II Ccorintiánaċ 13
13
Caibidil XIII
Bagra na gér-slaite ar ḋáóiniḃ dosmaċduiġe.
1Ag so an treas uáir ḋaṁ ag teaċd ċuguiḃ. A mbéul ḋeisi no trír fínné biáiḋ gaċ uile ḃríaṫar ar bun. 2Do réuṁráiḋ mé, agus réúṁráiḋim, an dara huair, aṁuil as do ḃéinn ḃur láṫáir; agus ar mbeiṫ ḋaṁ as ḃir laṫair sgríoḃuim a nois ċum na druinge do ṗeacuiḋ roiṁe so, agus ċum na coda eile uile, dá dtigiḋ mé a rís, ní ċoigeólad siḃ: 3O atá siḃ ag íarruiġ dearḃaḋ ar Ċríosd laḃrus ionnam, noċ da ḃur dtáoḃsa naċ ḃfuil éugcruáiḋ, aċd atá cúṁaċdaċ ionnuiḃ. 4Oír bíoḋ gur céusaḋ é tré éugcrúas, mairiḋ sé fós tré ċuṁaċd Dé. Oír atámuidne fós éugcruáiḋ maille rision, giḋeaḋ bíam beó maille ris tré ċúṁaċd Dé ḃur dtáoḃsa. 5Feuċuiḋ siḃ féin, an ḃfuil siḃ sa gcreideaṁ; cúartuiġe siḃ féin. A né naċ feasaċ siḃ oruiḃ féín, go ḃfuil Iósa Criosd ionnuiḃ, aċd muna dáoine éidearḃṫa siḃ. 6Aċd atá súil agum go mbiáiḋ a ḟios aguiḃ naċ dáoine éidearḃṫa sinne. 7Agus íarruim daṫċuinġe ar Ḋía gan siḃse do ḋéanaṁ uile ar biṫ; ní ċum go measfuiḋe sinne do ḃeiṫ dearḃṫa, aċd ċum siḃse do ḋéunaṁ neiṫe iomċuḃaiḋ, bíoḋ go mbeimísne éidearḃṫa. 8Oír ní féidir linn ní ar biṫ do ḋéanaṁ a náḋuiġ na firinne, aċd ar son na fírinne. 9Oír bí lúaṫġáir oruinn, an tan ḃímid féin éugcruáiḋ, agus siḃse láidir: agus íarrmuid so daṫċuinġe ar Ḋía mar an gcéudna, eaḋon siḃse do ḃeiṫ doingṁálta. 10As uime sin sgrioḃuim na neiṫe so ar mbeiṫ ḋaṁ as ḃur láṫair, deagla mo ḃeiṫ borb ar mbeiṫ a laṫair ḋaṁ, do réir na gcúṁaċd tug an Tíġearna ḋaṁ ċum follamnuiġṫe, agus ní ċum sgriosda.
11An cuid eile ḋe, a ḋearḃráiṫreaċa, bioḋ gáirdeaċas oruiḃ. Biġiḋ diongṁálta, bíoḋ deaġṁeisneaċ aguiḃ, bíġiḋ déininntinn, leanuiḋ don tsíoṫċáin; agus biáiḋ Día an ġraḋa agus na sioṫċána maille riḃ. 12Teannuiḋ féin ré ċéile maille ré póig náoṁṫa. 13Cuirid na náoiṁ uile a mbeannaċd ċuguiḃ. 14Grása an Tiġearna Iósa Críosd, agus gráḋ Dé, agus cumann an Sbioruid Náoiṁ, maille riḃ uile. Amén.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 13: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.