúdaiġeaḋ do ṫuilleaṁuin, dfag sé Pól ceanguilte.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 24: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in