YouVersion Logo
Search Icon

I Ttessalonicanaċ 1

1
Caibidil I
Ata díṫċeall na Dtessalonicanaċ, 6 ioná scaṫan do na huile Ċriosduiġiḃ.
1Pol, agus Silḃánus, agus Timotéus, ċum eagluise na Dtessalónicanaċ a Ndía Aṫar, agus sa Dtíġearna Iósa Críosd: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtíġearna Iósa Críosd.
2Beirmíd buiḋeaċas ré Día do ṡíor ar ḃur sonsa uile, dá ḃur gcoiṁniuġaḋ ann ar núrnuiġiḃ; 3Gan sgur dá ḃeiṫ ag coiṁniuġaḋ ḃur nobair creidiṁ, agus sáoṫar carrṫannaċda, agus foíġide ḃur ṁuiniġne ann ar Dtíġearna Iósa Críosd, a bfíaḋnuisi Dé éaḋon ar Naṫair: 4Ar mbeiṫ fios ḃur ndoġasa aguinn, a ḋearḃráiṫre, as ionṁuin ré Día. 5Oír ní a mbréiṫir aṁáin do ḃí an soisgéul do rinneamar a ṡeanmóir ḋaóiḃse, aċd sa Sbiorad Náoṁ, agus a láindearḃṫaċd; do réir mar as aiṫniġ ḋíḃ an gléus ann a raḃamar ḃur measg ar ḃur sonsa. 6Agus do rinneaḋ luċd leanṁana ḋúinne, agus don Tíġearna ḋíḃ, ar ngaḃáil na breiṫre ċuguiḃ a mbuáiḋirt ṁóir, maille ré gairdeaċas an Sbiorad Naóiṁ: 7Ionnas go raḃaḃair ḃur neisiompláiriḃ don ṁéid agá ḃfuil creideaṁ a Macedónia agus a Naċaía. 8Oír do clós fuáim ḃréiṫre an Tíġearna uáiḃse amaċ, ní hé aṁáin a Macedónia agus a Naċaía, aċd do leaṫnuiḋ ḃur gcreideaṁ a Ndía sa nuile áit mar an gcéudna; ionnas naċ ḃfuil na ríaċdanas oruinne éinní laḃairt. 9Oír foillsiġid féin oruinn, cionnas do ċúaḋmar a steaċ ċuguiḃse, agus an gléus air ar ḟill siḃsé ó íoḋaluiḃ ċum Dé ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃéo ḟírinneaċ; 10Agus ċum fuireaċ ré na Ṁac ó neaṁ, noċ do ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḃ, eaḋon Iósa, ṡáorus sinne ón ḃfearg atá ċum teaċda.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in