II Ttessalonicanaċ 2
2
Caibidil II
Tairrġir a ttáoḃ 3 ṫosaċ, 4 ḟás, 8 agus scrios an aintiċriosd.
1Agus íarrmuid daṫċuinġe oruiḃ, a ḋearḃraiṫe, tré ṫeaċd ar Dtiġearna Iósa Críosd, agus ar gcoṁċruinniġne ċuigesion, 2Gan ḃeiṫ ḋíḃ go hobann soḃogṫa ó ninntinn atá aguiḃ, ná ḃeiṫ buáiḋearṫa, ó sbioruid, ná ó ḃréiṫir, ná ó litir, mar do ṫiucfaḋ sí uainne, aṁuil do ḃíaḋ lá Ċríosd do láṫair. 3Ná meallaḋ éunduine síḃ ar ġléus ar biṫ: óir ni ṫuicfa an lá sin muna dtiucfaiḋ tréigean ar tús, agus go ḃfoillseoċar an duine peacṫaċ, mac an damnuiġe; 4An náṁuid do áirduiġeas é féin ós cionn gaċ neiṫe dá ngoirṫear Día, nó do niṫear onóruiġeaḋ; ionnas go súiġfe sé mar Ḋía a dteampoll Dé, ḋá ċur a gcéill gur Día é féin. 5A né naċ cuṁuin liḃ, ar mbeiṫ ḋaṁ fós ḃur ḃfoċair, go nduḃairt mé na neíṫese riḃ? 6Agus a nois atá a ḟios aguiḃ créud is toirmeasg ann ċum a ḟoillsiġṫe ann a ám féin. 7Oír atá rúindíaṁair na neiṁḋíaġaċda ag oibriuġaḋ ċeana: aṁáin an tí ṫoirmisgeas a nois cuirfiḋ sé toirmeasg, nó go dtógaiḃṫear as lár é. 8Agus foillséoċṫar an tan sin an duine Neaṁḋíaġaḋsin, noċ ċlaóifeas an Tíġearna ré Sbiorad a ḃéil, agus sgriosfus sé ré déallraḋ a ṫeaċd: 9Eaḋon an tí, aga ḃfuil a ṫeaċd ó oibriuġaḋ Ṡatáin maille ris a nuile ċúṁaċd agus ré cóṁarrṫuiḃ agus ré hiongantuiḃ bréige, 10Agus maille ris a nuile ṁealltóireaċd eugcóruiḋ a measg na druinge ṫeid a múġa; do ḃríġ ná ġaḃadar gráḋ na fírinne ċuca, ċum a slánaiġṫe. 11Agus air a naḋḃarsa cuirfe Día ċuca oibriuġaḋ bríoġṁar séaċráin, ionnus go cereidfidís an ḃréug: 12Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar ċreid a nfírinne, aċd agá raiḃ a ndúil a néugcóir.
13Giḋeaḋ atá dfiaċuiḃ oruinne buiḋeaċas do ḃreiṫ do ṡíor ré Dí ar ḃur sonsa, atá gráḋuiġṫe ón Dtíġearna, ar a naḋḃar gur ṫoġ Día siḃ ó ṫosuiġ ċum slánaiġṫe tré náomṫaċd na Spioruiḋe agus tré ċreideaṁ na fírinne: 14Ċum ar ġoir sé síḃ tré ar soisgélne, ċum gnoġuiġe ġlóire ar Dtíġearna Iósa Críosd. 15Uime sin, a ḋearḃráiṫre, seasuiḋ go daingean, agus congṁuíḋ na toirḃearta fúaraḃair, noċ do múineaḋ ḋíḃ, tré ḃreiṫir, nó tré ar neipisdilne. 16Agus gó dtuguiḋ an Tíġearna féin Iósa Críosd, agus Día, eaḋon ar Naṫair, noċ do ġráḋuiġ sinn, agus tug ḋúinn coṁḟurtaċd síorruiḋe agus muiniġin ṁaiṫ tré ġrás, 17Furtaċd do ḃur gcroiḋṫiḃ, agus go ndaingniḋe sé siḃ sa nuile ḃréiṫir agus ḋeaġobair.
Currently Selected:
II Ttessalonicanaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.