YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 23

23
Caibidil XXIII
Iarfa an tardṡagart Pól do ḃúalaḋ. 11 Aċd ṫug Día meisneaċ, 14 agus rinne iúl-do, ar ḋol, as óċoiṁċealg na Niudúiġeaḋ.
1Agus ar ngérḟéaċuin do Ṗól, ar an gcoṁairle, a duḃairt , A ḋáoine agus a ḃráiṫreaċa, do rinne misi seirḃís do Ḋía an gaċ uile ċoinsías ṁaiṫ gus an lá a niuġ. 2Aċd do aiṫin Ananías an tárdsagart do na dáoiniḃ do ṡeas láiṁ ris a ḃúalaḋ ar a ḃéul. 3Ann sin a duḃairt Pól risean, Buáilfiḋ Día ṫusa, a ḃalla fionáolta: an suiḋeann tú do ḋéunaṁ breiṫeaṁnuis orumsa do réir an dliġe, agus an dtaḃuir tú áiṫne mo ḃúalaḋ a uaġuiḋ an dliġe? 4Aċd a duḃradar an ṁuinntir do ṡeas láiṁ ris, An ḃfuil tú ag imḋeargaḋ árdsagart Dé? 5Agus a duḃairt Pól, Ni raiḃ a ḟios agam, a ḃráiṫreaċa, gur ḃé an tárdsagart é: óir atá sgríoḃṫa, Ní abeóra tú olc ré úaċdarán do ṗobuil.
6Agus ar na ṫuigsin do Ṗól go raiḃ cuid aca na Saduċíneaċuiḃ, agus an ċuid eile na Ḃṗairisíneaċuiḃ, do éiġ sé a laṫair na coṁairle, A ḋáoine agus a ḃráiṫreaċa, as Ṗairisineaċ misi, ṁac Ṗairisiniġ: fá ṡúil do ḃeiṫ agam ré heiseirġe na marḃ atáim dom éiliuġaḋ. 7Agus an tan a duḃairt sé so, do éiriġ imreasan eidir na Ṗairisiniġ agus na Saduċíniġ: agus do roinneaḋ an coiṁṫionól. 8Oír a deirid na Saduiċíniġ naċ ḃfuil eiséiriġe ann, na aingeal, ná spiorad: aċd adṁuiġid na Ṗairisíniġ íad so uile. 9Ar a naḋḃarsin do tógḃaḋ gáir ṁór: agus ar néirġe do na sgríobuiḋiḃ do ṫáoḃ na Ḃṗairisíneaċ, do ċaṫaiġeadar na naġaiḋsean, agus a duḃradar, Ní ḟaġmáoidne olc ar biṫ sa nóglaċsa: aċd má laḃair spiorad nó aingeal ris, na caṫuiġeamne a naġaiḋ Dé.
10Agus an tan do éiriġ ceannairce ṁór eatarra, deagla go dtairreóngaidís Pól as a ċéile, daiṫin an túaċdarán do na saiġdiúiriḃ dul síos, agus a ḟúadaċ as a lár, agus a ḃreiṫ don ċaisléun. 11Agus a noiḋċe na ḋiáiġ sin do ṡeas an Tiġearna láiṁ ris, agus a duḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, a Ṗóil: óir do réir mar do rinne tú fíaḋnuisi am ṫimċeallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíaḋnuisi ḋéunaṁ sa Róiṁ.
12Agus ar néirġe don lá, do ċruinniġeadar dream áiriġe do na Iúdaiġiḃ a gceann a ċéile, agus tugadar mionna, náċ iósadís agus naċ ioḃadís nó go marḃaidís Pól. 13Agus do ḃádar os cionn da ḟiċead fear do rinne an coiṁċeangalso re ċéile. 14Agus ar ndul ċum na nárdsagurt agus na sinnsear dóiḃ, a duḃradar, Tugamairne móid agus mionna, náċ blaisfemís ní ar biṫ no go marḃamaoís Pól. 15Ar a naḋḃarsin íarruiḋsi ar a núaċdarán do ṫoil na cóṁairle a ṫaḃairt dá ḃur láṫuir a máraċ, mar do ḃíaḋ siḃ ar ti fios a ġníoṁarṫaḋ dfaġáil ní as iomláine: agus arámáoidne, ullaṁ ċum a ṁarḃṫa, ní as táosga ná ṫiocfas sé ċuguiḃsi.
16Aċd an tan do ċúaluiḋ mac deirḃṡeaṫar Ṗóil na cealga so, ṫáinic sé agus do ċúaiḋ sé a steaċ don ċaisléun, agus dinnis sé so do Ṗól. 17Ann sin ar ngairm áoin do na caiptíniḃ ċuige do Ṗól, a duḃairt sé, Beir an tógánaċsa leaċd ċum an úaċdaráin: óir atá ní aige ré a innisin dó. 18Agus rug an caiptín an tógánaċ leis, ċum a núaċdaráin, agus a duḃairt sé, Do ġoir an príosúnaċ Pól ċuige mé, agus díarr sé orum an tógánaċ so agá ḃfuil ní do inneósaḋ sé ḋuit, do ṫaḃairt ċugad. 19Agus ar mbreiṫ ar láiṁ a nógánaiġ don núaċdarán, rug sé leis a leaṫtáoiḃ é, agus dfíafruiġ sé ḋe, Créud atá agad ré a innisin daṁsa? 20Agus a duḃairt an tógánaċ, Do rinneadar na Iúduiġe do ċoiṁairle a íarraiḋ ortsa Pól do ṫaḃuirt amċ a máraċ ċum an ċoiṁṫionóil, mar do ḃeidís ar tí a ċéasduġa níos géire. 21Uime sin na taḃuirsi áonta ḋóiḃ: oír atá ós cionn dá ḟiċead fear ḋíoḃ a luiġeaċán air noċ ṫug a mionna, naċ íosaidís agus naċ ióḃaidís nó go marḃaídís é: agus atáid síad ullaṁ a nois, ag feiṫeaṁ réd ġeallaḋsa. 22Agus do léig an túaċdarán an tógánaċ úaḋ, ar na áiṫne ḋe, Gan a ḟios do ṫaḃairt do ḋuine ar biṫ gur ḟóillaiġ sé na neiṫesi ḋó féin.
23Agus do goir sé ḋá ċaiptín airiġe ċuige, agus a duḃairt sé, Ullṁuiġiḋ ḋá ċéud saiġdiúir raċas go Séasarea, agus deíċneaḃar agus trí fiċid marcaċ, agus da ċéud do luċd gaéṫe, ón trés úair do noiḋċe amaċ; 24Agus mar an gcéudna ullṁuiġiḋ eaċruiḋ iomċórus Pól slán, ċum an árdúaċdaráin Félics:
25Agus do sgríoḃ sé litir an sa ḃfoirmse: 26Beaṫa agus sláinte ó Ċlaudius Lísias ċum a nárdúaċdaráin ro oiḋeirc Félics. 27An tan do ḃí an fearso tar éis a ġaḃála ag na Iúduiġiḃ, agus íad iar tí a ṁarḃṫa: ṫáinig misi orrṫa le slúaġ, agus an tan fúair mé sgéula gur Róṁánaċ é, do ḃeanus díoḃ é. 28Agus mar ḃí a ḟonn orum fios sgéul dfaġáil créd é an taḋḃar far éiliġeadar é, tug mé amaċ ċum a gcoṁairlesean é: 29Do ṫuig mé gur fá ċeasduiḃ a dtimċeall a ndliġiḋ féin do héiliuġaḋ é, agus náċ raiḃ coir ḃáis na ḃraiġdeanuis ar biṫ air. 30Agus an tráṫ do hinniseaḋ ḋaṁsa gur ṁián ris na Iúduiġiḃ luiġeaċán do ċur air, do ċuir mé ar an mball ċugadsa é, agus a duḃairt mé fós ré luċd a éiliġṫe gaċ áḋḃar dá mbeiṫ aca air a ċur na leiṫ ad ḟíaḋnuisisi. Slan riot.
31Uime sin do réir mar do háiṫniġeaḋ do na saiġdiúiriḃ; rugadar Pól leó, ann sa noiḋċe go Hantipatris. 32Agus lá ar na ṁáraċ do léigeadar do ṁarcṡlúaġ dul leisean, agus dfilleadar féin don ċaisléun: 33Agus, a núair rangadar go Séasáréa, agus tugadar an litir do núaċdarán, do ċuireadar Pól na ṡeasaṁ na ḟiaḋnuisi. 34Agus tar éis a léiġṫe do nuaċdarán, agus a ḟiáfruiġe ḋesan gá tír ḋó. Agus ar naiṫniuġaḋ gur ab ó Ċilíċia é; 35A duḃairt sé, Eisdfiḋ mé riot, an tan ṫiocfuid luċd ṫéiliġṫe mar an gcéudna. Agus do áiṫin sé eisean do ċoiṁéud a gcúirt Ióruáiġ.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 23: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in