II Ccorintiánaċ 6
6
Caibidil VI
Go ḃfuil buille na bfiréin ag meuduġaḋ an suḃailce agus a nionnracus; 14 agus go gcaidriġ Día ag an ḟear ṡeaċnas cumann ḋaoine gan ċreideaṁ.
1Agus ar mbeiṫ ḋúinne, ag cungnaṁ rision, íarrmuid fós daṫċuinġe oruiḃ gan ġrás Dé do ġaḃail ċuguiḃ do díoṁaóin. 2(Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomċuḃaiḋ, agus a ló an tslánaiġṫe tug mé caḃair ḋuit: féuċ, a nois an tam iomċuḃaiḋ; féuċ, a nois lá an tslánaiġṫe.) 3Ní ṫaḃramaoid aḋḃar ar biṫ oilḃéime uáinn a néinní, deagla go mbeiṫ an ṁiniosdrálaċd dá diomolaḋ: 4Aċd do nímid sinn féin ionṁolta sa nuile ní mar ṁinisdriḃ Dé, ré foiġid ḟada, a mbuáiḋearṫuiḃ, a raiċdanus, a naṁgar. 5A mbuilliḋiḃ, a bpriosúnuiḃ, a ndíbirt ó áit go háit, a sáoṫar, a ḃfaire, a dtroisgiḃ; 6A ngeanmnuiḋeaċd, a néolus, a niomċar ḟada, a macántas, máille ris an Sbiorad Náoṁ, máille ré gráḋ neaṁḟallsa, 7Maille ré bréíṫir na fírinne, maille ré cúṁaċd Dé, maille ré harmuiḃ fíréuntaċda air ar láiṁ ḋeis agus ċlé, 8Tré onóir agus easonóir, tré ḋroċṫeisd agus ḋeaġṫeisd: mar ṁealltóiriġ, agus íad fírinneaċ; 9Mar ḋruing naċ aiṫeantar, agus déġaiṫeanta; mar ag faġáil ḃáis, agus, féuċ, atámuid béo; mar smaċduiġṫe, agus gan a marḃaḋ; 10Mar ag déunaṁ doilġeasa, aċd do ġnáṫ ag déunaṁ gáirdeaċais; mar ḃoċda, giḋeaḋ do ní morán saiḋḃir; mar ḋaóniḃ gan ní air biṫ aca, giḋeaḋ do ṡealḃuiġeas na huile neiṫe.
11O a Ċorinṫiánaċa, atá ar mbéulne osguilte ċuguiḃse, atá ar gcroiḋe ar na ḋéunaṁ fairsing. 12Ní ḃfuiltí ionnuinne dá ḃur gcongṁáil a gcúṁgaċ, aċd atá siḃ cúṁang ann ḃur ninniḃ féin. 13Aċd dfáġail an ċúitiġ ċéudna, (laḃruim aṁuil rém ċloinn,) biġiḋse fairsing mar an gcéudna.
14Ná hiomċruiḋ cuing ṁioċoṁṫrom a ḃfoċair ḋaóineaḋ gan ċreideaṁ: oír créd é caidreaḃ na fíréuntaċda ré neaṁḟiréuntaċd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorċadas? 15No ciommus ṫig Críosd agus an diaḃal ré ċéile? nó créd í cuid an tí ċreideas don tí naċ ccreideann? 16Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa. 17Uime sin taguiḋ amaċ as a lár, agus dealuiġe ríu, a deir an Tiġearna, agus ná bíoḋ buáin aguiḃ ré ní neaṁġlan; agus géuḃuiḋ misi ċugam siḃ, 18Agus biáiḋ mé aguiḃ um Aṫair, agus biáiḋ siḃse ḃar gcloinn ṁac agus inġean agumsa, a deir Tiġearna na Nuileċúṁaċd.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 6: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.