II Ccorintiánaċ 12
12
Caibidil XII
Gur tarḃoiġe cail ṫríobloid, no tréunġlóir, sa ḃeaṫaiḋse.
1Go deiṁin ní hiomċuḃaiḋ ḋáṁsa mórḋáil do ḋéanaṁ. Oir tiucfuiḋ mé ċum taiḃreaḋ agus taisbéunaḋ an Tiġearna. 2As aiṫniḋ ḋaṁ neaċ a Gcríosd ós cionn ċeiṫre mblíaḋan déug ó ṡin, (más ann sa gcoluinn, ní eadar; nó as an gcoluinn, ní eadar: atá a ḟios ag Día;) noċ do fúaduiġeaḋ súas gus an treas neaṁ. 3Agus as aiṫniḋ ḋaṁ a leiṫid sin do neaċ, (más ann sa gcoluinn, no as an gcoluinn, ní eadar mé: atá a ḟios ag Día;) 4Gur fuáduiġeaḋ é go párrṫas, agus go gcúaluiḋ bríaṫra rúindiaṁraċa naċ cóir do ḋuine laḃairt. 5Do ḋéun morḋáil as a ṡaṁuil sin do neaċ: giḋeaḋ ní ḋéun mórḋáil asam féin, muna ḋearnad é as méugcrúasuiḃ. 6Oír dá raiḃ na ṁían oram mórḋáil do ḋéunaṁ, ní ḃiáiḋ mé neiṁ-ċéilliḋe; óir déura mé a nfírinne: giḋeaḋ atáim ag comgṁail oram féin, deagla éunduine dom ṁeas ṫar mar do ċí sé mé, nó mar do ċluin sé uáim. 7Agus deagla áirde inntinne dom ḃreiṫ tar ṁóḋ tré iomad sgéiṁe na dtaisbéuntaḋ, fuáir mé sgolb ann mfeóil, áingeal Ṡátáin ċum gaḃála do ḋornuiḃ oram, deagla áirde inntinne dom ḃreiṫ tar ṁóḋ. 8Dá ṫáoḃ so do ċuir mé impiḋe ar an Dtiġearna fo ṫrí, fá na ḋul uáim. 9Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam. 10Uime sin bí sáiṁe oram a néugcruasuiḃ, a nimḋeargṫuiḃ, a ríaċdanusuiḃ, a ngérleanṁanuiḃ, a naṁġaruiḃ ar son Ċríosd: óir a núair ḃím lag, bím láidir an tan sin.
11Atáim míċeilliḋe ré déunaṁ mórḋála; is siḃse do ċóiṁéigniḋ mé: oír bá cóir ḋaṁ mo ṁolaḋ uáiḃse: óir ní raiḃ mé a gcáil ar biṫ fáoi an luċd dob áirde do na habsdaluiḃ, bíoḋ naċ ḃfuil éifeaċd ionnam. 12Go deiṁin do hoibriġeaḋ cóṁarṫaiġ absduil eadruiḃse maille ris a nuile ḟoiġid, a gcóṁarṫuiḃ, agus a niongantasuiḃ, agus a gcúṁaċduiḃ. 13Oír créud í an ċáil a raḃaḃair fáoi eagluisiḃ eile, muna bé nár léig misi mo ṫrom oruiḃ? tuguiḋ maiṫeaṁnas daṁ sa néugcóirse. 14Féuċ, is ullaṁ a nois mé an treas uáir ċum teaċd ċuguiḃ; agus fós ní ċuirfe me mó ṫrom oruiḃ: óir ní hí ḃur máoin íarruim, aċd siḃ féin: oír ní hair an gcloinn ata dfíaċuiḃ ionnṁus do ċruinniuġaḋ fá ċóṁair na naiṫreaċ, aċd ar an haiṫriḃ fá ċóṁair na cloinne. 15Agus buḋ ró ṁían leamsa caiṫeaṁ riḃsi; agus mé féin fós do ṫaḃairt ar son ḃur nanmann: bíoḋ ḋá ṁéud ġráiḋiġim siḃ, gur lúġaide ḃur ngráḋ ḋaṁ é. 16Aċd bíoḋ, nár ċuir mé muiriġin oruiḃ, giḋeaḋ, ar mbeiṫ ḋaṁ glic, do ġaḃ mé siḃ rém ġliocas. 17A ndearna mé éudáil oruiḃ a dtáóiḃ éunduine ḋár ċuir mé ċuguiḃ? 18Do íarr mé daṫċuinge ar Ṫítus, agus do ċuir mé dearḃráṫair maille ris. A ndearnuiḋ Títus eadáil oruiḃ a ní ar biṫ? a né naċ a náon spioruid aṁáin do ṡiuḃlamar? a né naċ éunlorg aṁáin do leanamar?
19An sáoiltí a rís, go ḃfuilmíd ag gáḃáil ar léisgéil riḃ? as a ḃfíaḋnuisi Dé laḃramáoid a Gcríosd: aċd an tiomlán, a ċáirde, ċum ḃur ḃfollamnuiġṫese. 20Oír as eaguil leam, ar dteaċd daṁ, naċ ḃfuiġe mé siḃ mar as mian riom, agus náċ ḃfuiġe siḃse mísi mar is mían riḃ: agus go mbiáiḋ imreasuin, tnúṫ, fearg, consbóid, íṫiomraḋ, siusarnaċ, líonaḋ droċṁéine, agus ceannarruiceadruiḃ: 21Deagla, ar dteaċd a ris ċuguiḃ ḋaṁ, go nísleóċuiḋ mo Ḋía me eadruiḃ, agus go gcáoinfe mé morán don druing do ṗeacuiḋ ċeana, agus naċ dearna aiṫriġe sa neaṁġloine agus sa sdríopṫaċas agus sa mionáire do rinneadar.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 12: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.