I Ccorintiánaċ 2
2
Caibidil II
Gur fearr ṫuiġṫear Criosd ar na ċeasaḋ, le obair Spioraid Dé ar an ċróiḋe, agus lé mirḃuiliḃ; no le úrlaḃra millse.
1Uime sin, ar dteaċd daṁsa ċugaiḃ, a ḋearḃráiṫreaċa, ní ré hóraḋ-bríaṫar na re gliocas, ṫáinic me dfóillsiuġaḋ fíaḋnuise Dé ḋíḃ. 2Oír níor léig mé oram féin ḃur measgsa eólas do ḃeiṫ agum air ní ar biṫ, aċd aṁáin air Iósa Críosd, agus é fós ar na ċéusaḋ. 3Agus do ḃí mé ḃur measgsa a néugcrúas, agus a neagla, agus a gcrioṫnuġaḋ ṁór. 4Agus ní raiḃ mo ċoṁráḋ ná mo ṡeanmóir a millseaċd ḃríaṫar an ġliocais dáonna, aċd a ḃfoillsiuġaḋ ḋearḃṫaċd ċúṁaċda na Spioraide: 5Ionnus naċ bíaḋ ḃur gcreideaṁsa a ngliocas na ndáoine, aċd a gcúṁaċd Dé.
6Giḋeaḋ fós láḃramáoid go héagnuiḋe a measg na ndáoineaḋ iomlána: bíoḋ naċ do réir éagna an tsáoġailse, nó ṗrionnsaḋ an tsáoġailse, atá ag dul amúġa: 7Aċd laḃramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna ḟolaiġeaċ, noċ do orduiġ Día roiṁ an tsáoġal ċum ar nglóirinne: 8A néagna nar ḃaiṫne dáoinneaċ do ṗrionnsaiḋiḃ an tsáoġailse: óir dá maḋ aiṫne ḋóiḃ í, ní ċéusfaidís Tiġearna na glóire go bráṫ. 9Aċd do réir mar atá sgrioḃṫa, Ní ḟacaiḋ súil, agus ní ċuálaiḋ clúas, agus nír smuain croíḋe duine, na neiṫe do ullṁuiġ Día don druing ġráḋaiġeas é. 10Giḋeaḋ aċd do ḟoillsiġ Día ḋúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáiġe an Spiorad na huile neiṫe, agus fós, neiṫe doiṁne Dé. 11Oír cía hé an neaċ aga ḃfuil fios na neiṫeann is lé duine, aċd aṁáin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní ḃfuil fios na neiṫeann is ré Día ag áoinneaċ, aċd aṁáin ag Spioraid Dé. 12Giḋeaḋ ní hé spiorad an tsáoġail, do ġaḃamairne ċugainn, aċd an spiorad atá ó Ḋía; ionnus go mbíaḋ fios na neiṫeann aguinn noċ do tíoḋlaiceaḋ ḋúinn ó Ḋía. 13Noċ ḟoillsiġemid mar an gcéudna, ní a mbríaṫraiḃ ṫeaguisgeas an gliocas dáonna, aċd a mbríaṫraiḃ ṫeaguisgeas an Spiorad Náoṁ; ag coiṁċeangal na neiṫeann spioradálta ré ċéile. 14Aċd ní feas don duine nádúrṫa na neiṫe ṫig ó Spiorad Dé: óir as aiṁġliocas ris íad: agus fós ní féidir leis a ḃfios do ḃeiṫ aige, do ḃríġ gur go sbioradalta aiṫeantar iad. 15Giḋeaḋ is léir don duine sbioradalta na huile neiṫe, agus fós ní ḃfuil féin fa ḃreiṫ áonduine. 16Oír cía daiṫin inntinn an Tiġearna, noċ dó ḃeuraḋ teagusg ḋó? Aċd atá inntinn Ċríosd aguinne.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.