I Ttessalonicanaċ 4
4
Caibidil IV
Iarrfa séorra, 11 a ngnoṫuiġe fein do ḋeanaṁ, 13 agus gan na marḃ do re-ċaóineaḋ.
1Tuilleaḋ eile a ḋearḃráiṫre, cuirmíd dimpiḋe agus daṫċuinge oruiḃ, trés an Dtíġearna Iósa, siḃ ṫeaċd ar ḃur náġuiḋ ní sa ṁó ná ċéile, do réir mar fúaraḃair uáinne an gléus air ar coir ḋaoiḃ síuḃal, agus toil Dé do ḋéunaṁ. 2Oír atá a ḟios aguiḃ créd íad na haiṫeanta ṫugamar ḋaóiḃ trés an Dtíġearna Iósa.
3Oír a sí so toil Dé, siḃse do ḃeiṫ náomṫa, ionnus go seaċnoċaḋ siḃ sdríopaċus: 4Agus fios do ḃeiṫ ag gaċ áon aguiḃ ar a ṡoiṫeaċ féin do ċongṁáil a náomṫaċd agus a nonóir; 5Agus ní a ḃfonn ainṁíanaċ, aṁail do níd na Cineaḋaċa, ag naċ ḃfuil éolas Dé: 6Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi. 7Oír ní ċum neaṁġloine do ġoir Día sinn, aċd ċum náoṁṫaċda. 8Ar a naḋḃarsin an tí ċuireas a neaṁṡuin na neiṫesi, ní a nduine atá neaṁṡúim aige, aċd a Ndía, noċ fós tug ḋúinne a Sbiorad náoṁṫa féin.
9Aċd a dtáoḃ ġráḋ ḃráiṫreaṁuil ní ḃfuil siḃse a riaċdanas sgríoḃaḋ ċuguiḃ: óir do teaguisgeaḋ siḃ ó Ḋía, ċum a ċéile do gráḋuġaḋ. 10Agus fós do níṫí an ní céudna do na huile ḋearḃraíṫriḃ ar feaḋ na Macedónia uile: giḋeaḋ íarrmuid daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫre, teaċd ar ḃur náġuiḋ ní sa ṁó na ċéile; 11Agus ḃur ndiṫċioll do ḋéunaṁ ré ḃeiṫ ciúin, agus re ḃur ngnoṫuiġiḃ féin do ḋéunaṁ, agus ré sáoṫruġaḋ ḋíḃ ré ḃur láṁuiḃ féin, do réir na naiṫeantaḋ ṫugamairne ḋíḃ; 12Ċum siḃ féin diomċar go cuḃaiḋ a dtáoḃ na druinge atá don táoḃ amuiṫ, agus ionnus náċ bíaḋ uireasḃuiḋ éinneiṫe oruiḃ.
13Agus a ḋearḃráiṫre, ní hail leam ainḃfios do ḃeiṫ oruiḃ, a dtáoḃ na muinntire atá na gcodlaḋ, ionnas naċ déunaḋ siḃ doilġeas, mar an drung ag náċ ḃfuil muiniġin. 14Oír má ċréidmíd go ḃfuáir Iósa bás agus gur eidéirġe sé, as aṁluiḋ sin fós ḃéuras Día an drung ċodlus a Níosa ma ráon is. 15Oir a deirmíd so ríḃ a mbréiṫir an Tíġearna, naċ raċmuidne an luċ atá beó, do fáigeaḋ go teaċd an Tiġéarna roiṁ an luċd atá na gcodlaḋ. 16Oír tiucfuiḋ an Tíġearna féin a núas ó neaṁ maile ré gáir, ré gúṫ a narċaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóċuid na mairḃ a Gcríosd ar tús: 17Na ḋíaiġ sin inne ḟúigfiġear béon, fuáidéoċar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluiḃ, ċum teagṁála don Tíġearna sa naíeur: agus mar sin bíam go síorruiḋe a ḃfoċair an Tíġearna. 18Uime sin tuguiḋ furtaċ ḋá ċéile ris na bríaṫruiḃse.
Currently Selected:
I Ttessalonicanaċ 4: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: